Éileamh ar sheirbhísí Breatnaise i mbainc agus ollmhargaí — pobalbhreith

Léiríodh i suirbhé a rinne YouGov le deireanas go dtacaíonn formhór mhuintir na Breataine Bige le seirbhísí a bheith ar fáil i mBreatnais i mbainc, in ollmhargaí agus i gcomhlachtaí príobháideacha eile

Éileamh ar sheirbhísí Breatnaise i mbainc agus ollmhargaí — pobalbhreith

57% is 51% daoine a bheadh sásta tacaíocht a thabhairt do dhlíthe a chuirfeadh  seirbhísí ar fáil i mbaic agus in ollmhargaí faoi seach.

Tá éileamh mór ann ar sheirbhísí Breatnaise in ollmhargaí agus i mbainc sa Bhreatain Bheag de réir suirbhé de chuid YouGov. Fuarthas amach sa suirbhé go dtacaíonn 57% de mhuintir na Breataine Bige le reachtaíocht a chuirfeadh iallach ar bhainc seirbhís a chur ar fáil i mBéarla agus i mBreatnais dá gcustaiméirí. Thacaigh 51% den phobal lena leithéid de dhlí do chomhlachtaí poiblí amhail ollmhargaí agus siopaí móra eile.

29% a thug le fios nach dtacódh siad lena leithéid de reachtaíocht i gcás na mbanc agus níor aontaigh 36% gur cheart dualgais teanga a leagan ar ollmhargaí.

Leagtar dualgais ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí áirithe a chur ar fáil do chainteoirí Breatnaise i láthair na huaire. Tá na dualgais sin ar na húdaráis áitiúla, ar pháirceanna náisiúnta agus ar rialtas na Breataine, cur i gcás. Tá na heagraíochtaí sin freagrach do Choimisinéir Teanga na Breataine Bige. Leagtar dualgais áirithe ar chomhlachtaí príobháideacha in earnáil an fhuinnimh agus na seirbhísí iompair freisin i rialachán a tháinig i bhfeidhm anuraidh.

Tá caint ann anois go bhféadfaí an reachtaíocht a leathnú ionas go dtiocfadh bainc, ollmhargaí agus comhlachtaí príobháideacha eile faoi scáth na ndlíthe teanga. Bhí cruinniú ag Cymdeithas yr Iaith Gymraeg, eagraíocht a chuireann an Bhreatnais chun cinn sa Bhreatain Bheag, agus an tAire Breatnaise Alun Davies le deireanas.

Thug cathaoirleach na heagraíochta, Heledd Gwyndaf, le fios gur “cruinniú dearfach” a bhí ann agus go bhfáiltíonn Cymdeithas roimh an scéala go bhfuil spéis ag an Aire Breatnaise na dlíthe a leathnú ach nach bhfuil sonraí na reachtaíochta nua feicthe aige go fóill.

Dúirt sé go bhfuil cosaint dlí an-tábhachtach don Bhreatnais.,

“Má tá feabhas le teacht ar chás na teanga, caithfidh muid an ceart a bheith againn í a úsáid i ngach réimse den saol, léiríonn an suirbhé is deireanaí seo go n-aontaíonn formhór mhuintir na Breataine Bige leis sin. Caithfear cur leis an stádas atá ag an mBreatnais sa tír seo ionas go mbeidh cearta soiléire, cinnte againn,” a dúirt  Gwyndaf.

Cháin sé an easpa seirbhísí i mBreatnais atá ar fáil ar líne ó bhainc agus eagraíochtaí poiblí. Dúirt sé go bhfuil bainc á ndúnadh i gceantair ina labhraítear an Bhreatnais agus go bhfuil seirbhísí Breatnaise á gcailleadh dá bharr. Mhaígh sé go mbíodh custaiméirí in ann an Bhreatnais a labhairt le foireann na mbanc nuair a bhí oifig phoiblí ann ach go bhfuil seirbhísí i mBéarla amháin á gcur ar fáil ar líne anois.

An tseachtain seo, sheol Rialtas na Breataine Bige plean nua ar mhaithe leis an sprioc uaillmhianach 1,000,000 cainteoir Breatnaise a bheith ann faoin mbliain 2050 a bhaint amach. Mar chuid den phlean sin, táthar ag súil go méadóidh líon na páistí atá ag freastal ar scoileanna lánBhreatnaise ó 22% i mbliana go 40% in 2050 agus go mbeadh siadsan líofa sula bhfágfaidh siad an scoil agus go mbeidh timpeallacht ann ina mbeadh chuile dhuine in ann an Bhreatnais a labhairt áit ar bith ba mhian leo sa Bhreatain Bheag.

Fág freagra ar 'Éileamh ar sheirbhísí Breatnaise i mbainc agus ollmhargaí — pobalbhreith'

  • Mánus

    Cén fáth an méid sin cur síos i dTuairisc ar an Bhreathnais? Cheapfá nach bhfuil aon tíortha eile ina labhairtear mionteanga. Tá scéalta tábhachtacha faoi mionteangacha ar fud na cruinne.

  • Pól Réamonn

    Tá éileamh ann do sheirbhísí i mBreatnaise, atá intuigthe. Ach níl nuachtán Breatnaise ar fáil, atá aisteach i mo thuairim.