Dúshlán don tseanpholaitíocht agus rogha nua Right2Change

Tá bóthar i dtreo na cumhachta oibrithe amach ag Sinn Féin agus ag na ceardchumainn, bóthar nach mbaineann le comhrialtais den seanchineál, a deir ár gcolúnaí

 

10/3/2015 Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenn

Dúshlán bunúsach don tseanpholaitíocht is ea an feachtas Right2Change ag na ceardchumainn, dar le Brendan Ogle ó Unite. Tá Unite, Mandate, Cumann na nOibrithe Cumarsáide agus an Ceardchumhann Seirbhísí Sibhialta agus Poiblí (CPSU), tagtha le chéile chun rogha  a chur os comhair an phobail le haghaidh rialtas de chineál nua a bhunú sa stát.

Tá siad ag iarraidh ar na páirtithe ar an eite chlé teacht ar aontú maidir le clár infheistíochta do na seirbhísí poiblí, tuarastail chothroma d’oibrithe, córas cánach níos cothroime agus deireadh a chur le táillí uisce.

Deir Brendan Ogle gurb é seo an rogha polasaí eile seachas polasaí na déine. Treisiú don tionscnamh is ea é go bhfuil uachtarán SIPTU, Jack O’Connor, ag tabhairt tacaíochta don phlean agus é féin ag iarraidh ar na páirtithe ar an eite chlé aontú clár rialtais nua a aontú.

Ba iad Sinn Féin ba thúisce a thacaigh leis an iarracht seo, agus iad ag fógairt go n-iarrfaidh siad orthu siúd a thugann vóta dóibh aistriú ina dhiaidh sin do pháirtithe eile ar an eite chlé a ghlacann leis an gclár atá curtha le chéile ag Right2Change.

Ar ndóigh, níl ceannaireacht reatha Pháirtí an Lucht Oibre róshásta leis an bplean seo, mar cuireann sé an nasc traidisiúnta idir an páirtí agus na ceardchumainn i mbaol mura dtugann an páirtí droim láimhe leis an déine is leis an gcomhghuaillíocht le Fine Gael.

Cheana féin tá an páirtí sin ag iarraidh a thabhairt le fios nach bhfuil sa bplean ach seift de chuid Shinn Féin, ach is í fírinne an scéil gur tionscnamh de chuid na gceardchumann é an plean.

Faoiseamh don Lucht Oibre é, mar sin, go bhfuil an Páirtí Sóisialach (páirtí Joe Higgins, Paul Murphy agus Ruth Coppinger) i ndiaidh teacht amach i gcoinne an phlean, ag rá nach mbeidh siad ag iarraidh vótaí a aistriú go Sinn Féin mar ní ghlacann siad leis gur páirti sóisialach é.

Tá Paul Murphy ag rá nach bhfuil i Sinn Féin ach páirtí náisiúnaíoch, agus in ionad Éire Aontaithe a lorg, deir sé go bhfuil a pháirtí i bhfabhar comhnascadh sóisialach idir Sasana, Éire, Albain agus an Bhreatain Bheag!

Ar an taobh eile, ámh, tá Páirtí na nOibrithe Sóisalacha (a bhfuil baint ag Richard Boyd Barret is ag Daoine Roimh Brabús leis) ag tacú leis an tionscnamh.

Is í an cheist anois ná cén seasamh a ghlacfaidh dreamanna nua amhail na Daonlathaigh Shóisialacha (Róisín Shortall) agus neamhspleáigh ar nós Finian McGrath, Tommy Broughan, John Halligan is eile i dtaobh an scéil.

Tá Joan Burton i mbun feachtais le cairde léi sna ceardchumainn ag iarraidh an tionscnamh a chur as a riocht, ach beidh sé sin deacair di i bhfianaise a bhfuil á rá ag Jack O’Connor, go háirithe agus muid ag an bpointe nuair is cosúil go bhfuil tubaist toghchánaíochta i ndán don pháirtí san olltoghchán.

Ceardchumannaigh a d’fhág Páirtí an Lucht Oibre mar agóid i gcoinne na déine, tá siadsan ag súil go ndéanfaí athbhunú is athstructúrú ar an bpáirtí má dhéanann sé chomh hainnis is a cheaptar.

Ar ndóigh, bhí an deis ag an Lucht Oibre a bheith i dtús áite sa fhreasúra  i 2011 ach roghnaigh na ceannairí go mb’fhearr dóibh dul isteach le Fine Gael, mar a rinne an páirtí arís is arís eile ó 1948 ar aghaidh. Anois tá praghas le n-íoc air sin.

Ach má ghlactar le tionscnamh na gceardchumann, brisfear an ceangal le Fine Gael. Fiú mura n-éiríonn leis an eite chlé sa gcéad olltoghchan móramh a bhaint amach, ní fada uainn, creideann siad, go bhfeicfidh muid rialtas gan Fine Gael ná Fianna Fáil.

Cheana féin, ar ndóigh, tá roinnt ceardchumann, ar nós Unite mar shampla, i ndiaidh a nasc le Páirtí an Lucht Oibre a chur ar ceal, agus sa bhfadtéarma beidh deacrachtaí go leor ag an bpáirtí é féin a dhealú ó pháirtithe eile.

Sin é atá taobh thiar den scaoll atá ar Joan Burton is a cuid Teachtaí Dála – tá sé deacair a fheiceáil go mbeidh áit ar bith ann di féin ná d’éinne eile a stiúraigh an páirtí isteach i gcriathrach na déine.

Agus ní ar Joan Burton amháin atá an scaoll. Tá an Irish Times trína chéile ar fad, is cosúil, faoin tionscnamh nua seo, agus eagarfhocal uatha ag damnú an tionscnaimh mar sheift éadóchasach na bPoblachtánach.

Is éard atá soiléir anois, ámh, ná go bhfuil bóthar i dtreó na cumhachta oibrithe amach ag Sinn Féin is ag na ceardchumainn, bóthar nach mbaineann le comhrialtais den seanchineál.

Ré nua atá romhainn sa pholaitíocht, b’fhéidir.

Fág freagra ar 'Dúshlán don tseanpholaitíocht agus rogha nua Right2Change'