Elizabeth Warren – ar an mbóthar go Washington ach rófhada ar an taobh clé?

Ní bóthar réidh atá roimh Elizabeth Warren bean gur maith uaithi cur ar son na gcúiseanna atá gar dá croí

Elizabeth Warren – ar an mbóthar go Washington ach rófhada ar an taobh clé?

Ní thabharfaidís vóta do Elizabeth Warren, dubh, bán ná riabhach. Daoine as Éirinn a bhí ag caint i mBostún, cuid acu as an nGaeltacht. ‘Granny Warren’ a bhí baiste ag cuid acu uirthi. Mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2012. Bhí Elizabeth Warren ag seasamh do na Daonlathaigh i dtoghchán Seanaid in Massachusetts in aghaidh an tSeanadóra Scott Brown, Poblachtánach. Rinne seisean éacht dochreidte in 2010 nuair a bhuaigh sé fothoghchán in Massachusetts tar éis don Seanadóir Edward Kennedy bás a fháil.

Ach an raibh sé i gceist acu vótáil do Phoblachtánach? Sin é an dúshlán a bhí daoine eile a thabhairt dóibh siúd a bhí in aghaidh iarrthóir a bpáirtí féin, Elizabeth Warren. Bhuel cá bhfios? arsa cuid acu.

Bhínn féin ag éisteacht leis an dea-chaint. B’fhacthas do chuid de na mná go mba dhuine breá feiceálach é Scott Brown, é ag tiomáint thart sa jíp a bhí aige agus cuma an fhir oibre air. Go deimhin, dúirt Brown gur fear oibre a bhí ann, fear oibre dáiríre. Bhí an cíoradh ar an scéal faighte chomh géar sin agus go raibh daoine áirithe ag rá go bhfacadar a chuid lámh agus nach raibh lorg sluaiste ná láí orthu!

Ar an taobh eile den scéal ba as na Coláistí a tháinig Elizabeth Warren – anuas as Harvard agus í tar éis lorg a láimhe a fhágáil ar an saol acadúil in ollscoileanna eile freisin. Lena chois sin, ní raibh aon phrintíseacht déanta aici ar shráideanna na polaitíochta. Ach, ní hin le rá go raibh sí ag dul amú; bhí sí gaibhte isteach i gcomhluadar dúchasach na nDaonlathach.

An uair sin, Deireadh Fómhair agus Samhain na bliana 2012, bhí Pádraig Mháirtín Tom as Carna i gConamara ó dhúchas – Pat Walsh mar a bhí aithne air thall – ar leaba a bháis in Dorchester i mBostún. Ba é laoch na bhfear agus na mban oibre i gceardchumann na dtógálaithe agus uncail le Marty Walsh a toghadh ina Mhéara ar Bhostún ina dhiaidh sin.

Thug mé cuairt ar Pat Walsh gar do lá an toghcháin sin; cé go raibh na laethanta beaga tomhaiste amach dó bhí sé in ann a rá liom go raibh Elizabeth Warren ar cuairt aige an mhaidin sin ina theach agus ina sheomra in Dorchester. Fuair Pat an oiread laethanta saoil agus go bhfaca sé go bhfuair Warren an lámh in uachtar sa toghchán sin. 

Anois, ní éacht do Dhaonlathach suíochán Seanaid a bhuachtáil in Massachusetts. Go deimhin, is Daonlathaigh iad chuile dhuine den deichniúr feisirí comhdhála atá ag an Stát in Washington. Go hiondúil is beirt Dhaonlathach a chuireann an Stát mar Sheanadóirí go Washington freisin.

Bhí 53% den vóta ag Elizabeth Warren sa toghchán sin; thug Brown iarraidh mhór fúithi ach bhí meaisín na nDaonlathach réitithe roimhe. Toghadh Warren gan mórán trioblóide mar Sheanadóir do Mhassachusetts arís i mí na Samhna 2018 ach ní raibh gaire ar bith ag Geoff Diehl, fear na bPoblachtánach, ar Scott Brown mar iarrthóir.

