‘Éire á múscailt…’ – Clár Imeachtaí OÉ Gaillimh seolta ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

‘Éire á múscailt: Comóradh ar 1916 agus ar lean é’ is teideal do chlár na hollscoile, atá mar chuid den tionscnamh Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain

NUIG

Tá Clár Imeachtaí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh seolta  ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys.

‘Éire á múscailt: Comóradh ar 1916 agus ar lean é’ is teideal do chlár na hollscoile atá mar chuid den tionscnamh Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.

Dúirt an tAire Humphreys go mbeadh “ról thar a bheith tábhachtach ag OÉ Gaillimh” i gcomóradh na bliana seo chugainn.

“Is cuid lárnach iad institiúidí tríú leibhéal na tíre de chomóradh na bliana seo chugainn; cuirfidh na hollscoileanna go háirithe ardán ar fáil do phlé agus do dhíospóireacht i measc mac léinn, comhaltaí foirne, alumni agus, go deimhin, lucht spéise náisiúnta agus idirnáisiúnta,” a dúirt an tAIre Humphreys.

Mar chuid de chlár comórtha na hollscoile, eagrófar comhdháil acadúil náisiúnta i mí na Samhna 2016.

An faire Heather Humphreys Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Dúirt an Dr Jim Browne, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gur iontach an “an meas d’oidhreacht 1916” a bhí á léiriú ag foireann na hollscoile.

“Is iomaí cúlra, creideamh agus tuairim a bhí ag na fir agus na mná a bhí taobh thiar d’imeachtaí 1916, ach bhí siad ar fad meáite ar Éirinn níos fearr a chruthú. Agus an náisiún ag teacht le chéile chun fís na ndaoine sin a chomóradh, tá pobal éagsúil na hOllscoile tagtha le chéile chomh maith,” a dúirt an Dr Jim Browne.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl in OÉ Gaillimh an bhliain seo chugainn beidh taispeántais eailaíne,coirmeacha ceoil agus comhdhálacha agus ceardlanna.

Tá an Dr Conor McNamara ceaptha mar Scoláire Cónaitheach 1916 chun comhordú a dhéanamh ar imeachtaí an chláir. Beidh an Dr McNamara lonnaithe in Institiúid de Móra, mar a mbeidh sé i mbun taighde ar Éirí Amach 1916 agus a cheangalsan le Contae na Gaillimhe agus iarthar na hÉireann.

Ag seoladh an lae inniu, dúirt an Dr Mary Harris, Léachtóir Sinsearach le Stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Comhordaitheoir Chlár Comórtha 1916 Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gur i gContae na Gaillimhe “a tharla an slógadh is mó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath i rith Sheachtain na Cásca 1916, áit ar éirigh os cionn 600 fear agus bean amach”.

Ba í aisling na Poblachta a bhí mar threoir ag cuid acu, bhí cuid eile spreagtha ag leasú chóras na talún. Sna blianta roimhe sin, áfach, bhí íomhá níos rómánsúla d’Iarthar na hÉireann acu siúd a bhí bainteach le hathbheochan na Gaeilge agus leis an athbheochan Angla-Éireannach; dar leo bhí sé mar stór den fhíorchultúr Gaelach”.

Leis an gclár comórtha seo, déantar scrúdú ar imeachtaí 1916 ó pheirspictíochtaí éagsúla ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta,” a dúirt an Dr Harris.