Eolas ar fáil faoi cá mbeidh na mór-ionaid vacsaínithe lonnaithe

Tá vacsaíní á dtabhairt i gclinicí a ndochtúirí teaghlaigh do dhaoine sa bpobal an tseachtain seo den chéad uair

Eolas ar fáil faoi cá mbeidh na mór-ionaid vacsaínithe lonnaithe

Tá 37 ionad nó mol vacsaínithe don Covid-19 le lonnú ar fud na tíre agus beidh ceann amháin ar a laghad i ngach contae.

Tá an áit a mbeidh na hionaid sin foilsithe ag an Roinn Sláinte.  

Beidh cúig ionad i gcontae Chorcaí, ceithre cinn i mBaile Átha Cliath,  agus beidh péire i gceithre chontae – Ciarraí, Cill Mhantáin, an Iarmhí agus Tiobraid Árann. 

12 ionad a bheidh sna seacht gcontae Gaeltachta.

Ionaid Vacsaínithe sna contaetha Gaeltachta

Corcaigh
Páirc Uí Chaoimh agus Halla an Bhaile, Sráid Anglesea, i gcathair Chorcaí; Campas Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Foirgneamh Melbourn, Bóthar Melbourn, Baile an Easpaig; Ionad Cúram Príomhúil Bheanntraí; Club Chumann Lúthcheas Gael, Carraig Dhúin.

Dún na nGall
Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Bóthar an Chlafoirt, Leitir Ceanainn.

Ciarraí
Ionad Spóirt is Fóillíochta Chill Airne, Bóthar an tSeachbhóthair, Cill Airne; Campas Thuaidh Acadamh Spórt Chiarraí, Drom Tacair, Trá Lí.

Gaillimh
Ráschúrsa na Gaillimhe, Baile an Bhriotaigh, Gaillimh.

Maigh Eo
Ionad Saoire Theach Bhréachmhaí, Bréachmhaigh, Caisleán an Bharraigh.

An Mhí
Cumann Lúthchleas Gael Ghaeil Bhaile Shíomoin, An Uaimh.

Port Láirge
Airéine Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge,  Campas Spórt WIT, Cloch an Óir, Port Láirge.

Ní hionann na huaireanta oscailte a bheidh ag gach ionad agus bunaíodh iad ar an dlús daonra. 

Tá vacsaíní á dtabhairt i gclinicí a ndochtúirí teaghlaigh do dhaoine sa bpobal an tseachtain seo den chéad uair. Na daoine atá os cionn 85 bliain is túisce a gheobhaidh an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19. Tá breis is 70,000 san aoisghrúpa sin agus é i gceist an tsnáthaid in aghaidh an Covid-19 a thabhairt dóibhsean as seo go ceann trí seachtaine. Vacsaín  Pfizer/BioNTech a gheobhaidh a bhformhór ach beidh roinnt a gheobhaidh vacsaín Moderna.  

Tá sé i gceist an vacsaín a thabhairt do 14,409 duine atá os cionn 85 bliain an tseachtain seo.

Osclófar ionad in Ollscoil Chathair Átha Cliath ag an deireadh seachtaine agus gheobhaidh 1,000 duine eile an tsnáthaid ansin.

De réir figiúirí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte bhí an chéad snáthaid in aghaidh an Covid-19 tugtha do 175,238 duine faoin Aoine seo caite agus bhí an dara snáthaid faighte ag 89,999 duine.

Fágann sin 265,237 dáileog as an 360,000 dáileog atá faighte ag an tír tugtha do dhaoine. Tá an HSE ag súile le 212,000 dáileog eile roimh dheireadh na míosa.

Deir an dream is mó a chuireann cúram sláinte ar fáil in Iosrael go léiríonn staidéar a rinneadh ar bhreis is leathmhilliún duine a fuair vacsaín Pfizer/BioNTech go bhfuil cosaint 94% acu ón víreas.

Fág freagra ar 'Eolas ar fáil faoi cá mbeidh na mór-ionaid vacsaínithe lonnaithe'