Bhí 87% de na daoine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh go dtí seo ó dheas 70 bliain d’aois nó os a chionn agus 1% a bhí 40 bliain d’aois nó faoina bhun.
Tá sé mar pholasaí ag an Roinn Sláinte gan mioneolas a thabhairt faoi líon na ndaoine in aoisghrúpaí áirithe a bhásaigh nuair atá an líon sin an-bheag. Ach de réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí atá tugtha ag Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, bhásaigh ceathrar a bhí idir 23-30 bliain d’aois ó thús na ráige agus ceathrar a bhí idir 30-40 bliain a bhásaigh.
Níor dheimhnigh an Dr Holohan an méid sin go hoifigiúil ach thug sé le fios gur faoi bhun cúigear a bhí líon na marbh sa dá aoisghrúpa sin.
Bhain 761 den 769 bás atá deimhnithe go dtí seo ó dheas le daoine a bhí os cionn 40 bliain d’aois.
23 bliain d’aois a bhí an duine ab óige a bhásaigh de thoradh na paindéime go dtí seo agus 105 a bhí an duine is sine.
Aoisghrúpa na ndaoine le Covid 19 a bhásaigh go dtí seo
Aoisghrúpa | Líon na marbh |
0-20 bliain | Duine ar bith |
20-30 bliain | Níos lú ná cúigear |
30-40 bliain | Níos lú ná cúigear |
40-49 bliain | 12 |
50-59 bliain | 29 |
60-69 bliain | 53 |
70 agus os a chionn | 667 |
Iomlán | 769 |
415 fear (54%) and 354 bean (46%) a bhí i gceist. 83 an aois mheánach a bhí acu agus 69 an aois ar an meán a bhí acu.
Maidir leis an 769 bás a deimhníodh go dtí seo tharla 386, nó 50.2%, san ospidéal.
50 duine a bhásaigh in aonad dianchúraim.
Fág freagra ar 'Eolas nua ar fáil faoi aois na ndaoine a bhásaigh in Éirinn le Covid-19'