€3 mhilliún fógartha d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge as seo go ceann trí bliana

Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le tuilleadh acmhainní a chur ar fáil d’fhorbairt an luathoideachais sa Ghaeltacht

€3 mhilliún fógartha d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge as seo go ceann trí bliana

Tá sé fógartha inniu go mbeidh ciste €3 mhilliún á chur ar fáil d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh as seo go ceann trí bliana.

€1 milliún in aghaidh na bliana ar feadh trí bliana atá ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta don Acadamh le cúrsaí Gaeilge a reáchtáil i nGaoth Dobhair, i gCarna agus ar an Cheathrú Rua.

Ardú €300,000 ar an chlár maoinithe trí bliana a ceadaíodh roimhe seo atá i gceist le fógra an lae inniu.

Mar chuid den chlár oibre a d’aontaigh an tAcadamh leis an Roinn, tá sé i gceist saineolaí i réimse an luathoideachais Ghaeilge a fhostú chun ceardlanna a reáchtáil sa Ghaeltacht.

Tá molta chomh maith go ndéanfaí modúil a fhorbairt don BA sa Luathoideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus go gcuirfí tacaíocht ar fáil do dhaoine atá ag obair i naíonraí Gaeltachta.

Is faoin Acadamh a bheidh sé “gearrchúrsaí i sealbhú agus saibhriú teanga” a reáchtáil i réimse an luathoideachais sna hionaid i nGaoth Dobhair, ar an Cheathrú Rua agus i gCarna.

Agus an maoiniú seo á fhógairt aici, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, gur “ábhar dóchais” líon na mac léinn a thugann faoi chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Nuair a chuirtear san áireamh go mbaineann breis agus dhá mhíle mac léinn tairbhe gach bliain as an raon cúrsaí a bhíonn á riar ag an Acadamh sna trí ionad Gaeltachta de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh – a chuireann fostaíocht ar fáil do bhreis agus 60 duine faoi scáth an Acadaimh – is léir go bhfuil leas á bhaint as infheistíocht na Roinne, atá ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Cabhróidh an maoiniú breise atá á fhógairt inniu ar bhealach praiticiúil leis an mbonneagar Gaeilge sa Ghaeltacht a neartú tuilleadh ar leas fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge atá mar thaca aige,” a dúirt an tAire Martin.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur “údar sásaimh faoi leith” é go raibh infheistíocht á déanamh i réimse an luathoideachais.

“Tá áthas ar leith orm go bhfuil an tAcadamh ag díriú isteach ar chúrsaí oiliúna a chur ar fáil don earnáil luathoideachais sa Ghaeltacht.  Luíonn sé seo isteach le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon.”

Dúirt An tOllamh Breandán Mac Suibhne, Stiúrthóir Léinn an Acadaimh, go mbeadh an tAcadamh ábalta tacaíocht “níos fearr” a thabhairt do dhaoine atá ag obair i naíonraí.

“Beidh sé ábalta córas oiliúna a chur ar fáil le cuidiú le daoine atá ag gabháil isteach san earnáil luathoideachais dúshláin teangeolaíochta a aithint agus a shárú. Tá muid iontach buíoch don Aire agus don Aire Stáit agus d’fhoireann uilig na Roinne as deis a thabhairt dúinn ról níos lárnaí a bheith againn i bhforbairt na hearnála tábhachtaí seo.”

Mar thoradh ar an mhaoiniú, dúirt Mac Suibhne go mbeadh “réimse níos leithne léachtaí agus ceardlanna” á chur ar siúl sna hionaid Ghaeltachta—i gCarna, ar an Cheathrú Rua, agus i nGaoth Dobhair.

“Rachaidh na himeachtaí seo chun tairbhe don phobal agus do mhic léinn a bhfuil tréimhse á caitheamh acu sa Ghaeltacht mar chuid dá gclár léinn,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '€3 mhilliún fógartha d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge as seo go ceann trí bliana'

  • liam ó cuinneagáin

    Comhghairdeas! Is breá linn go bhfuil An Roinn ag tacú leis an réimse seo,

  • Gearòid

    Airgead á chaitheamh mar ba cheart sna ceantair Ghaeltachta & ní ar Qangos na Gaeilge san Ardchathair. Cad a dhèanann siad seachas corr phreas ráiteas nach mbíonn Gaeilge ar dóigh iontu fiú!! Thar am ag na Quangos cúrsaí a dhéanamh san Acadamh a chabhróidh leo i labhairt & i scríobh na Gaolainne sula dtosnódar ag tabhairt léachta! Treise libh Acadaimh na hOll. Ghaeilge!