Duine gan dídean dallta ina phleist ar an talamh – á thaifeadadh lena fón póca a bhí bean óg le m’ais

Beidh cruacheisteanna le freagairt againn luath nó mall i dtaobh uileláithreacht agus úsáid na nguthán póca, a deir ár gcolúnaí

Duine gan dídean dallta ina phleist ar an talamh – á thaifeadadh lena fón póca a bhí bean óg le m’ais

Dallta a bhí sé, an fear bocht. Duine gan dídean ina phleist ar an talamh; é luite i lár an lána bus ar chéanna Bhaile Átha Cliath, ag cur moill ar bhus agus ar an trácht trí chéile. É ag iarraidh éirí ach gan an neart ina ghéaga sin a dhéanamh.

Á thaifeadadh lena fón póca a bhí bean óg a bhí le mo thaobhsa. Níor thúisce í tosaithe ar an ealaín sin ná tháinig bean eile a bhí b’fhéidir sna seachtóidí anuas chuici. ‘Gabh mo leithscéal,’ ar sise léi, ‘ná bí á thaifeadadh, le do thoil – níl sé sin ceart ná cóir.’

Tháinig strainc ar an mbean óg nuair a dúradh léi éirí as. B’ait léi go mbuailfeadh strainséir bleid uirthi ar an tsráid; ba mheasa fós léi go gceartófaí í. Tháinig beirt a bhí ina aice i gcabhair ar an mbochtán agus chuidigh leis éirí.

Taifeadadh neafaiseach, is dóigh, a dhírigh m’aird an athuair ar na fóin phóca le gairid agus beirt uncailí liom tagtha abhaile ar cuairt ó Cape Cod. Ceoltóir proifisiúnta duine acu. Is beag suntas a thug an t-uncail eile dá chuidsean ceoil agus amhránaíochta toisc é a bheith ag a chuid gigeanna thall go rialta. Ach nuair a bhí sé de mhisneach agam féin tabhairt faoi amhrán ar an ngiotár, thapaigh sé a dheis.

Má bhíonn mo chroí istigh ann, is iondúil go seolann amhrán isteach i ndomhan eile mé agus go minic, dúnaim mo shúile agus mé á rá. Nuair a d’osclaíos arís iad an geábh seo, bhí a ghuthán póca crochta in airde ag m’uncail agus é dírithe ormsa, solaisín beag uaidh do mo dhalladh, geall leis. Nuair a bhí deireadh ráite agam, arsa mise le m’uncail: ‘As ucht Dé ort, ná habair liom go bhfuil tú do mo thaifeadadh’.

‘Níl, ach bhí,’ ar seisean liom. ‘Ná bí buartha, níl ach rudaí deasa á rá ag daoine fút.’ ‘Cé na daoine?!’ arsa mise, ‘nó céard a rinne tú leis an bhfíseán, in ainm Dé?’

‘Tá sé curtha suas ar Facebook agam,’ ar seisean liom. ‘Éirigh as an ealaín sin, maith an fear, agus glac páirt sa seisiún amhránaíochta mar is ceart,’ arsa mise agus beagán cantail ag teacht orm.

Gan cead a bheith iarrtha aige orm a leithéid a dhéanamh an rud is mó a chuir isteach orm faoin eachtra thuas. É sin agus poibliú a bheith á dhéanamh ar ócáid phríobháideach: teacht le chéile gaolta chun ceoil agus cuideachta.

An nós seo atá ann daoine a thaifeadadh gan a gcead a lorg, is nós é a fheicimse ag tarlú arís agus arís eile, áit a ndéantar talamh slán de gur féidir duine a thaifeadadh beag beann ar a mhianta féin.

Luath nó mall, beidh ar an rialtas dul i ngleic le ceist seo an toilithe ar bhonn reachtaíochta, go háirithe má bhíonn sárú ar chearta príobháideachais ann.

Cé nach bhfuil aon cheart per se chun príobháideachais i mBunreacht na hÉireann, tá a leithéid de cheart aitheanta ag na cúirteanna anseo, agus inár gcuid dlíthe – a bhuíochas sin don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus do thuiscintí nua ar Airteagal 40.3.1 den Bhunreacht.

Ag caint dó ar an gcás Kennedy v Ireland (1987), dúirt Hamilton P go bhfuil ‘géarghá leis an bpríobháideachas chun dínit agus saoirse an duine a chosaint’. Bíodh is go raibh comhthéacs eile i gceist ansin, seasann an méid a dúirt sé i gcónaí mar phrionsabal de chuid an phríobháideachais.

Ba mhór idir é sin agus ráiteas Scott Nealy, iar–phríomhoifigeach feidhmiúcháin Sun Microsystems: ‘You already have zero privacy. Get over it!’ B’in i 1999, sularbh ann don bhfón cliste!

Ceist eile is gá a chíoradh ná uileláithreacht na bhfón póca; ar cheart srian a chur ar a n-úsáid sa saol poiblí, cuir i gcás?

Dá mhéad clampair a thógfaí anois, ghéillfí do pé rud a thabharfaí isteach sa reachtaíocht amach anseo ach é a bheith réasúnta, déarfainn, rud a chruthaigh an díospóireacht a bhí ann roinnt blianta ó shin faoi thoitíní a chaitheamh i bhfoirgnimh phoiblí agus i dtithe tábhairne.

