Tuilleadh éiginnteachta faoi neamhspleáchas nuachta TG4, post ceannasaí gan líonadh

Tugadh le fios do dhaoine a chuir isteach ar an bhfolúntas do cheannaire nuachta le TG4 go raibh stop curtha leis an bpróiseas earcaíochta

Tuilleadh éiginnteachta faoi neamhspleáchas nuachta TG4, post ceannasaí gan líonadh

Tá tuilleadh éiginnteachta ann faoina bhfuil i ndán do sheirbhísí nuachta Gaeilge na teilifíse agus folúntas do cheannaire nuachta TG4 fágtha gan líonadh le beagnach sé mhí.

Tuigtear do Tuairisc gur tugadh le fios do dhaoine a chuir isteach ar an bhfolúntas do cheannaire nuachta go raibh stop curtha leis an bpróiseas earcaíochta agus go mbeadh orthu iarratas nua a dhéanamh ar an bpost sa chás go bhfógrófaí arís é.

Dhiúltaigh TG4 a rá le Tuairisc cén uair a bhí sé i gceist an folúntas a líonadh nó an amhlaidh nach raibh aon duine le ceapadh sa ról.

Idir an dá linn, ní léir mórán dul chun cinn a bheith á dhéanamh maidir leis an bplean go mbeadh seirbhís nuachta nua ag TG4 a bheadh neamhspleách ó RTÉ. Deir Coimisiún na Meán go bhfuil an plé maidir leis an moladh fós ag “dul ar aghaidh”, ach deir TG4 go bhfuil sé “in am” ag an gCoimisiún agus ag an Roinn Cumarsáide “amlíne” a leagan síos.

Fógraíodh an post do cheannaire nuachta agus cúrsaí reatha TG4 i mí na Bealtaine nuair a tháinig Deirdre Ní Choistín i gcomharbacht ar Alan Esslemont mar ardstiúrthóir an stáisiúin.

Ag Ní Choistín a bhí post an cheannaire nuachta ar feadh breis is dhá bhliain roimhe sin, post arbh é ceann de na príomhchúraimí a bhain leis ná seirbhís úr nuachta a bhunú do TG4 a bheadh neamhspleách ar RTÉ.

Agus í faoi agallamh ag an Irish Times an tseachtain seo caite, dúirt Deirdre Ní Choistín go raibh neamhspleáchas na nuachta ar cheann de na rudaí is mó a spreag í le cur isteach ar phost an ardstiúrthóra.

“Bhí mé i mo cheannasaí nuachta ar feadh trí bliana agus cuid den phost a bhí ann é sin [neamhspleáchas nuachta] a bhaint amach.

“Tá sé tábhachtach dár lucht féachana, mar tá an spéis chéanna i gcúrsaí nuachta ag lucht féachana na Gaeilge is atá ag lucht féachana an Bhéarla, agus mar sin caithfimid seirbhís níos mó agus níos fearr a thabhairt dóibh,” arsa Ard-Stiúrthóir TG4.

Dúirt sí nach raibh mórán de dheis ann cur leis an tseirbhís nuachta Gaeilge faoi láthair agus go raibh dóchas aici go mbeadh réiteach ar an scéal i bhfad sula dtiocfadh deireadh lena tréimhse mar cheannasaí.

“An príomhrud maidir le cúrsaí a bhogadh ar aghaidh, is dóigh liom, ná go leagfadh Coimisiún na Meán agus an roinn [cumarsáide] amlíne síos ina leith,” ar sí.

Tá plé ar bun le cúpla bliain anuas maidir leis an bplean go mbeadh seirbhís nuachta ag TG4 a bheadh neamhspleách ó RTÉ.

Tá amhras ann le tamall faoin bplean go mbeadh smacht eagarthóireachta ag TG4 ar a seirbhís nuachta féin agus Roinn na Meán ag súil le tuarascáil ó Choimisiún na Meán faoin dul chun cinn atá déanta sa phróiseas. Dúirt Coimisiún na Meán le Tuairisc go raibh an plé fós ar siúl maidir leis an tseirbhís nua nuachta.

“Tá rannpháirtíocht fós ar siúl maidir lena bhfuil i ndán do sheirbhís Nuacht TG4,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.

Bhí sé i gceist ag lucht bainistíochta TG4 go mbeadh seirbhís nuachta neamhspleách ag an stáisiún roimh dheireadh na bliana seo, ach ní bhainfear amach an sprioc sin agus ní léir aon sprioc nua a bheith curtha ina háit.

Tuigtear chomh maith go bhfuil dearcadh ann go bhfuil cur chun cinn phlean an neamhspleáchais ag brath ar ardú suntasach do TG4 i mbuiséad na míosa seo chugainn agus go bhfuil sé ina imní sa stáisiún go bhfuil suim an rialtais sa mholadh ag fuarú.

Dúirt daoine a bhí i láthair ag cruinniú a bhí ag lucht bainistíochta RTÉ le foireann Nuacht TG4 sa samhradh nach raibh sé soiléir in aon chor céard a tharlódh mar gheall ar cheist an neamhspleáchais.

Níor léir, a dúradh, go raibh aon dul chun cinn déanta ag RTÉ agus TG4 maidir le teacht ar réiteach faoin bplean.

Faoi láthair, is iad RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus Seacht Lá ar fáil do TG4.

Dúirt urlabhraí ó TG4 le Tuairisc nach raibh “aon rud” le rá acu faoi phost an cheannasaí nuachta ná faoi bhunú seirbhís nua nuachta.

Nuair a fógraíodh poist do ‘eagarthóirí/léiritheoirí ábhair dhigitigh nuachta agus cúrsaí reatha’ in TG4 sa bhliain 2023 cuireadh deireadh tobann leis an bpróiseas earcaíochta freisin.

Dúradh ag an am go raibh an comórtas “á chur siar mar gheall ar chúinsí a bhaineann le dearadh agus forbairt an tsuímh nua” nuachta a bheadh ag seirbhís nuachta neamhspleách TG4.

Níor fógraíodh na poist sin ó shin.

 

Fág freagra ar 'Tuilleadh éiginnteachta faoi neamhspleáchas nuachta TG4, post ceannasaí gan líonadh'