‘Dul chun cinn suntasach’ déanta ag muintir Árann ag cruinniu inniu

‘Cruinniú an-dearfach’ ag Comharchumann Inis Mór le hionadaithe poiblí, a deir bainisteoir

boat8

Tá sé ráite ag Cathy Ní Ghoill, Bainisteoir Chomharchumann Inis Mór, go bhfuil toscaireacht Árann tar éis “cruinniú an-dearfach” a bheith acu le hionadaithe ó Chomhairle Contae na Gaillimhe agus Roinn na Gaeltachta i nGaillimh inniu.

Ag caint di ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó chianaibhín, dúirt Ní Ghoill go bhfuil “dul chun cinn suntasach” déanta de bharr an chruinnithe níos túisce. Thug sí le fios freisin go bhfuil Cathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe, Peter Roche, ag moladh go ndéanfaí athbhreithniú ar na fo-dhlíthe is cúis le táillí a bheith á ngearradh ar phaisinéirí Aran Island Ferries agus a d’fhág gurbh éigean don chomhlacht a fhógairt le deireanas go gcaithfidh siad deireadh a chur lena gcuid seirbhísí farantóireachta as Ros an Mhíl go Cill Rónáin ag tús na bliana seo chugainn.

Dúirt an comhlacht nach mbeadh ar a gcumas na táillí a íoc agus an tseirbhís a chur ar fáil ag an am céanna. Tá na táillí seo á ngearradh chun costais a bhaineann leis an gcéibh a tógadh in Inis Mór ceithre bliana ó shin a ghlanadh.

Idir an dá linn, tá curtha in iúl ag úinéir Island Ferries, Paddy O’Brien, nach bhfuil an bhagairt deireadh a chur leis an tseirbhís farantóireachta san athbhliain tarraingthe siar aige agus tuigtear go mbeidh próiseas fada ag baint le hathbhreithniú na bhfo-dhlíthe, de réir an méid atá ráite ag Peter Roche.

Sa chruinniú eile a bhí ar siúl in óstán an Imperial inniu, iarradh ar Roinn na Gaeltachta fordheontas a chur ar fáil do lucht soláthair na seirbhíse farantóireachta agus teacht i gcabhair orthu le go bhféadfaidh siad leanúint orthu leis an tseirbhís an bhliain seo chugainn.