Fadhbanna fós ag na Ciarraígh agus na Conallaigh, deireadh ré i Muineachán agus ceachtanna eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí ceannais na gcúigí agus ar na cluichí cáilithe a imríodh sa chraobh peile ag an deireadh seachtaine

Fadhbanna fós ag na Ciarraígh agus na Conallaigh, deireadh ré i Muineachán agus ceachtanna eile

David Clifford. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Gach duine taobh thiar d’Áth Cliath fós

Níor éirigh le hÁth Cliath ach cúig phointe a scóráil sa gcéad leath i gcoinne na Mí inné, agus cé gur bhuadar, ní raibh siad gan locht i gcluiche ceannais Laighean ach tá an chuma air go bhfuil bearna shuntasach idir iad féin agus na foirne eile is fearr sa tír.

Meastar gur ag Ciarraí agus Dún na nGall is mó a bheadh seans deireadh a chur le hiarrachtaí Átha Cliath cúig chraobh uile-Éireann as a chéile a bhuachan agus cé gur bhuaigh an dá fhoireann sin an deireadh seachtaine seo, bhí fadhbanna dá gcuid féin acu.

Ba iad Dún na nGall is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine agus an ceann is fearr faighte acu ar an gCabhán i gcluiche ceannais Uladh. Bhí Dún na nGall ocht bpointe chun tosaigh ag leath ama, 0-13 in aghaidh 0-5, agus faoin am ar tháinig deireadh leis an gcluiche, bhí dháréag Conallach tar éis scóráil. Ach mar a tharla cheana i gcoinne Thír Eoghain sa chluiche leathcheannais, lig siad don Chabhán teacht ar ais sa chluiche agus beidh Declan Bonner buartha gur ghéill siad 2-11 sa dara leath.

An oíche roimhe sin, bhuaigh Ciarraí craobh na Mumhan den seachtú huair as a chéile ach ní gan dua a chuir siad Corcaigh díobh. Bhí Ciarraí seacht bpointe chun tosaigh agus gan ach 13 nóiméad imeartha ach tháinig Corcaigh ar ais go láidir. Tugadh go leor spáis d’imreoirí Chorcaí nuair a bhí siad ar an ionsaí lár na páirce agus dá mbeadh siad beagáinín níos cruinne, d’fhéadfadh an cluiche a bheith buaite acusan.

B’fhéidir go bhfuil Corcaigh feabhsaithe go mór le cúpla mí anuas agus nach aon dóithín iad i mbliana ach ní bheidh a fhios againn cé chomh maith is atá siad go dtí go bhfeicfimid arís iad. Tá Ciarraí anois ag triall ar an Sár-Ochtar agus gan a fhios againn díreach cé chomh maith agus atá siadsan ach oiread.

Déarfá go mbeadh an-chluiche ann nuair a thabharfadih Ciarraí agus Dún na nGall aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh ar an 21 nó an 22 Iúil, ach tá an dá fhoireann píosa maith chun deiridh ar Áth Cliath fós.

Deireadh ré i Muineachán

Iarbhainisteoir Mhuineacháin, Malachy O’Rourke agus bainisteoir Ard Mhacha, Kieran McGeeney. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tar éis d’Ard Mhacha an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán oíche Dé Sathairn, d’fhógair Malachy O’Rourke go raibh cinneadh déanta aige éirí as mar bhainisteoir ar Mhuineachán. Deireadh ré atá d’fhoireann Mhuineacháin mar tá obair den scoth déanta ag a mbainisteoir le seacht mbliana anuas.

Nuair a ceapadh O’Rourke ag deireadh 2012, bhí Muineachán tar éis titim síos go dtí Roinn 3 na sraithe agus ní raibh craobh Uladh buaite acu le 25 bliain ach níor thóg sé i bhfad air rudaí a chur ina gceart.

Bhuaigh siad Roinn 3 na sraithe an t-earrach sin agus bhuaigh Muineachán ar Dhún na nGall i gcluiche ceannais Uladh mí Iúil chun Corn an Anglo-Celt a thabhairt leo den chéad uair ó 1988. Tar éis dóibh Roinn 2 a bhuachan in 2014, bhuaigh Muineachán craobh Uladh arís in 2015 agus bhí siad áirithe i measc na bhfoirne is fearr sa tír le cúig bliana anuas.

Shroicheadar cluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh ach ba léir ó thaispeántais na foirne i mbliana go raibh athrú de dhíth. D’fhéadfadh bainisteoir nua spreagadh a thabhairt don fhoireann ach caithfear a rá go bhfuil Conor McManus, Vinny Corey, Darren Hughes, Drew Wylie agus a leithéidí ar an mbóthar le fada agus go mbeidh sé deacair ar Mhuineachán an bhuaic atá bainte amach acu le roinnt blianta anuas a bhaint amach arís.

Na boic mhóra ag teacht le chéile i mBabhta 3 na gcluichí cáilithe

Owen McCabe (An Dún) agus Aidan O’Shea (Maigh Eo). Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Baineadh croitheadh as peileadóirí Mhaigh Eo i gcoinne an Dúin san Iúr Dé Sathairn ach, mar a rinne siad go minic sna babhtaí cáilithe le blianta, d’éirigh leo na cosa a thabhairt leo. Foireann eile

as Ulaidh a bheidh rompu an deireadh seachtaine seo chugainn nuair a thiocfaidh Ard Mhacha chucu féin i gCaisleáin an Bharraigh.

Cluiche crua a bheidh sa gceann seo do Mhaigh Eo mar bhí cuma na maitheasa ar Ard Mhacha sa gcraobh go dtí seo. Cé gur chaill siad in aghaidh an Chabháin san athimirt ar chluiche leathcheannais Uladh, tháinig Ard Mhacha ar ais go láidir agus thug siad ardtaispeántas i gcoinne Mhuineacháin an deireadh seachtaine seo. Léiriú eile a bhí sa gcluiche sin ar a fheabhas agus atá a gcuid tosaithe.

Ní hiad Maigh Eo an t-aon mhórfhoireann atá i mbaol. Bhí bua éasca go maith ag Tír Eoghain ar an Longfort Dé Sathairn ach tá dúshlán níos mó rompu anois agus iad ag taisteal go dtí an Droichead Nua chun tabhairt faoi Chill Dara. Ar ndóigh, bhuaigh Cill Dara ar Mhaigh Eo sa mbabhta céanna ar an bpáirc chéanna anuraidh agus ó tharla go bhfuair siad an ceann is fearr go héasca  ar Aontroim cúpla lá ó shin, beidh siad breá muiníneach agus iad ag tabhairt aghaidh ar Thír Eoghain.

Fágann na coimhlintí sin go bhfuil deis iontach ag foirne atá ag imirt i Roinn 3 na sraithe dul chun cinn mór a dhéanamh sa chraobh. Casfaidh Laois agus Uíbh Fhailí ar a chéile i bPort Laoise Dé Sathairn seo chugainn agus beidh an Iarmhí sa bhaile i gcoinne an Chláir.

Is beag atá idir na foirne sin uilig ó thaobh cumais de agus is maith a thuigfidh siad go bhfuil seans iontach acu comórtas an tSár-Ochtair a bhaint amach. Bíonn sé deacair ar na foirne a chailleann i gcluichí ceannais teacht chucu féin do Bhabhta 4 na gcluichí cáilithe agus is beag faitíos a chuirfidh Gaillimh, an Mhí, Corcaigh ná an Cabhán ar na foirne sin.

Fág freagra ar 'Fadhbanna fós ag na Ciarraígh agus na Conallaigh, deireadh ré i Muineachán agus ceachtanna eile'