€95,913 faoi cheilt ag bean tí i nGaeltacht Thír Chonaill a ghlac le Liúntas Cuardaitheora Poist

Níor thug Bríd Ní Fhearraigh as Cnoc Fola le fios don Roinn Coimirce Sóisialaí go raibh an t-airgead aici a fhad is a bhí sí ag glacadh le €28,000 i Liúntas Cuardaitheora Poist

€95,913 faoi cheilt ag bean tí i nGaeltacht Thír Chonaill a ghlac le Liúntas Cuardaitheora Poist

Phléadáil bean tí, a choinníodh Gaeilgeoirí do choláiste samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill, ciontach i gCúirt Dúiche an Chlocháin Léith as sócmhainní €95,913 a cheilt a fhad is a ghlac sí le €27,696.34 i Liúntas Cuardaitheora Poist.

Tuairiscíodh ar The Irish Times inniu gur phléadáil Bríd Ní Fhearraigh, as Cnoc Fola i nGaoth Dobhair, ciontach i sé chúiseamh go ndearna sí ráitis bhréagacha leis an Liúntas a fháil idir mí Mheithimh 2010 agus mí Bhealtaine 2014.

Chualathas freisin sa chúirt gur ó choláiste Gaeilge a tháinig formhór an airgid a bhí á cheilt aici. Thug Ní Fhearraigh le fios ar an bhfoirm iarratais do Liúntas Cuardaitheora Poist nach raibh aon airgead aici féin ná ag a fear céile in aon institiúid airgeadais. Thug sí le fios freisin nach raibh aon teacht isteach aici féin.

Tháinig fianaise chun solais nuair a roinn na Coimisinéirí Ioncaim eolas faoi cháin DIRT leis an Roinn Coimirce Sóisialaí a léirigh go raibh sócmhainní i seilbh Ní Fhearraigh.

Dúirt Mary McGovern, cigire de chuid na Roinne, leis an mbreitheamh Paul Kelly gur íoc Ní Fhearraigh crapshuim €20,000 leis an Roinn cheana féin agus gur fhág na híocaíochtaí seachtainiúla a bhí á ndéanamh aici  ó shin go bhfuil €6,822.14 fós le híoc aici.

Dúirt dlíodóir Ní Fhearraigh, Seán Boner, gur aontaigh an Roinn glacadh le cnapshuim ón mbean tí. Dúirt sé go raibh Ní Fhearraigh ag íoc €28.20 sa tseachtain ar ais leis an Roinn leis an bhfuílleach a ghlanadh.

Ghearr an Breitheamh Kelly fíneáil €250 ar Ní Fhearraigh i gcúiseamh amháin agus dúirt gur chuir sé an t-airgead mór a íocadh ar ais cheana féin agus na híocaíochtaí seachtainiúla san áireamh agus an cinneadh á dhéanamh aige faoin bhfíneáil.

Fág freagra ar '€95,913 faoi cheilt ag bean tí i nGaeltacht Thír Chonaill a ghlac le Liúntas Cuardaitheora Poist'