Dlíodóir cumasach sa saol acadúil í Elizabeth Warren. Tá sí ainmnithe ag foilseacháin éagsúla i measc na ndaoine is ábalta maidir le tuiscint agus múnlú chúrsaí dlí na tíre. Tá réimse leabhar scríofa aice chomh maith le cáipéisí éagsúla eile. Ollamh í Warren agus tá cúlra teagaisc aici chomh maith. Tugtar síos di go bhfuil sí ar dhuine de na polaiteoirí is liobrálaí agus is mó a bhfuil dul chun cinn iontu san eite sin den saol poiblí i Meiriceá.

Glactar leis gur maith uaithi cur ar son na gcúiseanna atá gar dá croí, roinnt níos cothroime ar airgead agus ar mhaoin an tsaoil i Meiriceá agus deis a thabhairt do chuile dhuine ar oideachas agus cúram sláinte den scoth.

Ó thaobh na himirce isteach sna Státaí de, tá moladh déanta ag Warren gur cheart deireadh a chur le ICE, an áisíneacht rialaithe ar an imirce mhídhleathach isteach sa tír.

An oíche cheana in Lawrence in Massachusetts, d’fhógair Elizabeth Warren go mbeadh sí ag fiach ar ainmniúchán do thoghchán na hUachtaránachta in 2020. Tá scuaine iarrthóirí ann cheana féin. Cén seans a bheidh ag Warren?

Bheadh sé deacair aici tacaíocht a mhúscailt sa gcuid ó dheas de Mheiriceá de bharr a cuid polasaithe airgeadais agus eacnamaíochta. Bheadh baol ann freisin go gcuirfí branda ‘Granny Warren’ uirthi aríst. Cé go bhfuil sí ábalta agus cliste ní cosúil go bhfuil an cineál pearsantachta aici a fheileann i bpolaitíocht Mheiriceá. B’fhéidir go mbaineann sé sin lena cúlra gairmiúil. Pé ar bith cúis atá leis, ní duine í a théann i gcion go mór ar an bpobal agus tá a fhios againn cén chaoi ar fhág sin Hillary Clinton ar an bhfaraor géar in 2016.

Ní chuidíonn sé le Elizabeth Warren ach an oiread go bhfuil sí sáite i gconspóid cineál seafóideach faoina cúlra ginealaigh le roinnt blianta. Thug Warren, a rugadh i 1949, le fios go raibh mianach Meiriceánach dúchais inti, cúlra Seiricíoch a deir sí. Níl aon fhianaise láidir tagtha chun cinn a léireodh a leithéid agus tá caitheamh anuas déanta ag treibh na Seiricíoch féin ar Warren faoi bheith ag brú gaoil orthu agus gan aon bhunús leis, dar leosan.

Deir lucht a cáinte sa bpolaitíocht gur teaicticí a bhí sa scéal faoina gaol leis na Seiricígh ionas go mbeadh tosaíocht aici agus í ag cur isteach ar phostanna ollscoile. Bíonn céatadán áirithe postanna ag dul do dhaoine as aicme mhionlaigh. Shéan Harvard agus ollscoileanna eile go raibh aon bhlas mar sin i gceist.

B’fhéidir gur ar an Leas-Uachtaránacht atá Warren ag cuimhneamh ach is cinnte go bhfuil a compás ag díriú ar Washington. Bóthar achrannach a bheidh ann agus tá taobh na láimhe deise chomh maith le taobh na láimhe clé air. Ach dá dtarlódh sé go n-éireodh léi a ghabháil go dtí an Teach Bán, cá bhfios nach dtabharfadh Warren polaiteoir eile as Massachusetts in éineacht léi, sin cara mór léi, an Méara Marty Walsh.

Sin mac dearthár le Pádraig Mháirtín Tom (Pat Walsh), an fear ar thug sí cuairt air agus é ag saothrú an bháis i mí na Samhna, 2012.

Fág freagra ar 'Elizabeth Warren – ar an mbóthar go Washington ach rófhada ar an taobh clé?'