Éirímis as an gcur i gcéill go bhfuil stádas speisialta ag lucht na Gaeilge

Ba cheart don Rialtas Bille na dTeangacha Oifigiúla a fheabhsú nó go mbeidh cosaint agus tacaíocht i bhfad níos mó ag an nGaeilge agus lucht a labhartha ná mar atá faoi láthair

Éirímis as an gcur i gcéill go bhfuil stádas speisialta ag lucht na Gaeilge

Ar shlí amháin, tá saol na Gaeilge níos sláintiúla anois ná mar a bhí sé riamh. Tá scoth na teilifíse á cur ar fáil ag foireann iontach TG4, tá seirbhís raidió shármhaith ar fáil ó Raidió na Gaeltachta, Raidió RíRá, agus Raidió na Life, agus nuacht chuimsitheach á cur ar fáil ag Tuairisc.ie, Nuacht RTÉ/TG4, agus Nós. Tá pobal gníomhach tagtha le chéile ar na hardáin dhigiteacha ar nós Twitter, TikTok, agus Facebook, agus tá siad ag cruthú ábhair dóibh féin go flúirseach. Ba mhór an chailliúint do phobal na Gaeilge agus d’foghlaimeoirí na Gaeilge nuachtáin amhail Gaelscéal, Foinse, agus Lá Nua, ach sa ré dhigiteach tá na meáin Ghaeilge ar líne sábháilte – go fóill ar a laghad. 

Oireann na meáin shóisialta do chainteoirí Gaeilge, cosúil liom féin, atá líofa ach nach mbíonn sáite gach lá i saol na Gaeilge; na cainteoirí a léimeann isteach agus amach nuair is mian leo ach a chaitheann an chuid is mó dá saol trí Bhéarla. Déanann muidne dearmad, áfach, ar an méid brú agus imní a bhíonn ar dhaoine sa Ghaeltacht, daoine atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge, nó a bhíonn ag iarraidh déileáil le seirbhísí an Stáit ina dteanga féin. Ní easpa tuisceana atá i gceist leis na cainteoirí ócáideacha seo ach ní mar a chéile saol na teanga acu. Easpa deiseanna a bheith páirteach i saol teanga is cúis leis sin uaireanta, agus easpa seansanna a gcuid Gaeilge a úsáid gach lá. 

Tá cúpla cuairt  tugtha agam – an cuimhin leat nuair a bhí an tsaoirse taistil sin againn? – ar Toronto, Victoria, agus Vancouver, agus thug mé faoi deara go gasta go raibh scéal difriúil ansin. Chonaic mé go leor leor fógraíochta agus seirbhísí a bhí ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis, teangacha oifigiúla na tíre, agus níor bhraith mé gur stádas mionteanga a bhí ag an bhFraincis i gCeanada. Dá mbeadh teaghlach le Fraincis ag aistriú ó Québec go Ottawa, seans maith go mbeadh níos lú comharsan le Fraincis acu, ach ní bheadh bac rompu a dteanga féin a úsáid ina mbaile nua. In Éirinn, ní hamhlaidh an scéal, in ainneoin dul chun cinn na meán Gaeilge is éabhlóid phobal na Gaeilge féin. 

Is é sin an fáth gur cheart don Rialtas Bille na dTeangacha Oifigiúla a fheabhsú nó go mbeidh cosaint agus tacaíocht i bhfad níos mó ag an nGaeilge agus lucht a labhartha ná mar atá faoi láthair. Faoi láthair, is annamh don Stát fógraíocht as Gaeilge a chur amach. Is annamh a fheictear fógraíocht i nGaeilge ó ranna rialtais ná comhlachtaí agus eagraíochtaí poiblí amhail An Post, Ervia (Bord Gáis, mar a bhí), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Iarnród Éireann, agus araile. Má bhíonn fógra teilifíse i nGaeilge le feiceáil ar an teilifís, fiú ar TG4, is annamh é. Tá an scéal amhlaidh mar nach bhfuil aon dualgas reachtúil faoi láthair ar chomhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge. 

Ní éileamh mór radacach atá i gceist seirbhísí dátheangacha a iarraidh ar an Stát. Tá an méid sin ar fáil ar ardchaighdeán i dtíortha éagsúla timpeall an domhain – an Bhreatain Bheag, Ceanada, an Bheilg, an tSualainn, an Nua-Shéalainn, agus an Afraic Theas ina measc. Ní cás ar leith cás na hÉireann. Tuigeann pobal na Gaeilge é sin ach faraor níl an tuiscint chéanna léirithe ag na rialtais a bhí againn ó bunaíodh an stá. Ní thuigeann nó ní aithníonn lucht an Bhéarla (ná corrdhuine a bhfuil Gaeilge acu fiú) go gcuirtear iachall lá i ndiaidh lae ar mhuintir na Gaeltachta is cainteoirí dúchais eile Béarla a úsáid chun a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát. 

Níl muid ag caint sa chás seo ar Ghaeilge a éileamh ar gach caifé, siopa éadaigh, bialann, nó spórtlann – cé gurbh aoibhinn linn a leithéid. Ní thagann comhlachtaí príobháideacha faoi scáth na reachtaíochta teanga in Éirinn. Níl hé go bhfuil muid ag súil go ndéarfaidh gach strainséir a gcastar sa tsráid nó i siopa orainn ‘conas ’tá tú?’ a rá linn. Níl muid mí-réadúil. Ach caithfear stop a chur leis an gcur i gcéill seo go bhfuil stádas speisialta tugtha do lucht na Gaeilge. Beagnach céad bliain ó tháinig an Stát ar an bhfód tá sé in am é a bhronnadh orainn dáiríre. 

– Is ball de na Daonlathaithe Sóisialta é Scott De Buitléir agus tá cónaí air i gCorcaigh

Fág freagra ar 'Éirímis as an gcur i gcéill go bhfuil stádas speisialta ag lucht na Gaeilge'

  • Maire Uí Shithigh

    Is fíor. Is fiú súil géar a choimeád ar an bplé atá ar siúl le tamall ag Comhchoiste Gaeilge na Dála ar na leasaithe don mBille Teanga – agus dul i dteagmháil leo. Is deacair a bheith foighneach leis bpróiseas.. An gcífear na léasaithe i bhfeidhm fhaid a mhairimid beo?

  • Seán Mag Leannáin

    Tá stádas speisialta againn cinnte – stádas ag gcúl!

    Is maith liom an pictiúr sin. An léirsiú mór deiridh ar son na Gaeilge i mBÁC, 15 Feabhra 14. Seacht mbliana ó shin anois. Aithním cúpla duine ann, mo sheanchara agus iar-chomhghleacaí sa Státseirbhís ina measc (fear an chaipín agus na spéaclaí gar don líne tosaigh, fear a bhí riamh anall dílis don teanga).

  • Seán Mag Leannáin

    Cinnte dearfa tá stádas speisialta againn – stádas ar gcúl!

    Is maith liom an pictiúr. An léirsiú mór deiridh ar son na Gaeilge i mBÁC, 15 Feabhra 14. Seacht mbliana ó shin anois. Aithním cúpla duine ann, mo sheanchara agus iar-chomhghleacaí sa Státseirbhís ina measc (fear an chaipín agus na spéaclaí gar don líne tosaigh, fear a bhí riamh anall dílis don teanga taobh istigh agus taobh amuigh den Státseirbhís).