Tá €4.8 milliún breise á thabhairt ag an Rialtas do TG4 don bhliain seo chugainn, rud a fhágann go mbeidh buiséad €57 milliún sa bhliain ag an gcraoltóir.
Cuireadh a thuilleadh sonraí ar fáil tráthnóna faoin soláthar do TG4 agus don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2024, a fógraíodh inné.
Fógraíodh chomh maith go raibh scéim nua á bunú ag Roinn na Gaeltachta chun feabhas a chur ar “scileanna teanga” daoine a bhíonn ag obair in earnáil an oideachais luath-óige.
Fágann an méadú is déanaí ar bhuiséad TG4 go bhfuil €19.8 milliún breise curtha ar fáil don stáisiún ó tháinig an Rialtas i gcumhacht in 2020.
Dúradh go gcabhródh an méadú is déanaí leis an stáisiún a “straitéis” a chur i bhfeidhm agus an cainéal nua do pháistí Cúla4 “a bhuanú”.
Chuir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, fáilte roimh an bhfógra.
“Cuirimid fáilte roimh an ardú – tá go leor gníomhaíochtaí ar bun ag TG4 faoi láthair agus caithfidh muid breathnú anois ar na himpleachtaí a bheas ann leis an ardú seo,” arsa Alan Esslemont le Tuairisc.
€4 milliún breise a fógraíodh inné do bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, i bhfad níos lú ná mar a bhí eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra a éileamh.
Cuireadh briseadh síos ar fáil tráthnóna do chuid den mhaoiniú breise €4 milliún.
Tá buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ‘á choimeád mar atá” do 2024, ach d’fhógair Aire na Gaeltachta Catherine Martin tráthnóna go mbeadh €1.1 milliún breise ag an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga le caitheamh “ar chúrsaí riaracháin”.
Cuirfear €500,000 den €4 milliún breise ar fáil do scéim de chuid na Roinne a chuireann sparánachtaí ar fáil do dhaoine óga ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste chun freastal ar choláistí samhraidh Gaeltachta.
Caithfear €500,000 eile ar “feidhmiú iomlán rathúil” na reachtaíochta teanga.
Luaitear chomh maith infheistíocht bhreise i seirbhísí óige sna Limistéir Ghaeltachta agus maoiniú breise do na healaíona ‘teanga-bhunaithe’.
Thart ar €500,000 atá á lua le scéim nua atá beartaithe chun feabhas a chur le scileanna Gaeilge múinteoirí agus oideachasóirí in earnáil oideachais na luath-óige.
Táthar ag súil go dtabharfaidh an scéim nua seo “cosaint” don “chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge” ó thaobh “sealbhú na teanga” de.
Ardú 4% ón €95.9 milliún a bhí le caitheamh i mbliana go dtí €100.1 milliún, a d’fhógair an Rialtas do Roinn na Gaeltachta in 2024.
Dúirt an tAire Catherine Martin go mbeadh 60% de bhuiséad Gaeilge agus Gaeltachta na Roinne in 2024 á chaitheamh ar an nGaeltacht.
Dúirt Sinn Féin inné gur “buiséad frith-Ghaeltachta” a bhí i mBuiséad 2024.
Dúirt an tAire Martin go dtacódh an maoiniú ó chiste na meán le forbairt Cúla4, an chéad chainéal teilifíse Gaeilge do dhaoine óga, agus le TG4 a “straitéis uaillmhianach a bhaint amach”.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan go dtacódh an €4 milliún breise a fógraíodh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le húsáid na teanga “a neartú” sa Ghaeltacht agus “ar fud na tíre”.
Fág freagra ar '€4.8 milliún breise do TG4, scéim nua le cur le scileanna teanga oibrithe an oideachais luath-óige'