Eolaire Gaeilge le cur le chéile ag an gConradh

Tá súil ag an gConradh go spreagfaidh an t-eolaire an pobal le húsáid a bhaint as seirbhísí i nGaeilge

Goldenpages

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge eolaire ar ghnólachtaí a chuireann seirbhísí as Gaeilge ar fáil don phobal a chur le chéile agus go mbeadh an t-eolaire sin ar fáil go héasca ar líne.

Tá sé mar aidhm ag an gConradh poiblíocht a thabhairt do na gnólachtaí ar fad ar fud na hÉireann a chuireann a gcuid seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge ar an suíomh peig.ie. Táthar ag súil go mbeidh teacht ar an eolas ar léarscáil idirghníomhach ar leathanach baile an tsuímh agus ar aip an tsuímh.

Tá súil ag an gConradh go spreagfaidh an t-eolaire, agus an léarscáil a ghabhfaidh leis, pobal na Gaeilge le húsáid a bhaint as seirbhísí i nGaeilge agus go spreagfar gnólachtaí eile ar spéis leo a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge déanamh amhlaidh.

Fág freagra ar 'Eolaire Gaeilge le cur le chéile ag an gConradh'