Fadscannáin Ghaeilge agus sraith faisnéise faoin nGaeltacht i measc na saothar nua i sceideal an fhómhair TG4

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont go bhfuil ‘mianta’ lucht féachana TG4 i gcroílár an sceidil nua agus gheall sé ‘cláir dhúchasacha, spreagúla, chomhaimseartha’ 

Fadscannáin Ghaeilge agus sraith faisnéise faoin nGaeltacht i measc na saothar nua i sceideal an fhómhair TG4

Eibhlín Ní Conghaile láithreoir 'Gaeltacht 2020'

Tá na chéad fhadscannáin Ghaeilge a rinneadh faoin scéim ‘Cine 4’ agus sraith nua faoi chás na Gaeltachta i measc na saothar i sceideal fómhair TG4 a sheolfar i gCorcaigh inniu.

Finky agus Arracht an chéad dá scannán atá le craoladh ar an stáisiún mar chuid den scéim de chuid TG4, Bord Scannán na hÉireann agus an BAI a bhfuil fúithi dhá fhadscannán Gaeilge a sholáthar in aghaidh na bliana.

I measc na gclár nua i sceideal an fhómhair, tá an tsraith Gaeltacht 2020 a ghealltar a dhéanfaidh scagadh “ar na nithe is mó atá ag déanamh tinnis” do phobal na Gaeltachta agus Seoda Bhailiúchán na Scol ina rachaidh seachtar aitheanta ag póirseáil i mBailiúchán na Scol, an bailiúchán béaloidis atá bunaithe ar agallaimh le daltaí scoile a rinneadh sna 1930idí.

Sa chlár Uchtú – Evanne Ní Chuilinn déanfaidh an láithreoir spóirt aitheanta de chuid RTÉ scéal an uchtaithe in Éirinn a chíoradh agus caithfear súil i Saol an Mhadra Bháin ar obair na madraí treorach.. 

Ar Gaeil Bhoston tabharfaidh an t-iriseoir de chuid Nuacht TG4 Seán Mac an tSíthigh cuairt ar na Gaeil atá ag cur fúthu sa chathair sin.

Inseoidh Máthair Trump – The President’s Mother scéal Mary MacLeod, máthair Donald Trump, arbh chainteoir dúchais Gaeilge as Inse Ghall na hAlban í.

Sa tsraith Creative Company, déanfar iarracht teacht ar ‘an ionad oibre is cruthaithí in Éirinn’.

Ar na cláir a bheidh ag filleadh arís i mbliana tá Finné, Tabú, Underdogs, Hector, Turas Bóthair, Bailte agus Bádóirí.

Is iad na hiar-imreoirí peile agus iomána a bheidh faoi chaibidil sa tsraith nua de Laochra Gael ná Alan Brogan, Diarmuid Lyng, Iggy Clarke, Brenda McAnespie, David Brady agus Kieran Donaghy.

I measc na gclár ceoil a bheidh le feiceáil an fómhar seo tá Tradfest TG4, Sé Mo Laoch agus Glór Tíre.

Ar na cláir nua do pháistí óga a bheidh le feiceáil tá An Siopa Ealaíne, Lá le Mamó, Lá le Daideo, Is Mise agus Ár Scéal.

Sraith eile do pháistí é Mo Shaol do Shaol ina dtógfaidh beirt áit a chéile ar feadh lá amháin. 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont go raibh “mianta” lucht féachana TG4 i gcroí lár an sceidil nua agus gheall sé “cláir dhúchasacha, spreagúla, chomhaimseartha”. 

“Tuigeann muid freisin an ról atá ag craoltóir seirbhíse poiblí maidir le tallann nua Éireannach a spreagadh ar an scáileán agus taobh thiar den scáileán, agus maidir le comhlachtaí láidre domhanda a fhorbairt a léiríonn cláir den chéad scoth.  

“Aithnítear TG4 mar an fórsa is tábhachtaí i bhforbairt na hearnála closamhairc taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath/Cill Mhantáin agus tá áthas orainn go bhfuil sceideal Fómhair TG4 á sheoladh den chéad uair riamh go náisiúnta as Corcaigh,”  arsa Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont.

Fág freagra ar 'Fadscannáin Ghaeilge agus sraith faisnéise faoin nGaeltacht i measc na saothar nua i sceideal an fhómhair TG4'