Dún na nGall ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Áth Cliath arís

D’éirigh le Dún na nGall scrios a dhéanamh ar Áth Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann 2014 ach beidh foireann Jim Gavin réidh do luas na gConallach anocht

Dún na nGall ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Áth Cliath arís

Pictiúr: Jonny Cooper

Áth Cliath v Dún na nGall – Páirc an Chrócaigh, 7pm

Is iad Dún na nGall is cúis le tréimhse cheannais Átha Cliath i gCraobh Peile na hÉireann ó 2015. Ceithre bliana ó shin a chas na foirne ar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus rinne na Conallaigh scrios ar fhoireann Jim Gavin, bua gan choinne a chuir deireadh leis an bpeil thapa oscailte a bhíodh á himirt ag Áth Cliath roimhe sin. Dhírigh an bainisteoir ar bhealaí eile chun a fhoireann a neartú ar chúl agus níor chaill Áth Cliath oiread is cluiche craoibhe amháin ó shin.

Agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh anocht, beidh leathshúil ag muintir Dhún na nGall go n-éireodh lena bhfoireann deireadh a chur le tréimhse fhorlámhais eile.

Tá cosúlachtaí ann idir foireann Dhún na nGall a rachaidh chun páirce anocht agus an ceann a bhuaigh an cluiche leathcheannais ceithre bliana ó shin. Thug fir óga amhail Odhrán Mac Niallais agus Ryan McHugh fuinneamh breise don fhoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2012 agus tá fuinneamh na hóige freisin ag an bhfoireann atá ann faoi láthair.

Tá leithéidí Eoghan Bán Gallagher, Ciarán Thompson agus Jamie Brennan ar an bhfód le cúpla bliain anuas ach tá saoirse tugtha ag Declan Bonner dóibh i mbliana. Bhí Dún na nGall ar fheabhas i gCraobh Uladh agus údar misnigh é sin agus iad ag tabhairt faoi churaidh na hÉireann.

Tháinig Dún na nGall aniar aduaidh ar Jim Gavin agus a chuid imreoirí in 2014, ach is cinnte nach dtarlóidh an rud céanna tráthnóna agus is beag an baol nach mbeidh a chuid obair bhaile déanta ag Gavin agus a fhoireann mhór cúltaca.

Údar buartha dó, áfach, go bhfuil beirt chosantóirí ar iarraidh air. Tá John Small ar fionraí agus níl Cian O’Sullivan ar ais go fóill. Ní hamhlaidh nach bhfuil Átha Cliath fós láidir i measc na gcúlaithe ach bheidís faoi bhrú dá mbainfeadh gortú d’aon imreoir eile nó dá bhfaigheadh duine acu cárta dubh nó dearg.

Is mór an trua é nach mbeidh Patrick McBrearty ar fáil do Dhún na nGall. Gortaíodh é i gcluiche ceannais an chúige in aghaidh Fhear Mhanach agus ní fheicfear ar an bpáirc é arís i mbliana.

Dá mbeadh fear Chill Charthaigh ar fáil ag na Conallaigh, bheadh seans níos fearr acu tuisle a bhaint as Áth Cliath. Fiú dá uireasa, ba cheart go mbeadh cluiche maith ann, ach mar is dual d’fhoireann Gavin, is dóigh go mbeidh siad rófhearastúil do na Conallaigh.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

 

Pictiúr: INPHO/Presseye/Andrew Paton

Ros Comáin v Tír Eoghain – Páirc an Chrócaigh, 5pm

Bhí cluiche iontach oscailte ann idir Ros Comáin agus Ard Mhacha an tseachtain seo caite ach seans gur cluiche de chineál eile ar fad a bheidh i ndán d’fhoireann Kevin McStay tráthnóna. Tá trí chluiche imeartha ag Ros Comáin i gcoinne Thír Eoghain ó 2011 agus aon uair amháin a d’éirigh leis na Connachtaigh níos mó ná ocht scór a aimsiú (0-8 in 2012 agus 1-7 in 2013).

Tá tosaithe níos fearr ag Ros Comáin na laethanta seo, an bheirt Murtagh, Enda Smith agus a leithéidí, ach mar sin féin ní bheidh sé éasca acu spás a fháil i gcoinne Thír Eoghain. Tá Gaillimh chomh cosantach céanna leis na hUltaigh agus níor éirigh le Ros Comáin ach 1-1 a scóráil sa dara leath ina gcoinne. Buntáiste amháin atá ag Ros Comáin go bhfuil an cluiche seo á imirt ar Pháirc mhór an Chrócaigh.

Tá ceithre chluiche imeartha ag Tír Eoghain le cúig seachtaine ach ba bheag dua a chuir an cluiche i gcoinne Chorcaí an deireadh seachtaine seo caite orthu. Is cluiche tábhachtach é seo dóibh mar go bhfuil cluichí i gcoinne Dhún na nGall agus Átha Cliath amach rompu agus is maith a thuigeann Mickey Harte an tábhacht le bua a fháil tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Fág freagra ar 'Dún na nGall ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar Áth Cliath arís'