Dúshláin mhóra le sárú ina dtoghcheantair féin ag Donaldson agus Beattie

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc.ie sciurd thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann. An babhta seo, is iad Gleann an Lagáin, An tIúr agus Ard Mhacha agus An Bhanna Uachtair atá faoi chaibidil

Dúshláin mhóra le sárú ina dtoghcheantair féin ag Donaldson agus Beattie

Gleann an Lagáin 

Údar gaisce ag Jeffrey Donaldson ab ea é le blianta go bhfaigheadh sé níos mó ná leath na vótaí i nGleann an Lagáin i dtoghcháin Westminster ó toghadh ina fheisire é i dtosach don UUP, agus ansin don DUP. In 2019, áfach, rinne Alliance creimeadh ar a vóta agus thit a fharasbarr ó 19,000 go 6,500 (a sciar laghdaithe ó 59% go 43%). Bhí ceithre  shuíochán Tionóil ag an DUP anseo in 2011 ach chaill siad ceann in 2016 le 47% den vóta. An bhliain dár gcionn laghdaíodh a stór arís go beirt Teachtaí. 

Údar suntais é gur chinn an páirtí gurb é caomhnú an dá shuíochán an plean is stuama an geábh seo. D’ainneoin ceannaire an pháirtí, Jeffrey Donaldson a bheith san iomaíocht, níl ach Paul Givan, an t-iar-chéadaire mar chomh-iarrthóir aige. Ni léir cén tionchar a bheidh ag Edwin Poots a bheith imithe ar an gcoimhlint. Bhí seisean seanbhunaithe i nGleann an Lagáin ach tá sé aistrithe go Béal Feirste Theas tar éis an chogaidh chathartha sa pháirtí le bliain. Déantar talamh slán de go dtoghfar Donaldson agus beidh spéis mhór sa chinneadh a dhéanfaidh sé ina dhiaidh sin. An éireoidh sé as Westminster? Mura ndéanfaidh, aireofar gur beag seans atá ann go n-athbhunófar Stormont go luath. 

Má roinntear vótaí an DUP i gceart ba cheart go mbeadh Givan slán. Bhí 41.3% nó dhá chuóta go leith ag an bpáirtí in 2017. Beidh Lorna Smyth ón TUV ag iarraidh vótaí a bhaint díobh, ach meastar go rachaidh a cuid vótaí aistrithe chuig an DUP. Chaithfeadh titim níos mó ná mar a thuairisc pobalbhreitheanna teacht ar vótaí an DUP chun go mbeadh an dara suíochán i mbaol. 

Tá léamh eile ar an dtuar sin ag Sorcha Eastwood, Alliance, atá ag cosaint an tsuíocháin a bhain Trevor Lunn den pháirtí in 2017. Ba í Eastwood a sheas san olltoghchán in 2019 nuair a fuair sí 29% de na vótaí. Tá Alliance meáite de gur féidir le Eastwood agus David Honeyford dhá shuíochán a fháil. 

Bhí cuóta go leith ag beirt an UUP in 2017 ach chaill siad suíochán. Toghadh Robbie Butler atá ar eite Doug Beattie, ceannaire nua an pháirtí. Tá Butler agus Laura Turner sa rás agus súil acu le ‘preab Beattie’ más ann dá leithéid chun seans a bheith acu ar an dara suíochán.

Ba é Pat Catney an SDLP an cúigiú Teachta a toghadh in 2017, bua gan choinne. 8.4% den vóta céadrogha a bhí aige ach fuair sé vótaí aistrithe ón uile cheard. Más féidir leis fanacht sa rás sách fada áirítear go mbeidh iomaíocht fhíochmhar idir é, an dara hiarrthóir ó Alliance agus an dara hiarrthóir ón UUP don suíochán deiridh.

Beidh tionchar gan dabht ar an scéal ag aistrithe an dreama eile atá san iomaíocht, Sinn Féin, Pobal Seachas Brabús, an Comhaontas Glas agus neamhspleách.

