Ealaíontóirí is údair a bhfuil Gaeilge acu á lorg chun 15 lá oibre a dhéanamh ar €6,000

Tá ealaíontóirí, maisitheoirí agus údair á lorg chun léitheoireacht phléisiúir na Gaeilge a chur chun cinn

Ealaíontóirí is údair a bhfuil Gaeilge acu á lorg chun 15 lá oibre a dhéanamh ar €6,000

Tá tamall eile ag ealaíontóirí is údair a bhfuil Gaeilge acu le cur isteach ar scéim nua chun léitheoireacht phléisiúir na Gaeilge a chur chun cinn i mbunscoileanna na hÉireann.

San earrach seo chugainn gheobhaidh bunscoileanna uilig an oileáin seo bosca leabhar Gaeilge ina mbeidh 25 leabhar Gaeilge a roghnaigh Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn. Beidh deis ag 20 bunscoil díobhsan ealaíontóir cónaithe a bheith chucu sa scoil chun an léamh ar son an phléisiúir a chur cinn i measc na ndaltaí sa scoil.

Cuirfear ceardlanna físe le húdair agus maisitheoirí leabhar ar fáil do na scoileanna chomh maith. Ní hionann na leabhair a gheobhaidh scoileanna Gaeilge agus scoileanna Béarla.

Chun an obair seo a dhéanamh tá Leabhair Pháistí Éireann ag tairiscint conarthaí do dheichniúr ealaíontóirí chun oibriú le daltaí sa 20 scoil sin idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh 2022.

Is féidir le healaíontóirí a bhfuil spéis acu saothar físe a chur ar fáil a chothódh an léitheoireacht iarratas a dhéanamh ar an scéim seo chomh maith. Cuirfear aon ábhar físe a chruthófar ar fáil do na scoileanna ar fad saor in aisce.

Más ealaíontóir, maisitheoir nó údar thú a bhfuil taithí agat a bheith ag obair i gceardlanna le gasúir idir 4-13 bliain agus a mbeidh am agat san earrach don obair seo, níl le déanamh agat ach an fhoirm léirithe spéise a líonadh roimh an 22 Samhain.

Íocfar táille €6,000 leis na healaíontóirí ar 15 lá oibre.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Tá Foras Na Gaeilge ag cur maoiniú €300,000 ar fáil don bhosca leabhar Gaeilge.

Fág freagra ar 'Ealaíontóirí is údair a bhfuil Gaeilge acu á lorg chun 15 lá oibre a dhéanamh ar €6,000'

  • Art Ó Súilleabháin

    Ba bhreá liom bheith páirteach san obair seo – is iar-mhúinteoir bunscoile atá ag scríobh go lán aimseartha anois agus tà roinnt leabhair as Gaeilge foilsithe agam do pháistí