Éagóir ar Luimneach é nach samhlaítear an Ghaeilge leis

Sa mhír seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa is d'aimhleasa. Solas ar thraidisiún láidir litríochta Luimnigh atá sa dá leabhar atá faoi chaibidil an tseachtain seo…

Éagóir ar Luimneach é nach samhlaítear an Ghaeilge leis

Níorbh fholáir rud éigin a scríobh agus aitheantas cóir ceart a thabhairt do bhua iomráiteach Luimnigh i gcraobh iomána na hÉireann i mbliana. Tharla go raibh sé de phribhléid agam a bheith ann a bhuíochas sin le duine sárfhlaithiúil a bhronn a thicéad féin orm mar gur thuig sé go mbainfinn taitneamh as. In ainneoin na péine, aithním ealaín agus ardchumas agus taispeántas os cionn na reann nuair a bhím ag stánadh air le hiontas.

 De chontaetha uile na Mumhan b’fhéidir gurb é Luimneach an ceann is lú a samhlaímid an Ghaeilge leis. Ní raibh aon Ghaeltacht ann le cuimhne na ndaoine, agus cé go bhfuil traidisiúin chultúr cainte an Chláir agus Thiobraid Árann dulta i léig tá greim fós againn orthu. B’éagóir ar Luimneach an bhreith sin, áfach, toisc go raibh traidisiún láidir litríochta acu riamh anonn go tairseach na tubaiste san 19ú haois.

 Solas ar an traidisiún sin is ea an dá leabhar seo, Filí Luimnigh Gan Iomrá san Ochtú hAois Déag le hÚna Nic Énrí (Coiscéim €15) agus Séamas (‘An Setter’) Ó Caoindealbháin: Amhráin agus Dánta le Pádraig Ó Cearbhaill (Coiscéim €15). 

Is é a déarfaidh daoine gur leabhair acadúla is ea iad seo agus nach don ghnáthphobal iad. Preit agus pleoid air sin! Dánta agus amhráin atá iontu a chum ‘gnáthdhaoine’ ar son ‘gnáthdhaoine’ agus má thug ‘gnáthdhaoine’ gean dóibh tráth, níl aon chúis nach dtabharfadh ‘gnáthdhaoine’ gean dóibh arís. 

 Dosaen filí ó Luimneach atá i leabhar Nic Énrí, ‘filí áitiúla’ mar a deir sí ina dtaobh. Ní raibh aon chúis nach leathnódh go leor dá saothar amach ach gur chas cor an tsaoil orthu agus ar an nGaeilge. Is de shuimiúlacht gur ghairmeacha den uile shaghas a bhí ag na filí seo, tábhairneoir, saor cloiche, súdaire, bróicéir ime, táilliúir, sagairt, máistrí scoile, mangaire muc agus eile. An té nach bhfuil spéis san éigse aige gheobhaidh sé a leordhóthain eolais ar dhálaí sóisialta na tíre sa réamhrá cuimsitheach i dtosach, agus sna dírbheathaisnéisí a sholáthraítear i gcúl an leabhair. Ná leagtar leabhar uait toisc go bhfuil cuma ‘acadúil’ air!

 Tá go leor den fhilíocht seo iontach spleodrach mar is ceart. Dá mairfeadh an teanga san áit bheadh go leor díobh seo ar bhéala daoine, mar a bhí ag na bailéid a tháinig ina ndiaidh. Tá foirm neamhchoitianta faoi leith ag baint le ‘Im ghlúin le ráineach ráis’ le Muiris Ó Gríofa, agus b’fhéidir ceacht do dhuine a ghabhann amach ag lorg mná san oíche!

 Is é is iontaí leat, dá nósmhar a lán de na dánta, go bhfuil fuinneamh iontach fós iontu. Má tá cineál ‘A Éigse na gCeacht’ le Séamus Ó Dálaigh ráite cheana, nach cumadóireacht mhíorúilteach í gur féidir an rud céanna a dheachtú arís eile ar sheanchuma nua?

 Aoir bhinbeach iontach is ea ‘A Mhanglaim úd ní subhach le cách do scéal’ a chum file amháin ar fhile eile den tsaghas nach bhfeicfí inniu. Cé a déarfadh anois: ‘A chamra an mhúin, níl ponc ar aird id bhéal’…cé gur dócha go mothaítear é sin nuair a sciobann file amháin duais ó fhile eile?

 File aonair is ábhar do leabhar Phádraig Uí Chearbhaill, Séamas (‘An Setter’) Ó Caoindealbháin, fág go bhfuil cúpla dán ó fhilí eile ann chomh maith. Is suaitheantasach go mbainid seo leis an 19ú haois nuair a cheaptar go raibh an éigse ag dreo i mbólaí áirithe. Ar fhianaise an leabhair seo ní raibh i Luimneach!

 Tuirimh is aislingí is mó a shaothraigh an Caoindealbhánach, dhá mhúnla filíochta nach foláir nó bhí feidhm i gcónaí leo i dtús an 19ú haois. Léití as lámhscríbhinní iad nó d’aithrisítí iad, agus go deimhin luaitear foinn le beagnach a leath. Mar amhránaí nótálta é féin, ní chuirfeadh sé puinn iontais orm dá gcloisfimis cuid acu ó Phádraig Ó Cearbhaill ar ball, go díreach mar a dhein sé le dánta is le hamhrán Uilliam English cheana.

 Arís ar ais, muran áin leat tabhairt faoin bhfilíocht i dtosach tá réamhrá cuimsitheach mar gheall ar an bhfile é féin agus ar imeachtaí na dáimhe máguaird lena linn. Máistir scoile ba ea é, agus ba léir ardmheas air. Trácht ar dhaoine agus ar eachtraí sóisialta a chleacht sé, agus murarbh iad na Stíobhartaigh lofa lucht na cabhrach a bhí le fóirithint orainn, leagann sé an cúram sin ar Bonaparte agus ar Dhónall Ó Conaill. Déarfainn gur nuacht d’fhear Dhoire Fhíonáin, áfach, gurbh é ‘a shéidfidh na Danair’ as Éirinn.

 Dánta tathagacha substaintiúla a bhformhór, ceann díobh nach mór 400 líne d’fhad. Is de shuimiúlacht an t-ábhar faoi na Bíoblóirí go háirithe, agus an fhaicseanaíocht chomh maith a bhí coiteann go maith i Luimneach na huaire sin. Ach ba léir ar na caointe a cumadh air nuair a fuair sé bás gurbh iománaí den scoth é, bíodh nár ghá a chruthú gur inniu ná inné a tosnaíodh ar fheabhas Luimnigh leis an gcamán agus leis an sliotar.

Fág freagra ar 'Éagóir ar Luimneach é nach samhlaítear an Ghaeilge leis'