€70 milliún an costas le pinsin 700 iaroibrí san earnáil phoiblí

De réir figiúirí nua tá 500 duine ag fáil pinsean stáit ar fiú níos mó ná €100,000 in aghaidh na bliana é. Costas €55 milliún a bhaineann le pinsean na ndaoine sin

money-855955_1920

Tá cotas €700 milliún ag baint leis na pinsin atá ag íoc le 700 duine a d’oibrigh sa státseirbhís nó sa tseirbhís phoiblí, de réir figiúirí nua atá curtha ar fáil ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

De réir na bhfigiúirí nua, tá 500 duine sa Stát ag fáil pinsin ar fiú níos mó ná €100,000 in aghaidh na bliana é. Cost €55 milliún atá luaite leis na pinsin Stáit sin. 200 duine atá ag fáil pinsean idir €90,000 agus €100,000 ar chostas €15 milliún.

32,500 duine ar fad atá ag fáil pinsean stáit ar fiú níos mó ná an meánphá náisiúnta é. €1.33 billíun an costas a bhaineann le bille pinsin na hearnála phoiblí. Timpeall 2,500 duine atá i dteideal pinsin ar fiú dhá oiread, nó níos mó, an mheánphá náisiúnta é.


 

Scála pinsin Líon na bpinsinéirí Costas reatha na bpinsean
 €34,132  to €40,000  16,800  €580,000,000
 €40,000 to €50,000  10,100  €410,000,000
 €50,000 to €60,000  3,100  €155,000,000
 €60,000 to €70,000  800  €45,000,000
 €70,000 to €80,000  700  €50,000,000
 €80,000 to €90,000  300  €20,000,000
 €90,000 to €100,000  200  €15,000,000
 More than €100,000  500  €55,000,000

                     Foinse: Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe


Fág freagra ar '€70 milliún an costas le pinsin 700 iaroibrí san earnáil phoiblí'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ar fiú a leithéid seo a chailleadh ar mhaithe le rud beag suarach mar caomhnú na Gaeilge?? Nó an bhfuil daoine ag éirí cróga…?