Easaontas idir an tAire Airgeadais agus an Taoiseach faoi Údarás na Gaeltachta

Bhí easaontas idir an tAire Airgeadais agus an Taoiseach i 1987 faoi leasú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta

Easaontas idir an tAire Airgeadais agus an Taoiseach faoi Údarás na Gaeltachta

Ní raibh an Taoiseach, Charles Haughey (a bhí ag feidhmiú mar Aire na Gaeltachta ag an am) ar aon fhocal lena chomhghleacaí, Ray McSharry, faoi leasú a moladh i 1987 ar an Acht trína raibh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú.

De réir an leasaithe seo bhí sé i gceist an teorainn reachtúil d’airleacan nó réamhíocaíocht ón Phríomh-Chiste don Údarás a mhéadú ó £50m go £60m. Cuireadh an leasú ar an Acht os comhair cruinniú rialtais ar an 7 Aibreán, 1987 agus dúradh go raibh práinn mhór ag baint leis mar go raibh an tÚdarás “in dire need for advances.”

Bhí an Taoiseach den tuairim gur cheart an teorainn le haghaidh réamhíocaíocht a dhúbailt go £100m. Níor aontaigh an tAire Airgeadais, Ray McSharry, leis sin. Dá méadófaí an tsuim réamhíocaíochta “the chances of ensuring that Údarás will restructure its asset base successfully would be diminished.”

Dúirt an tAire McSharry nach raibh aon fhianaise ann go raibh an tÚdarás ag iarraidh a chinntiú go bhfaighidís luach maith óna gcuid sócmhainní agus gur cheart go gcloífí leis an teorainn réamhíocaíochtaí a bhí ann le go mbeadh ar an Údarás bonn ceart a chur faoina gcuid iarrachtaí poist a chruthú.

Mhaígh an Taoiseach, áfach, go raibh an tsuim réamhíocaíochtaí sin de dhíth le haghaidh obair thógála. Ach bhí an lá leis an Aire Airgeadais agus chinn an rialtas go n-ardófaí an teorainn reachtúil d’airleacain ón Phríomh-Chiste go £60,000.

Léiríonn miontuairiscí an chruinnithe rialtais ar an 7 Aibreán, 1987, áfach, go raibh coinníoll ag baint leis an mhéadú seo, ‘sé sin go mbeadh ar an Údarás a chruthú go ndéanfaidís athstruchtúrú ar a gcuid sócmhainní.

Fág freagra ar 'Easaontas idir an tAire Airgeadais agus an Taoiseach faoi Údarás na Gaeltachta'