€150,000 ar fáil do chomhlachtaí beaga Gaeltachta chun tacú leo níos mó díolacháin a dhéanamh ar líne

Sheol Údarás na Gaeltachta an Scéim Trádála Ar Líne den chéad uair in 2017 agus bhí an-éileamh uirthi anuraidh le linn phaindéim Covid-19

€150,000 ar fáil do chomhlachtaí beaga Gaeltachta chun tacú leo níos mó díolacháin a dhéanamh ar líne

Tá ciste €150,000 curtha ar fáil do chomhlachtaí beaga Gaeltachta chun a ngnó a neartú ar líne.

Tá an scéim seolta ag Údarás na Gaeltachta chun tacaíocht a chur ar fáil do suas le 60 gnó nó eagraíocht le cuidiú leo níos mó díolacháin a dhéanamh ar líne.

Faoin scéim, beidh dearbháin trádála ar líne luach €2,500 nó 50% dá gcaiteachas incháilithe ar fáil do chomhlachtaí beaga Gaeltachta.

Seoladh an Scéim Trádála Ar Líne den chéad uair in 2017 agus bhí an-éileamh uirthi anuraidh ó chomhlachtaí beaga a bhí buailte ag na srianta a cuireadh i bhfeidhm de bharr phaindéim an Covid-19. Ceadaíodh 263 iarratas ar thacaíocht faoin scéim anuraidh – 118 comhlacht i réigiún an Iarthair, 74 comhlacht i réigiún an Deiscirt agus 71 comhlacht i réigiún an Tuaiscirt. 

Dúirt cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair go raibh lúcháir ar bhord an Údaráis an scéim a chur ar fáil arís mar go raibh “an-chuidiú tugtha ag an scéim do ghnóthaí beaga Gaeltachta le cúpla bliain”.

Dúirt sí gur léirigh an scéim “chomh tábhachtach is atá sé láithreacht ar líne a bheith ag comhlacht” agus “níos tábhachtaí fós” a bheith ábalta díol ar líne. 

Tá an scéim seo dírithe ar ghnóthaí ina bhfuil suas le deichniúr fostaithe, atá i mbun gnó le 6 mhí ar a laghad agus a bhfuil láimhdeachas níos lú ná €2m sa bhliain acu. Is chun suíomh idirlín ríomhthráchtála a fhorbairt, seachas suíomh margaíochta, an deontas.

Ag caint faoin Scéim Trádála Ar Líne, dúirt Príomhfheidhmeannach Údaráis na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, gur chuidigh an scéim le comhlachtaí a bhí “i gcruachás le bliain anuas” agus gur léirigh sé “an deis atá ann do chomhlachtaí margaí nua a aimsiú agus líon níos mó seirbhísí agus táirgí a dhíol ar líne”.

Mheas Ó hÉanaigh go spreagfadh an scéim seo “cruthaitheacht” sna comhlachtaí le “táirgí nó seirbhísí nua” a chur ar fáil “sa mbaile agus i gcéin”.

Fág freagra ar '€150,000 ar fáil do chomhlachtaí beaga Gaeltachta chun tacú leo níos mó díolacháin a dhéanamh ar líne'