Éachtaint bheag ar cé chomh maith is a bhí Nicky Rackard

Tá saol fada spóirt Christy Ring agus na gaiscí a rinne sé fós ar eolas ag mórán daoine, ach ní fhaigheann Nicky Rackard an t-aitheantas cuí

Éachtaint bheag ar cé chomh maith is a bhí Nicky Rackard

Nicky Rackard

Tá cuid maith turasanna tugtha againn ar bhóithrín na smaointe le tamall agus sinn ag fanacht ar scéalta nua iománaíochta na bliana 2021. Ní fada anois, tá súil againn, go mbeidh na scéalta nua sin le hinsint againn agus clár na gcluichí do 2021 fógartha.

Ach ag féachaint siar a bhíos an tseachtain seo nuair a tháinig mé ar liosta de na himreoirí is mó a fuair scóranna i stair na hiomána. Bhí ionadh orm go raibh ainm Eddie Keher as Cill Chainnigh ag uimhir a cúig ar an liosta, go raibh  Christy Ring as Corcaigh ag uimhir a hocht agus Nicky Rackard as Loch Garman ag uimhir a haon déag.

Ar bharr an liosta, tá Henry Shefflin agus tá Joe Canning, Patrick Horgan agus TJ Reid sna sála air. Ach bheifeá ag súil leis gur imreoirí na linne seo amháin a bheadh ar an liosta mar gheall ar líon na gcluichí craoibhe a bhíonn á n-imirt le tamall de bhlianta. Ní rófhada ó shin ní raibh ach aon seans amháin ag foirne sa chraobh agus thagadh deireadh leis an séasúr do leath de na foirne i ndiaidh babhta amháin.

Ar an taobh eile de ní raibh a leathoiread traenála á dhéanamh sna seanlaethanta agus bhíodh cuid mhaith imreoirí sásta imirt chomh fada agus ab fhéidir leo dá bharr. Tá an iománaíocht sinsir idirchontae beagnach ina cluiche proifisiúnta faoin tráth seo agus bíonn an t-uafás ama á chaitheamh ag imreoirí léi. Taobh amuigh de chorr-eisceacht (Tony Browne agus Brick Walsh as Port Láirge) tá saol imeartha na n-imreoirí i bhfad níos giorra ná mar a bhíodh.

Tá saol fada spóirt Christy Ring agus na gaiscí a rinne sé fós ar eolas ag mórán daoine, ach ní féidir an rud céanna a rá faoi Nicky Rackard.

Nuair a bhíos ag fás aníos nuair a chuala ainmneacha Ring, Mackey agus Rackard bhí a fhios agam go raibh príomhlaochra na hiomána i mbun gnímh. Faraor seachas Ring, ní raibh mórán eolais agam ar an mbeirt eile agus dar ndóigh, ní fhaca ag imirt iad.

Nuair a chuas ar thóir eolais ar an mbeirt eile ba é Rackard is mó a sheas amach dom. D’imir sé 36 cluiche craoibhe idir 1940-1957. San achar ama sin, scóráil sé 59 cúl (sea 59). Cuir é sin i gcomparáid le Shefflin, atá ar bharr an liosta. D’imir Rí Chill Chainnigh 71 cluiche, beagnach a dhá oiread níos mó ná Rackard, agus scóráil sé 28 cúl, tuairim is a leathoiread cúl le Rackard. Sin éachtaint ar cé chomh maith is a bhí Rackard. Ina shaol iomána go dtí seo tá 27 cúl faighte ag Joe Canning, tá 23 ag Patrick Horgan agus 25 cúl atá faighte ag TJ Reid.

Is mar pheileadóir ab fhearr aithne ar Rackard ag tús na 1940idí.

Ag an am bhí iománaithe an chontae in umar na haimléise agus níor bhuaigh sé féin a chéad bhonn cúige san iomáint go dtí 1951.

Fuaireadar greadadh ceart ó Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na hÉireann an bhliain chéanna. Chailleadar a gcoróin chúige i 1952 ach bhuadar ar ais arís í i 1953. I gcluiche ceannais an chúige an lá sin scóráil Rackard 5-5 as an 8-15 a fuair na Carmannaigh. Tar éis chluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne Aontroma, bhí 7-7 i lúibíní i ndiaidh a ainm ag deireadh na himeartha. Ach theip orthu arís sa chluiche ceannais, i gcoinne Chorcaí an uair seo.

An bhliain dár gcionn d’éirigh le Loch Garman agus na deartháireacha Rackard (Nicky, Bobby agus Billy) Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo i gcoinne na Gaillimhe.

Agus i 1956 bhuaigh siad an chraobh arís nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chorcaigh.  Sa chluiche sin tógadh ceann de mhórghrianghrafanna na hiománaíochta, pictiúr ina raibh Nick O’ Donnell agus Bobby Rackard as Loch Garman á fhéachaint le Christy Ring san aer.

An bhliain ina dhiaidh sin d’éirigh Rackard as an iomáint idirchontae nuair a chaill Loch Garman craobh an chúige.

Is dócha gur féidir a rá nach mbeidh a leithéid arís ann. Ba chóir go mbeadh leantóirí chluiche na fuinseoige ag trácht go deo ar Rackard agus a churiarracht cúl.

Fág freagra ar 'Éachtaint bheag ar cé chomh maith is a bhí Nicky Rackard'

  • alan titley

    An-phíosa, ba mhaith ab fhiú. Agus gan amhras, tá oiread scóranna ann anois toisc an sliotar a bheith chomh héadrom sin. Is geall le cispheil cuid mhór cluichí faoi láthair, is é sin, má fhaigheann foireann seilbh beifear ag súil le scór…Ach gaiscíoch ba ea Rackard gan bhréig.

  • Tiarnan de Fréine

    Alt fíor spéisiúil gan amhras. Bheadh sé suimiúil ainilís a dhéanamh ar an méid cúl a scoráltar i gcluichí na linne seo, i gcomparáid leis an am atá thart. Aontaím go bhfuil méadú mór tagtha ar líon na gcúilíní, b’fhéidir an-iomarca, go háirithe nuair is féidir cúilín a ghnóthú ó ochtó nó nócha méadar amach. Agus tá dlíthe an chluiche athruithe i dtreo nach féidir le lán tosach tarraingt ar an gcúlbáire istigh sa chearnóg!

  • Liam Mac an Mhaoir

    Bheadh sé spéisiúil na cúntaisí scórála a áireamh gan buillí saora a chomhaireamh in ao’chor, sé sin na scóranna a h-aimsíodh ón imirt oscailte amháin.