€50 milliún breise don Ghaeilge geallta ag Éire Neamhspleách ina bhforógra

Tuilleadh maoinithe d’Údarás na Gaeltachta is mó a ghealltar maidir le cúrsaí teanga sa bhforógra

€50 milliún breise don Ghaeilge geallta ag Éire Neamhspleách ina bhforógra

Tá €50 milliún breise sa mbliain geallta ag an bpáirtí Éire Neamhspleách don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ina bhforógra toghcháin.

Tuilleadh maoinithe d’Údarás na Gaeltachta is mó a ghealltar maidir le cúrsaí teanga sa bhforógra agus an mhír áirithe sin bunaithe ar an bpolasaí Gaeilge agus Gaeltachta a sheol an páirtí an mhí seo caite.

Deirtear sa bhforógra, nach bhfuil aon Ghaeilge ann, go bhfuil “céimeanna ollmhóra” tugtha le blianta beaga anuas chun líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge a mhéadú ach go bhfuil teipthe ar an stát an “infreastruchtúr a theastaíonn” don phobal sin a chur ar fáil.

Tá plean infheistíochta Chonradh na Gaeilge, An Plean Fáis 2024-2029, luaite ag Éire Neamhspleách agus é ráite go bhfuil “easpa cothroime” ag baint leis maoiniú atá á fháil ag Údarás na Gaeltachta i gcomparáid le gníomhaireachtaí stáit eile. Deirtear nach leor an buiséad atá á chur ar fáil don Údarás, ná baol air, chun feidhmeanna na heagraíochta a bhaint amach.

Deir Éire Neamhspleách go bhfuil dlúthcheangal idir cúrsaí fostaíochta agus inmharthanacht na Gaeltachta agus go gcaithfidh an tÚdarás a chinntiú go bhfuil caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge lárnach ina chuid oibre.

Deirtear go ndéanfaadh an páirtí sin  buiséad pleanála teanga an Údaráis a dhúbailt agus go gcuirfí le líon na nOifigeach Pleanála Teanga. Dhéanfaí cinnte chomh maith go ndéanfaí athnuachan ar an bpróiseas pleanála teanga.

Tá Éire Neamhspleách freisin ag iarraidh go mbronnfaí maoiniú €4.5 milliún agus cumhachtaí breise ar Údarás na Gaeltachta chun a chinntiú  go mbeadh sé in ann feidhmiú mar Oifig Fiontar Áitiúil. Deirtear go bhfuil an tÚdarás ag feidhmiú mar OFÁ ach nach bhfuil aon mhaoiniú speisialta á chur ar fáil dó, rud a fhágann ceantair Ghaeltachta faoi mhíbhuntáiste.

Tá Éire Neamhspleách freisin ag iarraidh €7.5 milliún sa mbliain a chur ar fáil don Údarás thar thréimhse cúig bliana chun infreastruchtúr caitheamh aimsire amuigh faoin aer a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta. Bheadh conairí siúlóide agus rothaíochta agus áiseanna snámha i gceist leis sin, áiseanna a mbainfeadh muintir na Gaeltachta leas astu agus a d’fhéadfadh turasóirí a mhealladh chomh maith.

Tá feabhas ar an soláthar leathanbhanda ardluais sa nGaeltacht agus tuilleadh gteiceanna a fhorbairt, chomh maith le ciste nuálaíochta €20 milliún a thacódh le taighde agus forbairt a dhéanamh ar fhiontair Ghaeltachta ar chuid de na beartais eile atá luaite i bpolasaí Gaeilge Éire Neamhspleách cé nach bhfuil siad luaite go sonrach sa bhforógra.

Luaitear sa bplean chomh maith go dtabharfaí tuilleadh airgid do dhochtúirí agus altraí lena chinntiú go bhfanfaidh siad in Éirinn, chomh maith le tuilleadh múinteoirí a earcú, reo a dhéanamh ar “chánacha Glasa”, agus tacaíochtaí breise a thabhairt don earnáil talmhaíochta.

Fág freagra ar '€50 milliún breise don Ghaeilge geallta ag Éire Neamhspleách ina bhforógra'