Craolfar beo ar líne cuid den chéad chruinniú ag club leabhar nua, atá curtha ar bun ag an eagraíocht teanga Gaelchultúr, le “deis rannpháirtíochta” a thabhairt do léitheoirí Gaeilge ar fud an domhain.
Casfar baill an chlub nuabhunaithe ar a chéile den chéad uair in oifigí na heagraíochta seachtain ó lá amárach, Dé hAoine an 30 Meán Fómhair, le plé a dhéanamh ar Éagóir (Cois Life) le Seán Ó Cuirreáin.
Mairfidh an cruinniú ar feadh uair an chloig agus beidh deis ag na rannpháirtithe ceisteanna a chur ar údar an leabhair ag deireadh an chruinnithe. Beidh an chuid dheireanach sin den imeacht, ina dtabharfaidh Seán Ó Cuirreáin freagraí ar cheisteanna faoina a shaothar, á craoladh beo ar Facebook Live agus beidh deis ag duine ar bith ar domhan a bhfuil ceangal idirlín aige ceist a chur air faoina leabhar.
Tá sé i gceist ag an gClub Leabhar go mbuailfidh na baill le chéile uair sa mhí as seo amach le plé a dhéanamh ar ‘leabhar na míosa’ ar ClubLeabhar.com. Bhunaigh Gaelchultúr an suíomh sin seacht mbliana ó shin.
“Táimid ag caint le fada anois ar chlub leabhar a reáchtáil i nGaelchultúr le deis a thabhairt do bhaill an chlub ar líne teacht le chéile gach mí chun plé a dhéanamh ar shaothar na míosa sin.
“Tá fóram againn ar an suíomh ar ndóigh, agus bíonn deis ag daoine tuairimí a nochtadh ansin, nó ar Facebook nó Twitter, ach is mór idir a bheith i do shuí leat féin sa bhaile, ag scríobh postála ar fhóram, agus leabhar a phlé i gceart le daoine eile,” a dúirt Róisín Adams, stiúrthóir ClubLeabhar.com.
Tá sé i gceist ag Club Leabhar Ghaelchultúr cuireadh a thabhairt d’údair na leabhar a bheidh á bplé teacht i láthair i dtreo dheireadh na gcruinnithe le ceisteanna a fhreagairt maidir lena saothar.
Is é an t-iar-iriseoir Seán Ó Cuirreáin, a bhí ina choimisinéir teanga idir 2004-2014, údar Éagóir, Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna (Cois Life), an chéad leabhar i nGaeilge faoi chás a tharraing oiread conspóide ag an am go luaitear le titim Rialtas na Breataine é.
Bhain an cás le dúnmharú cúigear as an aon teaghlach amháin i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo.
D’fhág an tslí ar láimhseáladh an scéal gur crochadh triúr san éagóir agus gur chaith cúigear eile blianta fada dá saol i bpríosún mar gheall ar choir uafásach nach raibh baint ná páirt acu léi. Bhí daoradh na bhfear bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.
Fág freagra ar '‘Éagóir’ le plé beo ar Facebook ag an gcéad chruinniú de Chlub Leabhar Ghaelchultúir'