Fadhbanna móra ag FF i gcónaí

Ní ar Mhicheál Martin féin atá an locht; ach níl an cineál binse tosaigh aige a bhuann toghcháin. Ní hamháin go mbreathnaíonn siad óg; sa chás seo, is ionann an íomhá agus an tsubstaint.

 

Pictiúr: Photocall Ireland
Pictiúr: Photocall Ireland

Deirtear go minic gur chaill Michael Noonan olltoghchán 2002 mar gheall go raibh sé maol: seanlead gan oiread agus ribe gruaige ar a chloigeann ag taisteal timpeall na tíre i gcóiste mór a baisteadh (ar ndóigh) an Baldy Bus air.

Anois, is cinnte go bhfuil an teoiric sin ag dul beagáinín beag thar fóir; ach tá cuid den fhírinne ann mar sin féin. I gcomparáid le Bertie Ahern – fear óg fuinniúil ar theastaigh bearradh gruaige laethúil uaidh – bhreathnaigh Noonan sean, tuirseach.

Fuarthas an locht céanna ar William Hague nuair a bhí sé i gceannas ar Thóraithe Shasana. Agus, ag breathnú ar mhórcheannairí domhanda dom, is beag acu a fheicim in áit ar bith nach bhfuil tom breá gruaige orthu.

Is cinnte freisin gur tábhachtaí go minic an íomhá ná an tsubstaint sa pholaitíocht. Chaill Richard Nixon toghchán na huachtarántachta do JFK in 1960, ní mar gheall ar a chuid polasaithe ach mar gheall nár bhreathnaigh sé chomh sciúrtha, bearrtha céanna ar an teilifís.

Anois, ní comharthaí sóirt na seanaoise an fhadhb atá ag Michael McGrath, urlabhraí Fhianna Fáil ar chúrsaí airgeadais, ach a mhalairt. Is fear óg fuinniúil é McGrath gan amhras. Níl sé ach 38; tá Michael Noonan 71. Breathnaíonn sé sciúrtha, bearrtha i gcónaí.

Ach, i ngeall ar a aois, tá údarás éigin ag Noonan; tá muinín ag an bpobal as. Cuireann sé bainisteoir bainc den seandéanamh i gcuimhne dom: an cineál duine nach ligfeadh síos thú agus go bhféadfá brath air in am an ghátair.

McGrath bocht, is duine cumasach é, cinnte: tá sruth breá cainte aige agus bíonn a chuid argóintí curtha le chéile go paiteanta aige, na figiúirí cuí ar bharr a ghoib aige i gcónaí.

Ach, ar bhealach éigin, ní duine údarásach é.

Go deimhin, ag breathnú air ar an teilifís, is cosúlaí é le lead óg atá díreach tar éis a Chéad Chomaoineach a dhéanamh – é feistithe amach i gculaith bhreá éadach a cheannaigh a mhamaí dó Tigh Cash – ná aire airgeadais na tíre.

Agus seo, i mo thuairimse, ceann de na fadhbanna móra atá ag Fianna Fáil – ceann de na fáthanna nár éirigh leo i gceachtar den dá fhothoghchán, ceann de na cúiseanna go raibh Sinn Féin (agus fiú Fine Gael) chun cinn orthu sa phobalbhreith is deireannaí.

Ní ar Mhicheál Martin féin atá an locht; ach níl an cineál binse tosaigh aige a bhuann toghcháin. Is iad na hurlabhraithe eile is mó a chloisimid (agus a fheicimid) ná Dara Calleary, Niall Collins, Seán Fleming agus fiú Billy Kelleher.

Ní hamháin go mbreathnaíonn siad óg; sa chás seo, is ionann an íomhá agus an tsubstaint. Níl aon taithí comhaireachta ag oiread agus duine amháin acu seo – na fir, míorúilt na míorúiltí, a bheadh i gceannas na tíre dá mbuafadh Fianna Fáil an chéad olltoghchán eile.

Is deacair, le bheith macánta, iad a thógáil dáiríre.

Mar a deirim, tuigim do Mhicheál Martin. De bhrí go bhfuil an páirtí parlaiminte atá aige chomh beag, níl mórán de rogha aige. Mar bharr ar an ndonas, níl oiread agus bean amháin aige sa Dáil; tá sé ag brath ar sheanadóirí ar nós Avril Power chun cuma an chomhionannais a chur ar an mbinse tosaigh.

Agus, ar ndóigh, tá fadhb beagnach dosháraithe eile aige: an dlúthbhaint i meon an phobail idir sheanfhundóirí an pháirtí chéanna agus an ghéarchéim gheilleagrach.

Uair ar bith a n-osclaíonn Barry Cowen a bhéal, cuimhnímid ar Brian. Uair ar bith a cháineann leithéidí Éamoinn Uí Chuív nó Willie O’Dea polasaí Rialtais, cuimhnímid ar an bhail a d’fhág siadsan ar an tír nuair a bhí siad i gceannas.

Tá an fhadhb chéanna ag Micheál Martin é féin, ar ndóigh. Níl aon amhras ach go bhfuil éacht déanta aige chun an páirtí a thógáil ón mbun aníos le trí bliana anuas – agus a thoradh sin le feiceáil sna toghcháin áitiúla an samhradh seo.

Ach ní leor sin chun olltoghchán a bhuachaint. Mar a meabhraíodh dúinn an mhí seo, ní leor sin fiú chun fothoghchán a bhuachaint, fiú i dtoghcheantar ar nós Roscomáin Liatroim Theas a d’fhan dílis d’Fhianna Fáil i gcónaí.

Mar a bhí ráite ag Fianna Fáil  féin ar a gcuid postaer i bhfeachtas 2002: ‘A lot done, a lot more still to do’.

-Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury

Fág freagra ar 'Fadhbanna móra ag FF i gcónaí'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Alt maith.Tá tart mór don “nua pholataíocht”. Níl páirtí nua ar na bacain is cosúil agus Lucinda ag moilleadóireacht agus Shane Ross ag iaraidh é féin a chur in iúl mar neamhspléachach a bhfuil cumas Áire air a bhféadfadh dul le haon dream a mbeidh cumhacht acu taréis an olltoghacháin atá ag teacht.Le heaspa páirtí nua shilím go bhfuil daoine ag tabhairt tachaíocht do SF seachas FF chun an nua poilatáiocht a chur ar aghaidh.T`ás agam go bhfuil fadhbanna ag SF go mór mór le Gearóid Mac Adamh ach mar a léirigh na léirsithe ar an Satharn is é an eachnamaíocht an cloch is mó ar phaidríní na Gael ag an tráth seo.