Eolas níos mine tugtha faoi na cúiseanna ar diúltaíodh do Pháirc na Mara

Ghlac cigire ón mBord Pleanála leis go mbeadh tionchar dearfach ag Páirc na Mara ar an ngeilleagar in iarthar Chonamara ach mheas sí nár léiríodh go bhféadfadh an soláthar uisce sa cheantar freastal ar an bhforbairt

Eolas níos mine tugtha faoi na cúiseanna ar diúltaíodh do Pháirc na Mara

Tá eolas níos mine foilsithe faoi na cúiseanna nár éirigh le hachomharc Údarás na Gaeltachta faoin gcinneadh gan cead pleanála a thabhairt do Pháirc na Mara i gConamara.

Fógraíodh níos luaithe an mhí seo gur chinn an Bord Pleanála gan dul siar ar chinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe gan cead pleanála a thabhairt d’Udarás na Gaeltachta Páirc na Mara a thógáil i gCill Chiaráin i gConamara.

Easpa eolais maidir leis an gcaoi a rachadh an t-athrú aeráide i bhfeidhm ar Pháirc na Mara agus an tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar chúrsaí uisce sa cheantar ba mhó ba chúis le diúltú don phlean.

Bhí forbairt an togra tionscail agus taighde, a bheadh bunaithe ar acmhainní mara agus cladaigh, le bheith ar cheann de na tograí ba mhó a thug an tÚdarás faoi riamh ach tá amhras mór ann anois faoi céard atá i ndán don phlean.

Tá an tuarascáil ón gcigire pleanála ar a bhunaigh an Bord a chinneadh foilsithe agus eolas níos mine tugtha inti ar na cúiseanna nár éirigh le hachomharc an Údaráis faoin gcinneadh a rinne Comhairle Contae na Gaillimhe in 2021 gan cead pleanála a thabhairt don togra.

Ina tuarascáil, dúirt an cigire pleanála go mbeadh tionchar dearfach ag Páirc na Mara ar an ngeilleagar áitiúil ach mheas sí nár cruthaíodh go bhféadfadh an soláthar uisce sa cheantar freastal ar an bhforbairt.

Dúirt an cigire go raibh sí sásta nach mbeadh aon tionchar suntasach ag an bhforbairt ar shláinte an phobail ná ar an tírdhreach sa cheantar ach go raibh imní uirthi maidir le cúrsaí uisce, bithéagsúlachta, seandálaíochta agus maidir leis an athrú aeráide. Níor cuireadh eolas ar fáil a mhaolódh an t-imní sin, a dúirt an Cigire, agus dhiúltaigh sí don iarratas dá réir.

Ina cinneadh, dúirt an Bord Pleanála go raibh “easpa faisnéise cuimsithí ar na héifeachtaí féideartha ar athrú aeráide ar mhúnla cothromaíochta uisce an iarratasóra”.

Bhí sé i gceist Loch Scainimh a úsáid chun uisce a sholáthar do Pháirc na Mara ach dúirt an Bord Pleanála nach rabhthas sásta go bhféadfadh an loch freastal ar an bhforbairt “gan drochthionchar ar bhithéagsúlacht, ar sheandálaíocht agus ar na héilimh dóchúla a bheidh ar Scéim Réigiúnach Soláthair Uisce Charna-Cill Chiaráin sa todhchaí.”

Dúradh go mbeadh an fhorbairt bheartaithe “contrártha le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair”.

Léiríodh imní freisin faoin tionchar a bheadh ag fhorbairt Pháirc na Mara ar Choimpléasc Phortach Chonamara, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) atá in aice leis an suíomh.

Dúirt an Bord nach raibh “faisnéis leordhóthanach” curtha ar fáil maidir leis an tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar an leibhéal uisce i Loch Scainimh agus ar an athrú aeráide.

Cuireadh 27 aighneacht faoi bhráid an Bhoird Phleanála le linn an achomhairc, cuid acu ag léiriú tacaíochta don fhorbairt agus cuid eile ag cur ina coinne. I measc na ndreamanna a scríobh aighneacht, bhí Coiste Pobail Charna, Forbairt Chonamara Láir Teo, GMIT, CLG Cárna-Caiseal, Conradh na Gaeilge, Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Galway Bay Against Salmon Cages agus Coiste Tacaíochta Chalafort Ros a’Mhíl.

I measc na dtuairimí a cuireadh faoi bhráid an Bhoird sna haighneachtaí sin, dúradh go bhféadfadh an fhorbairt fostaíocht agus deiseanna eile a raibh géarghá leo a thabhairt chuig iarthar Chonamara. Dúradh gur ceantar ard-dífhostaíochta a bhí i gceantar Iorrais Aithneach agus go bhféadfadh Páirc na Mara deireadh a chur leis an gcúlú eacnamaíoch agus sóisialta a bhí ag tarlú agus daoine a mhealladh go dtí an ceantar.

Measadh go mbeadh tionchar dearfach ag Páirc na Mara ar an athrú aeráide de thoradh an taighde a bheadh ar bun inti agus go mbeadh níos mó buntáistí ná míbhuntáistí ag baint leis an togra.

Ní gach duine a thug tacaíocht don fhorbairt, áfach, agus roinnt imní léirithe faoi thionchar na feirmeoireachta bradán a bhí le bheith mar chuid den togra agus an truailliú a bhaineann leis an tionscadal áirithe sin.

Léiríodh imní faoin soláthar uisce áitiúil freisin sna haighneachtaí agus dúradh go raibh ganntanas mór uisce ann le linn teaspaigh i samhradh 2021.

Déanadh tagairt sna haighneachtaí don dea-thionchar a bheadh ag an bhforbairt ar chaomhnú na Gaeilge sa cheantar ach bhí aighneachtaí eile a léirigh imní go raibh na sonraí pleanála do Pháirc na Mara déanta i nGaeilge amháin agus gur chuir seo srian ar dhaoine áitiúla páirt a ghlacadh sa phróiseas.

Tá ráite ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil an eagraíocht chun tiomanta do togra Pháirc na Mara go fóill agus go bhfuiltear chun staidéar a dhéanamh ar na cúiseanna gur diúltaíodh don phlean sula dtógfar an chéad chéim eile.

Fág freagra ar 'Eolas níos mine tugtha faoi na cúiseanna ar diúltaíodh do Pháirc na Mara'