Tá easaontas ann i gcónaí idir Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge maidir leis an mhaoiniú atá á chur ar fáil do ghrúpaí pobail atá ag brath ar scéim de chuid an Fhorais.
Deir Conradh na Gaeilge nach leor an méid airgid a d’fhógair Foras na Gaeilge an mhí seo do na grúpaí pobail atá ag brath ar mhaoiniú faoin Scéim Pobail Gaeilge (SPG).
Tá €55,000 á éileamh ag na grúpaí atá ag brath ar an scéim le go mbeidís in ann duine a fhostú cúig lá na seachtaine in áit ceithre lá, mar a bhí orthu a dhéanamh ó rinneadh ciorrú ar an scéim in 2016.
Bhíodh €80,000 ar fáil do ghrúpaí a bhí ag feidhmiú faoin scéim chéanna agus deir Conradh na Gaeilge gur éileamh “réasúnta” atá ann €55,000 a chur ar fáil don 22 grúpa atá á maoiniú faoin scéim.
Ba cheart maoiniú “ceart” agus “cothrom” a chur ar fáil do ghrúpa atá ag brath ar an Scéim Pobal Gaeilge (SPG) anois i bhfianaise an €1.7 milliún breise atá deimhnithe d’Fhoras na Gaeilge ón dá Rialtas, a deir an Conradh.
I ráiteas a chuir Foras na Gaeilge amach, dúradh go mbeidh “infheistíocht shuntasach” á déanamh ag an eagraíocht trasteorann i bhforbairt pobail trí scéim eile dá gcuid, ‘Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022 – 2024’.
Ciste bliantúil €1.376m atá curtha ar leataobh don scéim áirithe sin.
Gealladh sa ráiteas go gcuirfí “pacáistí cúitimh” ar fáil amach sa bhliain do ghrúpaí atá ag brath ar an Scéim Pobal Gaeilge. Ciste cúitimh €220,000 atá geallta san iomlán, faoina mbeadh €10,000 nó £8,700 á chur ar fáil don 22 grúpa faoin scéim.
Deir Conradh na Gaeilge nach leor an méid sin agus go bhfuil sé “ríthábhachtach” go dtabharfaí an maoiniú breise atá á lorg ag na grúpaí SPG “gan a thuilleadh moille”.
Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge gur gá “tosaíocht” a dhéanamh den scéim.
“Is gá, ag an bpointe seo, tosaíocht a dhéanamh den scéim SPG mar go bhfuil an scéim nua le tosú in 2022 agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí deireadh 2025.
“Is féidir le cuid mhaith de na rudaí eile atá luaite sa phlean infheistíochta fanacht ar bhreis maoinithe d’Fhoras na Gaeilge ón dá Rialtas. Leanfaidh an Conradh ag brú le haghaidh an mhaoinithe seo sna seachtainí agus sna míonna os ár gcomhair,” a dúirt sé.
Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil sé “riachtanach” chomh maith go gcuirfeadh Foras na Gaeilge eolas ar fáil do phobal na Gaeilge faoina bplean caiteachais d’aon mhaoiniú breise a bheidh acu idir seo agus 2022, maoiniú a tháinig cuid mhaith “de dhroim obair stocaireachta”.
Tá próiseas comhairliúcháin á reáchtáil ag Foras na Gaeilge i dtaca leis an Scéim Pobal Gaeilge le bliain anuas tar éis do Chonradh na Gaeilge a mholadh ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge go gcuirfeadh na hairí Gaeltachta brú ar Fhoras na Gaeilge ceann de na ciorruithe “is suaraí” a cuireadh i bhfeidhm riamh ar obair na Gaeilge sa phobal a tharraingt siar.
Fág freagra ar 'Easaontas idir Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge faoi mhaoiniú do ghrúpaí pobail'