Fág acu ‘Of Mice and Men’ nó beidh siollabas an Bhéarla gach uile phioc chomh leamh le ceann na Gaeilge

Tá conspóid ann faoi ‘Of Mice and Men’ a bheith ar chúrsa scoile, ach deir foilsitheoir an leagain Ghaeilge den leabhar gur seoidín é ina bhfuil an cineáltas agus an grá in uachtar

Fág acu ‘Of Mice and Men’ nó beidh siollabas an Bhéarla gach uile phioc chomh leamh le ceann na Gaeilge

Tá ceist seo an ‘N-fhocal’ i gcuraclam an Teastais Shóisearaigh ardaithe arís agus amhras caite ar fhiúntas leabhair atá ar an gcúrsa faoi láthair Of Mice and Men (Ar Luch agus ar Dhuine) le John Steinbeck.

Aithnítear Ar Luch agus ar Dhuine ar mhórchlasaicí na litríochta, agus ní hiontas sin. Úrscéilín gearr é agus tá sé ar na trí leabhar sin le Steinbeck a thugann léargas dúinn ar an Spealadh Mór i Meiriceá. Ba go gairid i ndiaidh a scríofa a aithníodh mar shaothar ardlitríochta é, aitheantas nár imigh i léig le himeacht aimsire. Tá an leabhar aistrithe go teangacha an Domhain Mhóir, an Ghaeilge ina measc.

Agus mura ndéana an chonspóid ach an tseoidín seo a chur faoi bhráid léitheoirí arís, ní drochrud amach is amach é.

I gCalifornia i dtríochaidí na haoise seo caite a shuitear an scéal. Beirt spailpíní atá ag streachailt leis an saol atá sa dá phríomhcharachtar, George agus Lenny. Cé gur fathach mór láidir Lenny, tá sé ar chiall an pháiste, agus bíonn George, dá bharr sin, ag tabhairt aire dó. In ainneoin neart an fhir mhóir, tá sé leochaileach agus tarraingíonn sé trioblóid air féin — agus go deimhin ar an mbeirt acu.

Léiriú álainn atá i gcairdeas George le Lenny ar an gcomhbhá idir daoine. Agus cé go bhfuil Lenny ag brath go mór ar George, ar bhealach eile tá George ag brath ar Lenny mar, cosúil leis na spailpíní eile sa scéal seo, tá George uaigneach.

Ach tá fís ag an mbeirt, ba bhreá leo teachín agus geadán beag talún dá gcuid féin. Agus cé a déarfadh gur fís mhíréasúnach í an ‘Fhís Mheiriceánach’ seo? Ní rainse ná pálás atá uathu ach tearmann bheag ó chruatan an tsaoil, áit, braithimid, a mbeadh Lenny sábháilte agus ina bhféadfadh an bheirt acu slí bhocht mhaireachtála a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar an tseanaois faoi dhínit.

Ach níl tada réasúnach faoin saol ina mairimid, mar a léiríonn Steinbeck, agus tugann sé léiriú sa leabhar seo dúinn ar shaol ina bhfuil an lámh in uachtar ag maistíní a thagann i dtír ar leochaileacht a gcomhdhaoine, agus ar an uaigneas a bhíonn mar thoradh ar an gcruálacht agus ar an mbulaíocht. Ach cé go bhfuil cruálacht agus bulaíocht sa scéal, uaigneas agus ciníochas, is é an cineáltas agus an grá atá in uachtar.

Ach mar a deirim, is seoidín atá sa leabhar seo, leabhairín beag sé chaibidil ar fhad, í fuinte, fáiscthe mar a bheadh dea-dhráma ann. Agus mar a bhíonn sa dea-ealaín, ní leasc le Steinbeck rith ar an tanaí, óir ina chur síos ar an gciníochas labhraítear leis an gcarachtar Crooks sa scéal mar a labhraíodh an ciníoch leis an bhfear gorm (agus sin í an fhadhb atá ag an Teachta Dála Aodhán Ó Ríordáin agus ag daoine eile leis an leabhar).

Dar ndóigh, tá rogha le déanamh ag lucht an oideachais ach ní bhraithim gurb í an ealaín ná an ardlitríocht an chloch is mó ar an bpaidrín acu, agus faoi mar atá cúrsaí sa lá atá inniu ann, ní bhraithim go dtiocfaidh an tseoid seo slán ó ‘Spealadh Mór’ seo lucht na ceartaiseachta polaitiúla, agus is rídhócha go roghnófar leabhar níos ‘comhaimseartha’ agus níos ‘ábharaí’ chun bearna na léitheoireachta a líonadh (leabhar, seans, nach mbeidh an dúch féin triomaithe uirthi), agus nach fada eile go mbeidh siollabas meánscoile an Bhéarla gach uile phioc chomh leamh le siollabas na Gaeilge. Dar ndóigh, ní leatrom ar an litríocht é sin ach leatrom ar an nglúin óg.

– Tá Darach Ó Scolaí ina stiúrthóir ar an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac, a d’fhoilsigh Ar Luch agus ar Dhuine le déanaí, aistriúchán le Colmcille Ó Monacháin ar shaothar John Steinbeck

Fág freagra ar 'Fág acu ‘Of Mice and Men’ nó beidh siollabas an Bhéarla gach uile phioc chomh leamh le ceann na Gaeilge'