€7 milliún buaite i nGaeltacht Chonamara sa Chrannchur Náisiúnta

Ar an gCeathrú Rua a díoladh an ticéadcrannchuir a bhuaigh €7 milliún i dTarraingt na Céadaoin an tseachtain seo

€7 milliún buaite i nGaeltacht Chonamara sa Chrannchur Náisiúnta

Ba i Siopa an Bhreathnaigh ar an gCeathrú Rua (Eurospar) a díoladh an ticéad crannchuir a bhuaigh €7,028,440 i dTarraingt na Céadaoin an tseachtain seo. Ba iad na huimhreacha 7, 10, 12, 19, 21, 32, agus an uimhir bhónais 9 a bhuaigh an tsuim mhór airgid. Dúirt úinéir an tsiopa, Aodhán Breathnach, le Tuairisc nach raibh a fhios aige go fóill cé a bhuaigh an duais mhór ach gur thréaslaigh sé féin agus foireann uile Eurospar na Ceathrún Rua an bua leis an té nó an grúpa a bhuaigh.

“Ní bheidh a fhios againn go dtí go ndéarfaidh an duine féin amach é. Tá go leor bealaí ann anois leis an airgead a bhailiú agus ní gá don bhuaiteoir dul ar ais chuig an siopa féin i gcás airgead mór den chineál seo. Bhí lucht an Lotto amuigh againn ar maidin agus bhí bells and whistles acu féin sa siopa, ag tógáil pictiúirí agus ag ceiliúradh, ach níl a fhios againn cén duine a bhuaigh go fóill “Fadó, bhíodh triáil agat é a oibriú amach mar go mbíodh an t-eolas faoin lá agus an t-am ar ceannaíodh an ticéad ar fáil agus d’fhéadfaí é a oibriú amach ar an gcaoi sin ach leis na rialacha GDPR anois ní bhíonn an t-eolas sin ann níos mó,” a dúirt Breathnach.

Dúirt sé gur buadh suimeanna móra airgid in Eurospar na Ceathrún Rua roimhe seo ach gurb é bua na seachtaine sin an ceann is mó fós. “Seo an bua is mó, tá sé seo mór millteach. Bhí €500,000 ann roinnt blianta ó shin agus cúpla ceann eile a bhí níos lú ná sin ach mór mar sin féin. Bhí péire ann a bhí thart ar €36,000. “Bheadh an dream céanna ag teacht isteach ag ceannacht ticéad chuile
sheachtain, agus dream eile ann nach gceannódh ticéad ach dá mbeadh pota óir mór ann mar a bhí an tseachtain seo. Tá daoine eile ann atá á dhéanamh chuile sheachtain le chéile le blianta. Ach d’fhéadfadh gur duine atá ann a bhí ar cuairt nó a stop ar an mbealach tríd an gceantar,” a dúirt sé.

Bainfidh Eurospar féin buntáiste as bua na seachtaine agus duais airgid dá gcuid féin buaite ag lucht an tsiopa as an ticéad buacach a dhíol. “Tá buntáiste ann ar bhealach, tá coimisiún a bhaineann le bua mór. Tá teorainn ar an méid a íocann an Crannchur Náisiúnta amach, ach tá sláimín ann. Ní sláimín mór millteach é, ach taobh amuigh de sin nuair a bhíonn bua mór ann tagann méadú ar an méid ceannacht a tharlaíonn ar thicéid an Chrannchuir. Deirtear nuair a dhíoltar ceann amháin [a bhuann duais] i siopa go ndíoltar péire eile go gairid ina dhiaidh sin,” a dúirt sé.

Buadh an pota óir deich n-uaire i gcontae na Gaillimhe in 2024 agus is é bua na Ceathrún Rua an bua is mó go dtí seo. Tá foireann an Chrannchuir Náisiúnta ag iarraidh ar gach duine a cheannaigh ticéad i nGaillimh do tharraingt na Céadaoin an ticéad sin a sheiceáil in aghaidh na n-uimhreacha buacacha. “Ba cheart don bhuaiteoir cúl an ticéid a shíniú agus é a choinneáil in áit shábháilte. Ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh le foireann duaiseanna an Chrannchuir Náisiúnta nó ríomhphost a chur chuig claims@nationallottery.ie agus déanfar socruithe leis an duais a bhailiú ó cheannáras an Chrannchuir,” a dúirt urlabhraí de chuid an Chrannchuir Náisiúnta le Tuairisc.

Fág freagra ar '€7 milliún buaite i nGaeltacht Chonamara sa Chrannchur Náisiúnta'

  • Kerry Blue

    Tá buaite ag Baile an Fheirtéaraigh ar aon chrannchur náisiúnta dá dtiocfaidh nó dá dtáinig nó dá mhéid, bíodh a fhios agaibh!
    Naomh óg ó dheas anois againn is gan aon trácht ag Tuairisc air olc, maith ná donaí.
    In áit na leathphingne ná in aon áit.