EISIACH: 91% de dheontais chaipitil Gaeltachta ag dul go dtí Dún na nGall agus Gaillimh

Léiríonn figiúirí nua gur fíorbheagán deontas caipitil Gaeltachta atá ag dul ó dheas le 15 mí anuas

EISIACH: 91% de dheontais chaipitil Gaeltachta ag dul go dtí Dún na nGall agus Gaillimh

Is do thograí i nGaeltacht Dhún na nGall agus i nGaeltacht Chonamara a ceadaíodh 91.4% de dheontais chaipitil Roinn na Gaeltachta le 15 mí anuas.

Le linn na tréimhse idir 1 Iúil 2016 agus 10 Deireadh Fómhair 2017, cheadaigh an tAire Stáit Joe McHugh agus an t-iar-aire stáit Seán Kyne €3.6 milliún san iomlán do thograí Gaeltachta faoin scéim tacaíochta pobail agus teanga agus an scéim tograí oileáin. Den €3.6 milliún sin, ceadaíodh €3.3 milliún do cheantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus na Gaillimhe.

Deontais arbh fhiú €307,276 san iomlán iad a ceadaíodh do cheantair Ghaeltachta Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge, Mhaigh Eo agus na Mí le linn na tréimhse céanna. Níor cheadaigh an tAire Stáit McHugh ná a réamhtheachtaí Seán Kyne oiread is deontas amháin as an dá chiste caipitil seo do Ghaeltacht Chorcaí.

3.6% den mhaoiniú caipitil iomlán a ceadaíodh do Chiarraí i gcomparáid le 4.1% i gcás Mhaigh Eo. 0.3% den mhaoiniú iomlán a ceadaíodh do Ghaeltacht na Mí agus beagáinín níos mó ná sin a ceadaíodh do Ghaeltacht Phort Láirge – 0.5%.

Is do thograí i nGaeltacht Dhún na nGall a ceadaíodh 87% de dheontais chaipitil Roinn na Gaeltachta ó athcheapadh Joe McHugh ina aire stáit sa roinn sin i mí Iúil na bliana seo.

Ach ní hamhlaidh a bhí sa tréimhse bliana sular tháinig Joe McHugh i gcomharbacht ar Sheán Kyne i Roinn na Gaeltachta, tréimhse inar ceadaíodh 77% de na deontais ó na cistí céanna do thograí i gceantar Gaeltachta na Gaillimhe.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí nua a cuireadh ar fáil don Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur ceadaíodh deontais arbh fiú €967,654 iad do Dhún na nGall sa tréimhse idir 1 Iúil agus an 10 Deireadh Fómhair 2017.

€134,993 a ceadaíodh do na ceantair Ghaeltachta eile ar fad le linn na trí mhí chéanna.

Ó athcheapadh Joe McHugh is do thograí i nGaeltacht na Gaillimhe a ceadaíodh 7%, nó €80,639, de na deontais a ceadaíodh as scéim tacaíochta pobail agus teanga agus scéim tograí oileáin Roinn na Gaeltachta.

Deontais tacaíochta pobail agus teanga agus deontais do thograí oileáin le 15 mí anuas

 

De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí a cuireadh ar fáil don Teachta Dála Éamon Ó Cuív, níor ceadaíodh do Ghaeltacht Chiarraí faoi na scéimeanna seo ach 0.8%, nó €8,980, den chaiteachas iomlán ó ceapadh Joe McHugh ina Aire Stáit i mí Iúil.

€45,374 a ceadaíodh do Ghaeltacht Mhaigh Eo, 4.1% den chaiteachas iomlán.

Níor cheadaigh an tAire Stáit McHugh aon mhaoiniú ón dá chiste caipitil seo do Ghaeltacht Chorcaí, do Ghaeltacht na Mí ná do Ghaeltacht Phort Láirge.

Baineann nach mór leath den mhaoiniú do Ghaeltacht Dhún na nGall le togra mór amháin, tógáil ionad pobail nua don Fhál Charrach. €466,000 a ceadaíodh don togra sin.