An Bhanna Uachtarach

Is é seo an chéad toghchán ag Doug Beattie mar cheannaire an UUP agus tá féachaint chrua i ndán dó. 

Tá sé á ionsaí ag an DUP agus an TUV toisc nach bhfuil sé chomh trodach leo féin ina fhreasúra don bprótacal iarBhreatimeachta. Ina theannta sin briseadh fuinneoga a oifige nuair a d’fhógair sé nach nglacfadh sé páirt sna léirsithe in aghaidh an phrótacail mar go raibh siad ag cothú teannais. 

Toghadh Beattie den chéad uair in 2016 nuair a bhí beirt teachtaí ag an UUP. Chaill siad suíochán in 2017 ach toghadh Beattie. Tá Glenn Barr mar chomhiarrthóir aige agus beidh siad ag iarraidh cur leis an gcuóta agus ceathrú a bhí acu cúig bliana ó shin. Chomh maith leis an mbrú ó aontachtaithe ar an eite dheis, beidh Eoin Tennyson an Alliance, a fuair 13% den vóta san olltoghchán in 2019, sa tóir ar vótóirí liobrálacha a bhfuil Beattie ag iarraidh a bheith ag cuimilt meala leo freisin.

Bhí dhá shuíochán ag an DUP, ag Jonathan Buckley agus Diane Dodds a comhthoghadh nuair a d’imigh Carla Lockhart go Westminster. 32% den vóta a bhí ag an bpáirtí in 2017 agus más fíor an tuar faoin titim ar a dtacaíocht d’fhéadfadh gur san iomaíocht don gcúigiú suíochán a bheidh duine acu, Dodds, ceaptar. Beidh Darrin Foster an TUV ag iarraidh croitheadh a bhaint astu agus teacht i dtír ar an aontachtachas “crua” agus ar an vóta ‘dílseach’ a luaitear le Port an Dúnáin. 

Chaill Sinn Féin suíochán anseo in 2017. Toghadh John O’Dowd ach bhuaigh Dolores Kelly an SDLP ar ais an suíochán a bhain Sinn Féin di an bhliain roimhe sin. Tá Kelly goilliúnach an t-am seo agus O’Dowd agus a chomhiarrthóir Liam Mackle ag iarraidh dhá shuíochán a bhaint de Shinn Féin.

Tá iarrthóirí ag an gComhaontas Glas, Aontú agus an Heritage Party freisin. Má bhíonn drochlá ag an DUP d’fhéadfadh Alliance, TUV nó SDLP a bheith san iomaíocht leo ag an deireadh.

An tIúr agus Ard Mhacha

Is é seo ceann de na toghcheantair ina raibh trí shuíochán as cúig cinn ag Sinn Féin agus béim á leagan acu ar an ngaisce sin a dhéanamh arís chun a chinntiú gurb í Michelle O’Neill a bheidh i dteideal a bheith ina céad-aire in Stormont. 

Bhí gaoth ina seolta ag Sinn Féin in 2017 nuair a mhéadaigh an páirtí a sciar den vóta go 48%, trí chuóta geall leis. Choinnigh Cathal Boylan, Megan Fearon agus Conor Murphy a dtrí shuíochán gan stró; tá Boylan agus Murphy, an tAire Airgeadais ag cosaint na suíochán agus Liz Kimmins iag seasamh in áit Fearon. Ba iad Justin McNulty an SDLP agus William Irwin an DUP na teachtaí eile a toghadh agus tá siad beirt ag seasamh arís.

Buille mór don UUP ab ea é a suíochán a chailliúint in 2017 –nuair a bhí laghdú ar líon na suíochán ó sé go cúig. Is é David Taylor iarrthóir an UUP an uair seo ach ní haon ribín réidh é éinne den chúigear a bhí sa Tionól a chur dá mbonn.

dháréag san iomaíocht agus iarrthóirí ag Alliance, an Comhaontas Glas, Aontú, Páirtí na nOibrithe, an TUV agus comhairleoir neamhspleách.

Fág freagra ar 'Dúshláin mhóra le sárú ina dtoghcheantair féin ag Donaldson agus Beattie'