Éire sna flaithis bheaga agus iad seolta chuig na babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain ag trí chúl Parrott

Beidh Éire sa tarraingt Déardaoin do na babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain i ndiaidh d’fhoireann Heimir Halgrímsson an ceann is fearr a fháil ar an Ungáir, 3-2, i gcluiche fíordhrámtúil in Budapest

Éire sna flaithis bheaga agus iad seolta chuig na babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain ag trí chúl Parrott

Tá Éire cáilithe do bhabhta cáilithe do Chorn na Domhain i ndiaidh do Troy Parrott trí chúl a scóráil i gcluiche fíordhrámatúil in aghaidh na hUngaire in Budapest.

Ba sna soicindí deireanacha in am cúitimh gortaithe a fuair Parrot a thríú cúil nuair a chuir sé an liathróid isteach i gcúl na hUngáire i ndiaidh do Liam Scales í a fliceáil chuige lena cheann.

Bhí na himreoirí agus lucht tacaíochta na hÉireann sa Puskas Arena sna flaithis bheaga.

Ba é an cúigiú cúl ag Parrot in dhá chluiche. Dúirt sé gurb é Déardaoin seo caite, nuair a fuair sé an dá chúl a chuir an Phortaingéil go tóin poill, an lá ab fhearr dá shaol ach ghéill sé i ndiaidh an chluiche seo go raibh an ócáid sin sáraithe cheana féin aige.

“Seo an chúis gur breá linn an pheil, mar gur féidir le rudaí mar seo tarlú. Is breá liom an áit arb as dom, tá mo mhuintir anseo, is iontach go deo an rud é seo,” arsa Parrott.

Faoi dhó a bhí foireann Heimir Halgrímsson chun deiridh. Sa tríú nóiméad a fuair Daniel Lukacs an chéad chúl don Ungáir ach bhí Éire ar comhscór arís faoin 15ú nóiméad nuair a scóráil Parrot cic pionóis i ndiaidh taicil calaoiseach a bheith déanta ar Chiedozie Ogbene.

Fuair Barnabas Varga sárchúl don Ungair sa le leath-eitleog sa 37ú nóiméad agus 2-1 an scór a bhí ann i gcónaí nuair a chuir Parrott an liathróid thar Denes Dibusz sa chúl.

15 nóiméad ina dhiaidh a tháing tríú cúl Parrott a chinntigh go mbeidh Éire sa tarraingt Déardaoin do na babhtaí cáilithe mí an Mhárta seo chugainn.

Ba cheann de mhórghaiscí stair an spóirt in Éirinn é ag foireann ar beag duine a bhí ag tabhairt aon seans dóibh teacht slán óna ngrúpa cúig lá ó shin.

Fág freagra ar 'Éire sna flaithis bheaga agus iad seolta chuig na babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain ag trí chúl Parrott'

  • Pádraig

    Nach iontach!
    Is a rá go raibh ár sciatháin síos ar fad linn nó gur tháinig Parrott chugainn!