Fadó, fadó, i réaltra i bhfad i gcéin, i bhfad ó Bhéal Feirste…

11 bliain d’aois a bhí ár gcolúnaí nuair a thosaigh aistear ‘Star Wars’. Tá sé 51 bliain d’aois anois agus é ag leanstan leis an turas – ar eagla go mbeadh an fórsa leis uair amháin eile

Fadó, fadó, i réaltra i bhfad i gcéin, i bhfad ó Bhéal Feirste…

Fadó, fadó, i réaltra i bhfad i gcéin… Ó fan, ní hea ach i mBéal Feirste sa bhliain 1977 a tharla an méid seo. Bhí mé ann ag an tús; chonaic mé an chéad Star Wars, an fíor-Star Wars, chan an stuif atéite a chuir George Lucas agus Disney romhainn i ndiaidh na chéad trí eagrán bhunaidh.

Sa Curzon i mBéal Feirste a chonaic mé é, pictiúrlann nach ann di níos mó. M’athair a thóg ann mé, ar oíche scoile, carbhat air mar go raibh sé ag dul amach agus gurbh é sin an nós a bhí aige. Níl a fhios agam cad chuige a raibh mé ag iarraidh dul ann. Cad é mar a chuala mé faoin scannán seo sna laethanta roimh an idirlíon? Cá bhfios? Ach chráigh mé é agus ghéill sé sa deireadh agus bhí ann ag an tús, an chéad Star Wars, an fíor-Star Wars.

Bhí mé ann fosta don dara heagrán agus don tríú heagrán – The Empire Strikes Back (1980) agus Return of the Jedi (1983). Bhain mé sult astu. Níor bhain siad le Béal Feirste agus le foréigean ar na sráideanna. Cartúin a bhí iontu, gan amhras, ach cartúin a thug faoiseamh duit, a spreag an tsamhlaíocht. Bhí tú i bhfad i gcéin, i bhfad ó Bhéal Feirste… agus ba mhaith sin.

Faraor, tháinig athrú ar an réaltra i bhfad i gcéin. Mhill George Lucas an seánra ar fad. Mhill sé a chuid cumadóireachta féin as trí scannán gan mhaith a chur ar fáil ag deireadh na 1990í agus tús na 2000í – The Phantom Minger, Attack of the Clowns agus Revenge of the Shit. ‘Réamhscannáin’ a bhí iontu, mar dhea, ach scannáin nár chuir leis an draíocht ná leis an mhiotas ach a bhain de. Bíodh trua againn do Liam Neeson, Ewan McGregor, Natalie Portman gur ghlac siad páirt sna scannáin seo riamh. Chreid siad, gan amhras, go raibh siad ag fáil greim ar an Zeitgeist as an nua – go díreach mar a fuair Harrison Ford et al greim ar an Zeitgeist sna 1970/80í. Ní raibh an ceart acu. Cac-ar-snámh de scannán a bhí san uile cheann acu.

Thiocfadh liom mórán ama a chaitheamh do bhodhrú faoi laigí na dtrí ‘réamhscannán’. Ach ní dhéanfaidh. Ní raibh na trí bhunscannán gan locht, is fíor. Amharc, mar shampla, ar an dóigh mhíthrócaireach (ach greannmhar) a spochann Seth McFarlane astu in Family Guy. Brian Griffin mar Han Solo, Lois mar Princess Leia, Stewie mar Darth Vader. Stewie mar Darth Vader! Há há! Diabhlaíocht dhéanta atá ann ag McFarlane – ach diabhlaíocht a bhí bunaithe ar ghean, sílim. B’fhiú dó spochadh as na scannáin bhunaidh. Cé a chuirfeadh an trioblóid sin air spochadh as The Phantom MenaceRevenge of the Sith? Tá siad chomh holc sin gur spoch siad astu féin; tá siad spocháilte tigh an diabhail faoin am seo.

Bogadh Lucas i leataobh agus ghlac Disney seilbh ar an tsaincheadúnas – agus saincheadúnas atá ann, inneall chun airgead a mhealladh ó dhaoine. Ba iad a chuir Star Wars: The Force Awakens romhainn, athinsint, radharc ar radharc beagnach, ar an chéad Star Wars, an fíor-Star Wars a bhí le feiceáil i mBéal Feirste sa bhliain 1977. Scannán a bhí beagnach folamh ar fad ó thaobh na samhlaíochta de a bhí in The Force Awakens. Ó, cinnte, tá carachtair ‘nua’ ann ach níl siad chomh nua sin ar fad agus bhí an fiontar chomh gann sin ar smaointe nua go ndearna siad ‘pláinéad an bháis’ de Réalta an Bháis. Á, bhuel…

Ní raibh Star Wars: Rogue One ró-iontach ach an oiread ach cheannaigh mé ticéad ar eagla na heagla. Is inniu a bheidh Star Wars: The Last Jedi le feiceáil, an chaibidil is nuaí sa bhunscéal. Níl mórán dóchais agam go mbeidh maith ar bith ann ach ceannóidh mé ticéad ina ainneoin sin. Bhí mé 11 bliain d’aois nuair a thosaigh an t-aistear; tá mé 51 bliain d’aois anois. Tá sé chomh maith agam leanstan ar aghaidh leis an turas – ar eagla go mbeadh an fórsa liom uair amháin eile.

Mar a tharlaíonn sé, beidh mo mhac liom, mar a bhí mise le m’athair féin lá den tsaol. Damnú ar Disney agus a chleasanna glice margaíochta!

Fág freagra ar 'Fadó, fadó, i réaltra i bhfad i gcéin, i bhfad ó Bhéal Feirste…'

  • Roddy

    Is beag meas ná ómós atá againn ar Sceilg Mhichíl “Macchu Picchu na hÉireann” nuair a ligeann muid don ollchomlacht corparáideach Meirceánach an áit ríspeisialta fíorspioradálta sin a mhilleadh. An chéad rud eile ná sobaldráma i mBrú na Bóinne. Freisin tá radharc breá ó Shliabh na gCailleach sa Mhídhe agus cúpla uaigh agus carnán cloch ón gCréumha aois ann a dhéanfadh cúis mar bhunshraith d ‘óstáin ceithre réalt.

  • Dónall

    Ceart agat a Roddy. Rud céanna le Game of Thrones ó thuaidh.