Tá fear imithe ar shlí na fírinne, fear a d’fhógair an fhírinne ar bhealaí nua. Bhí sé chun tosaigh orainn ar fad nuair a labhair sé ar an domhan mar ár n-áras beag cónaithe agus nuair a thug orainn amharc orainn féin ar fad mar dheirfiúracha is deartháireacha. Ba iad na deartháireacha is deirfiúracha ab ionúin leis na daoine is boichte, príosúnaigh, imircigh is teifigh, daoine ar an imeall. Ceann de na rudaí is túisce a rinne sé, i ndiaidh dó a bheith roghnaithe mar phápa ná dul go dtí oileán Lampedusa sa Mheánmhuir ó dheas den Iodáil mar a bhfuair an oiread daoine bás agus iad ag iarraidh teitheadh isteach san Eoraip.
Mhol sé dúinn ar fad éisteacht is éisteacht arís le croí mór, fiú nó go háirithe, nuair a bhíonn tuairim láidir dhifriúil againn féin. Bhí sé go láidir i gcoinne – an lámh láidir, an chogaíocht, agus an tsíor-armáil, go háirithe airm núicléacha a d’fhéadfadh an oiread sin scriosta a dhéanamh agus todhchaí an chine dhaonna a chur i mbaol. Bhí sé an-cháinteach faoin gcaipitleachas mar atá anois agus faoi dhia beag dhlí an mhargaidh a thugann an oiread cumhachta don saibhir ar an mbocht.
Nuair a labhair sé ar an domhan mar ár n-áras beag cónaithe bhí sé ag smaoineamh ar na daoine is boichte sna ceantair is mó atá i mbaol de bharr athrú aeráide. Bhí sé ag cuimhneamh chomh maith ar chlann ár gclainne, ar a gclann siúd is ar an áras beag cónaithe a bheidh acusan le maireachtáil ann amach anseo.
Nuair a thug sé orainn amharc orainn féin ar fad mar dheirfiúracha is deartháireacha bhí sé ag caint faoi phobal an domhain ar fad, gan aon duine á fhágáil ar lár ná á chur ar leataobh aige. Nuair a labhair sé i gcoinne an lámh láidir is an chogaíocht agus ar son na síochána bhí sé ag cuimhneamh ar cheart gach duine saol a chaitheamh faoi bhláth agus a fhios aige gurb iad an daoine ba laige, go háirithe mná is páistí, is túisce a fhulaingíonn i gcogaí.
Ar na daoine ba laige a bhíodh sé ag cuimhneamh arís nuair a bhíodh sé an-cháinteach faoin gcaipitleachas agus faoi dhia beag dhlí an mhargaidh a thugann saol sómhar dúinne san tíortha is saibhre cé gur muide is mó a bhíonn ag truailliú is ag lot is ag cur thodhchaí na nglúnta atá le teacht i mbaol. Nuair a mhol sé dúinn éisteacht arís le croí mór, go háirithe nuair a bhíonn tuairim láidir dhifriúil againn féin, bhí sé ag tionscnamh is ag tosú córas nua comhrá is comhairle i bPobal Dé na hEaglaise.
Seo córas a d’fhéadfadh fónamh don daonlathas a bhfuil claonadh láidir ann faoi láthair daoine is pobail a dheighilt go hiomlán, ceann de dhá thuairim a roghnú agus gan éisteacht beag ná mór lena chéile. Bhí sé mar aidhm ag Proinsias pápa tabhairt orainn éisteacht le guth Dé ar bhealach nua, bealach a chuirfeadh ar ár gcumas éisteacht le go gcloisfeadh muid guth an Naomhspioraid ag labhairt inár gcroí.
Nuair atá muid i dtiúin le guth Naomhspiorad Dé a bhíonn ag labhairt inár gcroí, tuigimid go mba mhian leis go n-éistfeadh muid le hómós lena bhfuil á rá i gcroí an phobail agus ní leis an gcléir ná le haon scothaicme nó éilít amháin.
Nuair a labhair Proinsias ar na hábhair seo ní raibh scáth ná faitíos air labhairt amach faoi cheisteanna conspóideacha, deighilteacha fiú. Gaza is Iosrael; an cogadh idir an Rúis is an Úcráin agus an tsíor-armáil i ré núicléach a fhágann go bhfuil gach cogadh mímhorálta anois.
Labhair sé amach faoin athrú aeráide is cearta sóisialta, faoi chearta gach duine is gach pobal bláthú is forbairt, faoin gceart atá againn ar fad ár gcuid féin a bheith againn den mhaitheas is d’acmhainní daonna is nádúrtha na cruinne, beag beann ar an tír as a dtagaimid. Labhair sé faoi ghuth Dé aa bheith ag labhairt trí ghuth gach cuid de Phobal Dé.
Labhair sé faoi staid na mban san Eaglais ar bhealaí nach gceanglódh mná le cuibhreacha an chléireachais agus labhair sé faoin mbráithreachas is an dínit a cheanglaíonn gach duine le chéile agus a thugann cearta dúinn ar fad beag beann ar aicme nó tír dhúchais, cúrsaí gnéis is inscne, cúrsaí LADT/LGBT.
Ba duine é Proinsias a raibh uaidh saibhreas ár gcultúir a choimeád is a roinnt leis na glúnta atá le teacht. Bhí sé coimeádach, ar an gcaoi sin agus é sásta go dtagfadh forbairt ar an gCríostaíocht, idir Chaitliceachas, Protastúnachas is ortadocsacht ar bhealach nádúrtha atá i dtiúin le tuiscint an duine air féin sa 21ú haois, agus ar bhealach a thabharfadh le chéile sinn. Ba mhian leis an duine a thionlacan ar bhóithre na haoise seo a bhfuil muid ann.
An duine a thionlacan, sa chiall go siúlfadh sé an bóthar in éineacht linn mar oilithreach, mar ba duine den chosmhuintir ó dhúchas é agus ba sa phobal seo a bhí a chroí istigh. An duine a thionlacan mar a dhéanann ceoltóir uirlise mar ba thionlacaí cruthanta é Proinsias is las a mheangadh dóchasach an iliomad croí, beag beann ar an gcreideamh ná ar an dtír dúchas a thagaimid as.
Fág freagra ar 'Éisteacht arís le croí mór – teachtaireacht Phápa na síochána agus an phobail'