Fad curtha le conradh Aer Arann Islands agus éiginnteacht fós ann faoi aersheirbhís Árann

Aer Arann Islands le seirbhís a chur ar fáil go dtí an 1 Feabhra 2016 agus stop curtha le próiseas tairisceana go dtí an 16 Samhain i mbliana. Díomá ar thoscaireacht Árann faoi fhógra an Aire

aerarann15-0063

Leanfaidh an tseirbhís aeir a chuireann Aer Arann Islands ar fáil d’Oileáin Árann go dtí an 1 Feabhra 2016.

Idir an dá linn, tá iarratas foirmeálta le déanamh ag Aire na Gaeltachta ar chomhairlí cathrach agus contae na Gaillimhe chun soiléiriú a fháil faoi cé acu an mbeadh nó nach mbeadh Aerfort na Gaillimhe ar fáil san athbhliain don chomhlacht Executive Helicopters Limited, an comhlacht ar éirigh leo sa phróiseas tairsceana a bhaineann le haersheirbhís a chur ar fáil do na hoileáin.

Chuige sin, d’fhógair an tAire Gaeltachta Joe McHugh sna Forbacha i gConamara ar ball go raibh ‘tréimhse sosa’ le cur i bhfeidhm go dtí an 16 Samhain, rud a chiallaíonn nach rachfar i mbun idirbheartaíochta le Executive Helicopters Limited nó nach síneofar aon chonradh leo idir an dá linn.

Den dara huair le seachtain, bhuail toscaireacht ó Árainn leis an Aire Stáit, Joe McHugh sna Forbacha inniu.

Ag labhairt dó leis na meáin sna Forbacha ar ball, dúirt urlabhraí thoscaireacht Árann, Tarlach de Blácam, go raibh ‘an-díomá’ ar an toscaireacht faoi thoradh an chruinnithe toisc gan aon bharántas a bheith tugtha go rachfaí siar ar an gcinneadh maidir leis an aersheirbhís.

Dúirt sé go leanfaí leis an bhfeachtas.

Dúirt baill eile den toscaireacht go raibh an tAire ag dul i muinín na moilleadóireachta maidir leis an scéal.

Ó fógraíodh gurb é an comhlacht Executive Helicopters Limited ar éirigh leo sa phróiseas tairisceana don seirbhís aeir, tá feachtas ar bun ag muintir Árann chun go leanfaí leis an tseirbhís eitleáin ó Aerfort na Minne in Indreabhán go hÁrainn mar mhalairt ar sheirbhís héileacaptair as an gCarn Mór i nGaillimh.

Theastaigh ón toscaireacht thar ceann mhuintir Árann a bhuail leis an Aire McHugh inniu go dtarraingeofaí siar an tairiscint atá déanta le Executive Helicopters Ltd. agus go dtosófaí ar phróiseas úrnua tairisceana don aersheirbhís go hÁrainn.

Amach ón míshástacht a bheadh ar mhuntir Árann faoi sheirbhís héileacaptair a bheith curtha ar fáil dóibh seachas seirbhís eitleáin, bhí amhras ann cé acu an mbeadh Aerfort an Chairn Mhóir ar fáil san athbhliain nó nach mbeadh. Is ar an mbonn sin atá Aire na Gaeltachta ag lorg soiléiriú ó Chomhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Fad curtha le conradh Aer Arann Islands agus éiginnteacht fós ann faoi aersheirbhís Árann'

  • Séamas Mac Coitir

    Go maire Ailbhe Ó Monacháin a nuacht, agus go gcuire Dia an t-ádh agus an t-amhantar air i mbun a chúraimí nua. Is é cailleantas na Gaillimhe, sochar Thír Chonaill! Ádh mór air in aice na sláinte!