Dul chun cinn déanta i dtaobh Gaelcholáiste nua a bhunú i gcontae Lú

Má bhíonn mhoill rófhada ar chead don togra, tá baol ann nach mbeidh daltaí atá ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge i nDún Dealgan ábalta leanúint orthu lena n-oideachas trí Ghaeilge

Dul chun cinn déanta i dtaobh Gaelcholáiste nua a bhunú i gcontae Lú

Tá dóchas ann go mbeidh Gaelcholáiste nua i nDún Dealgán réidh in am don scoilbhliain nua mí Mheán Fómhair seo chugainn.

Níl iarbhunscoil lán-Ghaeilge ar bith ar an mbaile i láthair na huaire ach tá grúpa feachtasaíochta i mbun oibre le beagnach dhá bhliain anuas chun an scoil nua a bhunú ansin.

Tá aighneacht maidir le láthair shealadach don scoil curtha faoi bhráid na Roinne Oideachais ag an bhForas Pátrúnachta agus tá súil ann go mbeidh an tAire Norma Foley in ann cead a thabhairt di sna seachtainí seo amach romhainn.

Má bhíonn moill rófhada i gceist le cead a thabhairt don togra, tá an baol ann, a deirtear, nach mbeidh daltaí atá ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge i nDún Dealgan ábalta leanúint orthu lena gcuid oideachais trí Ghaeilge.

Is iondúil go bhfreastalaíonn daltaí Gaelscoile ón mbaile ar Ghaelcholáiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín ach tá sé tugtha le fios nach bhfuil spás ar bith fágtha sa scoil sin do dhaltaí nua don chéad scoilbhliain eile.

Tá sé i gceist go mbeadh an Gaelcholáiste nua i nDún Dealgan nasctha le Gaelcholáiste Ghlór na Mara ar dtús agus gurb í an scoil i mBaile Brigín a bheadh i mbun bainistíochta na scoile nua.

San aighneacht atá déanta ag an bhForas Pátrúnachta, deir siad go gcuirfear áit don scoil nua ar fáil in Ionad Pobail Mhuirtheimhne Mór i nDún Dealgan ar bhonn sealadach agus go bhféadfaí díriú ar ionad buan a fháil ansin.

Tá ráite ag an Aire Oideachais go bhfuil an Roinn ag tabhairt “tús áite” do chás an Ghaelcholáiste nua.

“Geallaim duit go bhfuil mo Roinn ag tabhairt tús áite don staidéar atá ar siúl ar an moladh agus beimid i dteagmháil leis An Foras Pátrúnachta nuair a bheidh an t-eolas is déanaí ar fáil,” a dúirt an tAire Foley i gcomhfhreagras leis an Teachta Dála Dara Calleary.

“Tosaíocht de chuid mo Roinne agus an Rialtais oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar agus táimid tiomanta go láidir cur leis an líon áiteanna i scoileanna lánGhaeilge,” a dúirt sí. 

I litir a sheol Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, chuig tuismitheoirí a bhfuil suim léirithe acu sa scoil nua, dúirt sé gur cuireadh an aighneacht faoi bhráid na Roinne Oideachais roimh na Nollag.

Dúirt sé go raibh tugtha le fios ag an Roinn an tseachtain seo caite nach raibh aon chonstaic mhór tagtha chun cinn agus iad i mbun anailíse ar an aighneacht agus go rabhthas beagnach réidh chun í a chur faoi bhráid an Aire Foley.

Caithfidh an tAire Foley cead a thabhairt don togra sula mbeifear in ann dul ar aghaidh leis ach d’fhág an obair atá ar bun sa Roinn Oideachais i láthair na huaire maidir le hathoscailt na scoileanna agus an Ardteist nach raibh an aighneacht feicthe ag an Aire go fóill.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra sa litir go raibh an Foras Pátrúnachta tar éis a chur in iúl d’oifigigh na Roinne Oideachais go raibh práinn ag baint leis an scéal agus daltaí agus tuismitheoirí éiginnte faoina bhfuil i ndán dóibh sa bhfómhar.

Fág freagra ar 'Dul chun cinn déanta i dtaobh Gaelcholáiste nua a bhunú i gcontae Lú'

  • S. Mac Muirí

    Tá foirgneamh sa gceantar a d’fheilfeadh go ceann scathaimh, go heatramhach. Níor chóir go gceilfí meánoideachas ar dhaltaí an taobh tíre sin 7 níor chóir iad a bhrú isteach sa gcóras gallscolaíochta.
    Is mór an náire an chaoi ar ceileadh a gcearta oideachais ina gceantar féin orthu roimhe seo.