Edwin Poots tofa ina cheannaire ar an DUP

Dúirt ceannaire nua an DUP tráthnóna nach bhféadfadh aontachtóirí a bheith 'ag cocaireacht lena chéile mar a bhídís san am a caitheadh'

Edwin Poots tofa ina cheannaire ar an DUP

Is é Edwin Poots ceannaire nua an DUP.

Is é an ceathrú ceannaire ar an bpáirtí aontachtach é, i ndiaidh Ian Paisley, Peter Robinson agus Arlene Foster.

Fuair Poots an ceann is fearr ar an bhfeisire parlaiminte Jeffrey Donaldson sa chéad chomórtas ceannaireachta a bhí ag an bpáirtí riamh.

19 vóta a bhí ag Poots agus 17 a bhí ag Donaldson.

Dúirt Poots go raibh fonn air comhoibriú le ceannairí na bpáirtithe aontachta eile. Dúirt sé nach bhféadfadh aontachtóirí a bheith “ag cocaireacht lena chéile mar a bhídís san am a caitheadh”. Bhí súil aige go mbeadh “dea-chaidreamh” aige le daoine ó pháirtithe eile.

Toghadh Paula Bradley, ball do thionól Stormont sa tuaisceart Bhéal Feirste, mar leascheannaire nua an pháirtí. Fuair sí an ceann is fearr ar Gregory Campbell, 18 vóta in aghaidh 16.

As Lios na gCearrbhach i gcontae Aontroma do Poots, atá 55 bliain, agus tá ceathrar clainne air féin agus a bhean, Glynis. Tá sé ina bhall Tionóil do Ghleann an Lagáin ó 1988.

Tá sé ina bhall den DUP ó bhí sé 16 agus bhí a athair ar dhuine de na daoine a bhunaigh an páirtí in éineacht le Ian Paisley.

Tiocfaidh Poots i gcomharbacht ar Arlene Foster mar cheannaire an DUP tráth a bhfuil go leor dúshlán roimh an bpáirtí.

Éireoidh Arlene Foster as ceannaireacht an DUP ar an 28 Bealtaine agus éireoidh sí as an gcéad-aireacht ag deireadh mhí an Mheithimh.

Tá ráite ag Edwin Poots, atá ina aire talmhaíochta, nach bhfuil post an Chéad-Aire uaidh.

Ghuigh ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald gach rath ar cheannaire nuathofa an DUP.

Mhaígh Edwin Poots tráth gurb é an gaisce is mó a rinne sé nuair a bhí sé ina aire cultúir ná an t-éileamh ar acht Gaeilge a chur ó dhoras. Bhain sé siar as daoine nuair a labhair sé abairt Ghaeilge ag ócáid i nDún na nGall in 2017.

“Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir,” a dúirt Poots, MLA de chuid an DUP, agus é ag cur in aghaidh “éileamh Shinn Féin” ar acht Gaeilge.

Níor luaigh Poots ná Jeffrey Donaldson an reachtaíocht teanga le linn a bhfeachtas ceannaireachta agus tá sé ina imní go ngabhfaidh Poots siar ar na gealltanais a tugadh i Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Tá sé dearbhaithe gur cruthaíochtaí é Edwin Poots agus nuair a bhí sé ina Aire Sláinte dhiúltaigh sé cead d’fhir aeracha fuil a dheonú ach táid ann a mhaíonn go bhfuil sé níos pragmataí ná a thugann sé le fios go poiblí.

Fág freagra ar 'Edwin Poots tofa ina cheannaire ar an DUP'