BRISEADH SÍOS IOMLÁN FAOI CÁ nDEACHAIGH GACH DEONTAS


Bhain nach mór an céatadán céanna den mhaoiniú a cheadaigh McHugh do Ghaeltacht Dhún na nGall le mionoibreacha ar Oileán Árainn Mhór, Toraigh agus Oileán an Bhráighe. €450,750 a ceadaíodh do na mionoibreacha sin.

Léiríonn anailís Tuairisc.ie ar na figiúirí nua gur do thograí i nGaeltacht Chonamara a ceadaíodh 77% de mhaoiniú caipitil na gcistí caipitil seo sa tréimhse idir 1 Iúil 2016 agus an 30 Meitheamh 2017, tráth a raibh Seán Kyne ina aire stáit i Roinn na Gaeltachta.

Le linn na tréimhse céanna cheadaigh an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, atá anois ina Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Tuaithe, deontais arbh fhiú €1.9 milliún iad do Ghaeltacht na Gaillimhe. Maoiniú €326,320, nó 13% den €2.5 milliún den iomlán a cheadaigh Seán Kyne, a ceadaíodh do Ghaeltacht Dhún na nGall.

€122,028, a ceadaíodh do Ghaeltacht Chiarraí idir an 1 Iúil 2016 agus an 30 Meitheamh 2017 – 5% den iomlán. €102,477 a cheadaigh an t-iar-aire stáit do thograí i Maigh Eo agus €10,763 a cheadaigh sé do Ghaeltacht na Mí, an t-aon deontas a ceadaíodh do Ráth Chairn ó na cistí seo le 15 mí anuas. Cheadaigh sé €17,654, an t-aon deontas a ceadaíodh as na cistí caipitil do Ghaeltacht Phort Láirge le 15 mí anuas.

Is é an deontas is mó a cheadaigh Seán Kyne sa tréimhse sin ná €699,342 a ceadaíodh d’fhorbairt Ionad na nImirceach i gCarna i nGaeltacht na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'EISIACH: 91% de dheontais chaipitil Gaeltachta ag dul go dtí Dún na nGall agus Gaillimh'

  • Seán

    Bheadh sé spéisiúil figiúirí le linn tréimhse Uí Chuív mar Aire a chur i gcomparáid leo seo.
    Seán

  • Concubhar

    Bí cinnte nár lig Éamon ‘An tAire Gaeltachta is fearr riamh’ muintir Chonamara ná Corr na Móna i ndearúd lena linn. An raibh morán iarratais ar dheontais chaiptil ó Ghaeltacht Chorcaí sna tréimhsí thuasluaite, ní fheadar?

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    D’fhéadfaí a rá gur comhtharlúint iad na figiúirí sin gur i ndáilcheantair na n-airí féin a caitheadh tromlach airgead Roinn na Gaeltachta lena linn, ach mar is eol don saol Fodhla, is mar sin a bhí an córas riamh. Ní haon ionadh gur theith na polaiteoirí móra ó dhul faoi agallamh ar Cormac@5 (27/10/17), Éamon Ó Cuív ina measc.
    An mhórcheist atá ann ná cá bhfuil guth na Mumhan, go háirithe guth Chorca Dhuibhne? Tá bainisteoir nua-cheaptha Chomharchumainn Chorca Dhuibhne, Páidí Ó Sé, tar éis raic a dhéanamh go haonarach sna meáin faoi seo le déanaí, ach is cosúil gur ghuth sa bhfásach atá ann. Níl gíog na míog ós ar n-ionadaithe polaitúla áitiúil, bíodh siad sa Dáil nó san Údarás. Agus sin an áit go bhfuil an easnamh – nílid i dteangmháil le coismhuintir na Gaeltachta, ní thuigeann siad na fadhbanna ar an talamh agus, de dheascaibh sin, bheadh tráchtas dochtúrachta de dhíth ar dhuine riachtanaisí agus na constaicí a bhaineann leo a chur in iúl dóibh, agus i mBéarla dá bhformór.