Creideann Gardaí gur dócha gur dúnmharú atá i gceist sa chás atá á fhiosrú i gceantar Shliabh Liag i nGaeltacht Dhún na nGall i láthair na huaire.
Tá an fear agus an bhean a gabhadh Dé Luain mar chuid den fhiosrúchán scaoilte saor ag na Gardaí agus cuardach fós ar bun chun teacht ar fhear atá ar iarraidh.
Tuairiscítear anois, áfach, go gcreideann na Gardaí gur dúnmharú atá á fhiosrú tar éis dóibh teacht i gceantar na gCeall Beag ar charr a bhí smeartha le fuil.
Tá an bealach poiblí go dtí Sliabh Liag dúnta go fóill agus cuardach ar siúl ag An Garda Síochána, Garda Cósta na hÉireann agus Foireann Tarrthála Sléibhe Dhún na nGall.
Measann na Gardaí gur i gceantar Shliabh Liag a tharla an t-ionsaí am éigin idir an Satharn agus an Domhnach seo caite.
Gabhadh fear sna tríochaidí agus bean sna fichidí ag tús na seachtaine ach scaoileadh saor aréir iad ó stáisiún na nGardaí i nDún na nGall.
Mar chuid den fhiosrúchán, tá teach sna Cealla Beaga dúnta ag Gardaí agus rinne oifigigh fhóiréinseacha dá gcuid cuardach sa teach.
Cuid thábhachtach den fhiosrúchán an fhianaise dhlí-eolaíochta a tugadh as an gcarr a bhfuil amhras faoi. Meastar gur le duine den bheirt a gabhadh an carr agus ghlac na Gardaí samplaí fóiréinseacha uaidh.
Sa gcúirt i Leitir Ceanainn, d’eisigh an Breitheamh Brendan O’Reilly barántas ionas go bhféadfaí an carr a chuardach.
Tá an Garda Síochána ag impí ar aon fhinnéithe dul i dteagmháil le Stáisiún na nGardaí i mBéal Átha Seanaidh ag 071 985 8530, nó ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ag 1800 666 111, nó aon stáisiún Gardaí.
Ba mhaith leo labhairt le haon duine a bhí ar na bóithre i gceantar Shliabh Liag idir tráthnóna Dé Sathairn an 24 Meitheamh agus tráthnóna Dé Domhnaigh, go háirithe má tá aon fhíseán acu ón am sin.
Fág freagra ar 'Dúnmharú atá i gceist le cás Shliabh Liag is dócha leis na Gardaí'