€485,000 ceadaithe ag McHugh do Ghaoth Dobhair beag beann ar fhainic a Roinne go raibh sé ‘mífhreagrach’ is ‘contúirteach’

De réir cáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, cheadaigh an tAire Stáit Joe McHugh deontas €485,000 d’athchóiriú Amharclann Ghaoth Dobhair in ainneoin fholáireamh oifigigh shinsearacha nach raibh aon ‘iniúchadh ceart’ déanta ar an iarratas

Joe McHugh, Fine Gael
Joe McHugh

Cheadaigh an tAire Stáit Joe McHugh deontas €485,000 d’Amharclann Ghaoth Dobhair in ainneoin gur chuir oifigigh shinsearacha i Roinn na Gaeltachta comhairle air go mbeadh sé “mífhreagrach”, “faillitheach” agus fiú “contúirteach” an deontas sin a cheadú.

De réir cáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, chuir oifigeach sinsearach sa Roinn in iúl don Aire tráthnóna an 1 Feabhra, an lá sular cheadaigh sé an deontas, nach raibh “iniúchadh ceart” déanta fós ar iarratas Iontaobhas Amharclann Ghaoth Dobhair.

Dúradh leis an Aire chomh maith go rabhthas go mór in amhras faoi ghnéithe áirithe den iarratas agus go bhféadfadh gur “tubaiste” a bheadh ann dá gceadófaí an deontas.

Chun go n-íocfaí deontas faoin scéim áirithe seo de chuid na Roinne, ní foláir d’iarratasóir 20% de chostas iomlán na forbartha atá beartaithe a bhailiú.

€120,000 a bhí i gceist leis an “sciar áitiúil” seo i gcás Amharclann Ghaoth Dobhair agus bhí oifigigh na Roinne den tuairim nach raibh “mórán iarrachta” déanta fós an t-airgead sin a bhailiú.

“Níl aon fhianaise ar fáil go bhfuil an méid sin nó gad [gar] dó cruinnithe acu ag an bpointe seo nó fiú go bhfuil aon phlean acu chun an sciar áitiúil a bhailiú…

“Táthar den tuairim go mbeadh sé contúirteach deontas mór a cheadú anois mar níl na hacmhainní ag an gcoiste chun an conraitheoir a íoc ná le hiasacht a aisíoc agus d’fhéadfadh an rud uile dul chun deiridh go diair. Is tubaiste a bheadh ann dá dtarlódh a leithéid,” a dúradh sa mheamram a cuireadh faoi bhráid an Aire ar an 1 Feabhra.

Sa mheamram sin a chuir Bertie Ó hAinmhire, duine den bheirt oifigeach is sinsearaí i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha, faoi bhráid an Aire McHugh ar an 1 Feabhra, dúradh nach raibh aon mheasúnú déanta ar “inmharthanacht” an togra a bhí molta.

Dúradh nach raibh aon “iniúchadh ceart” déanta fós ar an togra, iniúchadh a bhí “thar a bheith tábhachtach”, a dúradh, toisc an deontas a bheith chomh mór sin.

Cuireadh in iúl don Aire go gcaithfí an togra a phlé le hÚdarás na Gaeltachta “i gcomhthéacs na pleanála teanga” agus dúradh gur léir nach raibh aon phlean ag lucht an iarratais maidir le conas a d’íocfaí as riaradh agus bainistiú na hamharclainne nuair a bheadh an fhorbairt curtha i gcrích.

Dúradh sa mheamram a cuireadh faoi bhráid an Aire go mbeadh sé “faillitheach” an deontas iomlán a cheadú.

“Tríd is tríd táthar den tuairim nár chruthaigh an coiste seo fós go bhfuil sé de chumas acu togra mór mar seo a láimhseáil.  Rinneadh iarracht an Comharchumann a thabhairt taobh thiar den tionscadal ach táthar fós den tuairim go mbeadh sé faillitheach deontas iomlán a cheadú ag an bpointe seo nuair nach bhfuil meastóireacht cheart déanta ar an iarratas…agus nuair nach bhfuil mórán iarracht déanta chun sciar áitiúil a bhailiú mar atá déanta i gcásanna eile – mar shampla Halla Naomh Fhionnáin [An Fál Carrach] agus Ionad na nImirceach, Carna,” a dúradh sa mheamram inar moladh don Aire gan an deontas a cheadú.

I ríomhphost a scríobhadh ar an 28 Eanáir, roinnt laethanta sular cheadaigh an tAire an deontas, dúirt oifigeach eile de chuid na Roinne go mbeadh sé “mífhreagrach” an deontas a cheadú gan tuilleadh scagtha a dhéanamh ar an scéal.

“Tá deacracht leis an iarratas ó thaobh an sciar áitiúil, ní léir go bhfuil aon airgead bailithe acu ná go bhfuil aon phlean acu airgead a bhailiú. Tuigtear go bhfuil siad ag féachaint ar iasacht a fháil ach níl sé soiléir cén bealach a n-íocfadh siad ar ais é, tá ráite acu freisin go mbeidh siad ag lorg maoiniú chun an áit a rith tar éis an fhorbairt a bheith déanta. Feictear dom go mbeadh sé mífhreagrach don Roinn deontas a cheadú gan an cheist seo a chíoradh a thuilleadh.”

