Dealraíonn sé gur beag iontaoibh atá againn asainn féin chomh fada agus a bhaineann sé le smacht a choinneáil orainn féin. De réir na Pobalbhreithe Náisiúnta seo a rinne Tuairisc.ie/Millward Brown go mall i mí Mheán Fómhair agus go luath i mí Dheireadh Fómhair, creideann cuid mhór againn go bhfuil sé i ndán dúinn na botúin eacnamaíochta a rinneamar san am a chuaigh thart a dhéanamh arís.
Nuair a tháinig meath ar an Tíogar Ceilteach ar dhóigh chomh náiriúil agus a tháinig, rinneamar machnamh doimhin ar a amaidí a bhíomar na maidí a ligean le sruth.
Le dhá mhí dhéag anuas, tá athrú tagtha ar chúrsaí, áfach. Bhí na chéad chomharthaí ann go rabhamar chun teacht aniar agus ansin ba léir go raibh téarnamh ceart eacnamaíochta i ndán dúinn. Ach is cosúil nach miste le cuid mhaith againn dallamullóg a chur orainn féin agus dearmad a dhéanamh ar an méid a thit amach san am atá caite.
Ar ndóigh, táimid meallta ag bunchloch bheartas na hÉireann ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de (nach beartas ar chor ar bith é ach maoithneas). Táimid faoi dhraíocht agus faoi gheasa ag an spéirbhean seo – an Réadmhaoin.
Cuireadh ceist ar an bpobal i dtéarmaí níos ginearálta – “An bhfuil sé i ndán dúinn na botúin eacnamaíochta a rinneadh i ré an Tíogair Cheiltigh a dhéanamh arís?” Ach is réasúnta a rá gur cosúil go raibh praghas na dtithe go mór ar intinn ag roinnt mhaith daoine.
Tá na torthaí láidir; creideann triúr as gach cúigear (59pc) nach bhfoghlaimeoimid an ceacht. An gné shainiúil Éireannach atá anseo? Glac an Ghearmáin sa mhór-roinn mar shampla. Is tír í atá an-daingean ó thaobh na heacnamaíochta de ach go dtí le déanaí chuireadh arracht mór an bhoilscithe eagla a gcraicinn orthu – mar gheall ar a gcuid eispéireas breis agus seachtó bliain ó shin. Níl cúig bliana féin imithe tharainn ó bhíomar féin bancbhriste go bunúsach. B’fhéidir go bhfoghlaimeoimid an ceacht. Nó b’fhéidir nach bhfuil muinín againn asainn féin an ceacht a fhoghlaim.
Mar a dúirt Einstein, “An té atá cliste, réitíonn sé fadhbanna. An té atá críonna, seachnaíonn sé ar fad iad.” Cé acu atá fíor inár gcás-na – cliste, críonna nó eile?
Cé hiad is lú a bhfuil muinín acu as ár gcumas foghlaim? Fir (64%) atá 55-64 bliain d’aois (68%) an dream is lú soirbheachas ag baint leo. Is iad siúd atá ina gcónaí i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh is lú a chreideann go bhfuilimid in ann athrú, ach níl ach difear beag idir iad agus muintir eile na tíre.
Maidir le réadmhaoin go sonrach, tá sé intuigthe, go pointe, go bhfuilimid chomh cráite sin agus nach bhfuil a fhios againn cad é ba chóir dúinn a dhéanamh.
Go bunúsach, tá na glúine difriúla ar mhalairt intinne ar fad lena chéile. Tá daoine níos óige neirbhíseach maidir lena gcumas an chéad chéim a ghlacadh ar an dréimire réadmhaoine. Tá daoine atá rud beag níos sine, agus a bhí thuas seal thíos seal mar gheall ar phraghsanna ardaithe réadmhaoine ar thit an tóin astu ina dhiaidh sin, ag streachailt leis an gcothromas diúltach. Tá riachtanais dhifriúla ag an dá dhream, riachtanais atá go huile is go hiomlán éagsúil lena chéile.
Is lón spéise é gurb iad an mhuintir is rachmasaí sa tsochaí, na haicmí gairmiúla (AB), an dream is muiníne nach ndéanfaimid na botúin chéanna arís – creideann triúr as gach deichniúr acu (28%) gur amhlaidh a bheas an scéal, le hais 18% san iomlán. Ní cion ard atá i gceist anseo, ar ndóigh.
Beidh sé suimiúil a fheiceáil cén fhorbairt a thiocfaidh ar chúrsaí san athbhliain i bhfianaise bearta idirghabhála an Bhainc Ceannais Dé Máirt chun an t-éileamh/ardú ar phraghsanna a mhaolú.
Fágaimis réadmhaoin ar leataobh anois. Tá an argóint ann nach earráidí airgeadais ar chor ar bith ba údar leis na botúin eacnamaíochta a rinneamar i ré an Tíogair Cheiltigh ach earráidí cultúrtha. D’fhorbair meon ar leith gur rud é an rachmas a raibh teidlíocht againn air.
Cé go raibh cuid den spraoi ag baint leis an dearcadh seo ag an tús as siocair gur rud úrnua a bhí sa rachmas nach raibh cleachtadh againn air, tháinig aigne ghránna chun cinn de réir a chéile (ní i gcás gach duine, ach i gcás cuid againn is léir). Beidh cuid mhór againn sásta droim a thabhairt ar an ngné áirithe sin dár stair.
Caithfear a bheith an-chúramach ar an mbealach eacnamaíochta atá romhainn. Beidh ar na reachtóirí cur chuige comhtháite, seasmhach a bheith acu atá daingean ó thaobh eacnamaíochta de.
Ní rud éasca é sin óir tá grúpaí éagsúla sainspéise ann a bheidh ag éileamh go bhfreastalófar ar na riachtanais acu féin. Ní nach ionadh go bhfuilimid buartha faoi chúrsaí eacnamaíochta sa todhchaí. Níor fhoghlaimíomar mórán san am a chuaigh thart; cén fáth, mar sin, a bheadh cúrsaí puinn difriúil anois?
Is stiúrthóir comhlach é Paul Moran le Millward Brown. Tá na torthaí pobalbhreithe atá luaite anseo bunaithe ar Phobalbhreith Tuairisc.ie /Millward Brown. Rinneadh an phobalbhreith le sampla de dhaoine fásta a bhí ionadaíoch ar an 3.43 milliún duine fásta atá 18 mbliana d’aois agus níos sine – cuireadh faoi agallamh iad go pearsanta sa bhaile in 66 áit samplála ar fud Phoblacht na hÉireann. +/-3.1% an lamháil earráide don phobalbhreith seo.