Ach ar ndóigh, is fearr tosú le comhrá agus iarracht a dhéanamh daoine a thabhairt leat ar bhonn daonnachta, óir is í an daonnacht is mó atá i mbaol de bharr na gcúrsaí seo, dar liom.

Má tá an iomarca airde ag daoine áirithe ar a chéile, is é a mhalairt de scéal a bhíonn ann uaireanta de bharr na ngaireas nua teicneolaíochta. An té a chaitheann tamall ar an Luas i mBaile Átha Cliath, tuigfidh sé sin sara i bhfad.

Má thagann tuilleadh daoine ar bord agus má laghdaíonn ar an spás dá bharr, tabharfaidh tú faoi deara go bhfágfaidh roinnt daoine le balla a gcosa sínte amach, ainneoin na n-ainneoin, nó go gcuirfear iachall orthu seasamh suas díreach agus iad a tharraingt isteach.

Mura bhfeiceann siad thú mar dhea, ní baol do chuid acu thú a chloisteáil ach oiread agus cluasáin sáinnithe isteach ina gcluasa acu. An tÉireannach atá saor ón náire iarchoilíneach – is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach – déarfaidh sé ‘gabh mo leithscéal’ tar éis tamaill; ceist eile ar fad is ea cé acu an gcloisfear é nó nach gcloisfear.

Rud iontach faoi chluasáin ná gur féidir éisteacht le caint nó le ceol gan cur isteach ar dhaoine eile atá in aice leat; is chuige sin a tugadh ar an saol iad. Ar éigean a thuigeann cuid de lucht na gcluasán é sin.

Trasna uaim, tá fear i mbun idirbheartaíochta ar a ghuthán agus praghsanna earraí á bplé aige; fear eile fós, is ag iarraidh bord a chur in áirithe do bheirt i mbialann éigin atá sé. Díreach ar a aghaidh siúd tá duine ag gabháil buíochais lena leannán as a iontaí is atá sé. Comhráite príobháideacha ar shlí amháin nó ar shlí eile, agus iad ar fad ar siúl in éineacht.

Thuigfinn go maith don té a déarfadh ‘éirigh as do chuid seanmóireachta, a chancráin’, ach tá cúis go dtéim siar go Gaillimh le GoBus anois, seachas ar an traein, agus ní costas amháin is cionsiocair leis ach suaimhneas. Tá a thuilleadh daoine ar mo chuma-sa.

‘Cén difear atá idir gutháin agus nuachtáin?’ arsa cara liom atá ar aon fhocal liom ach ar maith leis páirt abhcóide an diabhail a ghlacadh ó am go ham. ‘Nuachtáin a bhíodh ina nglaic ag daoine roimhe seo agus iad ar an mbus nó ar an traein. Ní bhíodh aon chaint acu lena chéile agus ar éigean a d’fhéachaidís ar a chéile. Cén difear atá idir an dá rud ó thaobh na daonnachta agus na cumarsáide?’ ‘N’fheadar’, arsa mise, ‘ach tá difear ann, dá chaolchúisí é. Ach gan an chaolchúis a bhac, níl aon fhuinneamh leictreonach ag teacht ó nuachtáin – ná ceol.’

Mar sin a lean an comhrá ar aghaidh nó gur tharraing mise caint ar thuras a thugas thart timpeall Luxembourg cuid mhaith blianta ó shin. Gnáth-thuras tram timpeall na cathrach a bhí ann; a shuaimhní agus a thaitneamhaí a bhí sé mar thuras an rud a sheas amach domsa. Cén fáth? Mar go raibh cosc ar dhaoine a bhfóin phóca a úsáid ar an tram.

Dá mhéad dár chuir daoine ina aghaidh i dtosach báire, d’éirigh leis an moladh go ruaigfí toitíní as áiteanna áirithe poiblí sa tír seo de bharr go raibh an tsláinte lárnach sa díospóireacht. Dá bhrí sin, is gá na himpleachtaí sláinte a bhaineann le gutháin phóca a phlé agus a mheas go hionraic, mar chuid den díospóireacht ar an teicneolaíocht trí chéile. 

Tar éis na mbeart, tá úsáid na teicneolaíochta anois á ceangal le suaitheadh intinne, ísle brí, easpa codlata agus deacrachtaí léitheoireachta, ní áirím deacrachtaí a bheith ag daoine a n-aird a dhíriú ar aon rud ar feadh i bhfad.

Tá iarrachtaí déanta cheana dul i ngleic le húsáid an ghutháin phóca sa charr; is gá díriú ar an seomra ranga anois, agus ar an bhfearann poiblí i gcoitinne, gan trácht ar dhul i ngleic le ceist chigilteach na cinsireachta agus na bealaí inar féidir idir dhaoine óga agus daoine fásta a chosaint. 

Beidh ceist na gceart agus ceist na saoirse pearsanta lárnach sa díospóireacht – ar an dá thaobh. Ach i ndáiríre, níl sí ach ina tús.

Fág freagra ar 'Duine gan dídean dallta ina phleist ar an talamh – á thaifeadadh lena fón póca a bhí bean óg le m’ais'

  • Carraig

    An-mhaith ráite agat! Más amhlaidh go bhfuil na fóin sin toirmiscthe ar an Gobus is é an bus sin a úsáidfidh mé féin freisin as seo amach.