Agus imní ar oifigigh na Roinne faoi na heasnaimh, dar leo, a bhí ar an iarratas ‘neamhiomlán’, moladh don Aire deontas níos lú – €31,961— a cheadú i bprionsabal d’Iontaobhas Amharclann Ghaoth Dobhair “chun cur ar a gcumas íoc as na costais ghairmiúla a bhaineann leis an Amharclann a fhorbairt”.

Mhol oifigeach sinsearach sa Roinn go gcuirfí coinníollacha éagsúla leis an deontas laghdaithe sin agus moladh go ndearbhófaí nach raibh an Roinn “ag déanamh aon ghealltanas” maidir leis an obair eile a bhí le déanamh agus nárbh ionann an deontas a cheadú agus geallúint a thabhairt go mbeadh “aon chúnamh eile ar fáil ón Roinn don togra seo sa todhchaí”.

Cuireadh an moladh seo maidir leis an deontas €31,961 in iúl go foirmeálta don Aire ar an 1 Feabhra:

“Cé nach bhfuil iniúchadh déanta ar an iarratas ag an bpointe seo agus sa chás go dtuigtear dúinn gur mhaith leat cúnamh éigin a cheadú don choiste anois mar ugach dóibh ceaptar gur féidir nod a thabhairt don choiste go mbeidh an Roinn sásta deontas a chur ar fáil mar chúnamh leis na costais ghairmiúla amháin,” a dúradh sa mheamram a cuireadh faoi bhráid an Aire ar an 1 Feabhra.

Thug an tAire droim láimhe, áfach, leis an gcomhairle sin i nóta a scríobh sé an lá dár gcionn.

Dúirt sé go raibh “scrúdú cúramach” déanta aige ar an moladh go n-íocfaí deontas (€31,961) do chostais ghairmiúla amháin agus nach raibh sé “sásta” gur leor é sin mar fhreagra ar an gcás.

Dúirt sé nár leor an tacaíocht a bhí molta chun an amharclann “a chur ar ais in úsáid phoiblí arís agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn” sa cheantar.

Dúirt an tAire go mbeadh ar an Roinn deontas iomlán a cheadú “luath nó mall” dá gceadófaí an deontas laghdaithe.

“B’fhearr liom a bheith díreach leis an choiste agus an scéal iomlán a shoiléiriú dóibh ag an am seo,” a dúirt an tAire McHugh sa mheamram.

Is chuige sin, a dúirt sé, go raibh deontas €485,000 a cheadú ‘i bprionsabal’ aige.

An lá céanna, an 2 Feabhra, scríobh an tAire McHugh litir go dtí Pól Mac Cumhail ó Iontaobhas Amharclann Ghaoth Dobhair ag cur in iúl dó go raibh an deontas iomlán ceadaithe i bprionsabal.

Thug an tAire McHugh le fios sa litir, go raibh an deontas á cheadú aige “tar éis gnéithe uile an iarratais a mheas go cúramach”.

Dúirt sé go raibh sé “sásta” gur iarratas “dóthanach” a bhí ann.

Ceadaíodh an t-iarratas i bprionsabal agus naoi gcinn de choinníollacha le híoc an deontais luaite i litir an Aire.

I measc na gcoinníollacha a bhí le comhlíonadh, chaithfí “plean foirfe” a ullmhú maidir leis an “sciar áitiúil” a bhailiú. Chaithfí “plean inghlactha” a réiteach maidir le riaradh na hamharclainne agus ní fhéadfaí a bheith ag brath ar dheontas reáchtála ón Roinn.

Ní fhéadfaí ach an oiread aon chonradh tógála nó eile a shíniú gan cead a fháil ón Roinn agus chaithfí plean a aontú leis an Roinn faoi “ról na hamharclainne” i gcur chun cinn na Gaeilge.

Ceistíodh an tAire McHugh le linn an fheachtais olltoghcháin i mí Feabhra faoin scéala a foilsíodh ar an suíomh seo gur dreamanna i nDún na nGall a fuair 93% den airgead deontais Gaeltachta a bhí ceadaithe aige ó thús na bliana.

As measc na ndeontas sin, ba é an deontas d’Amharclann Ghaoth Dobhair i nDún na nGall an ceann ba mhó.

Bhí moill trí seachtaine moill ar scaoileadh na gcáipéisí seo le Tuairisc.ie fad is a bhí an Roinn ag meas ‘ar chun leas an phobail é’ an t-eolas a chur ar fáil faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise.

Fág freagra ar '€485,000 ceadaithe ag McHugh do Ghaoth Dobhair beag beann ar fhainic a Roinne go raibh sé ‘mífhreagrach’ is ‘contúirteach’'