Duine de mhórGhaeil na hÉireann ar shlí na fírinne agus Nioclás Mac Craith na Rinne tar éis bháis

Airíodh an Craitheach ar an saineolaí is mó a bhí ann ar stair, ar sheanchas, ar chraobhacha ginealaigh, ar litríocht agus ar Ghaodhluinn Ghaeltacht na nDéise

Duine de mhórGhaeil na hÉireann ar shlí na fírinne agus Nioclás Mac Craith na Rinne tar éis bháis

Tá duine de mhórGhaeil na Gaeltachta agus na hÉireann ar shlí na fírinne agus Nioclás Mac Craith ó Rinn Ua gCuanach tar éis bháis. Bhí sé 94 bliain d’aois.

Airíodh an Craitheach ar an saineolaí is mó a bhí ann ar stair, ar sheanchas, ar chraobhacha ginealaigh, ar litríocht agus ar Ghaodhluinn Ghaeltacht na nDéise.

Bhí baint mhór aige ar feadh a shaoil chomh maith le CLG agus le cúrsaí oideachais.

Sa tSean-Chluain i Rinn Ua gCuanach a rugadh Nioclás Mac Craith do Sheán agus do Mháire Mac Craith.

D’fhreastail sé ar Bhunscoil na Rinne, áit a raibh Pilib Ó Foghlú mar phríomhoide agus mar mhúinteoir aige. Chuaigh ar mheánscoil Naomh Abhaistín i nDún na Mainistreach ina dhiaidh sin.

Ar aghaidh leis ansin go dtí Ollscoil Chorcaí, áit ar bhain amach ar dtúis an BA (1945). Gaeilge, Béarla agus Tír Eolas na hábhair bhunchéime aige agus Spáinnis a d’fhoghlaim sé as a stuaim féin agus cead speisialta faighte chuige ón Ollamh Jim Buckley.

Agus é san Ollscoil, thug sé tamall mar Rúnaí agus mar Reachtaire ar an gCuallacht, cumann Gaelach na hOllscoile, agus mar eagarthóir ar Síol, iris de chuid na Cuallachta céanna.

Thuill Mac Craith An tArd-Teastas san Oideachas i 1947. Thug sé a shaol ag múineadh ansin i meánscoileanna éagsúla. Gaeilge, Béarla agus Tír Eolas na hábhair a bhíodh aige.

Thosaigh sé i gCloich na Coillte, Co. Chorcaí, áit a raibh Diarmaid Ó hAirt mar scoláire aige. Thug tréimhse ansin in Ospidéal Ghleann Áine, Co. Luimnigh, agus bhí an Dr. Éamonn Ó hÓgáin, fear na foclóireachta, i measc na ndaltaí aige ansiúd. As sin, chuaigh Nioclás go Meilearaí agus chaith seal ag teagasc ann.

I 1959, d’fhill ar an Rinn mar a raibh ról lárnach aige i mbunú Mheánscoil San Nioclás. Bhí Nioclás ina phríomhoide is ina bhainisteoir uirthi ó 1959 go dtí gur éirigh as i 1986.

Bhí an-spéis ag an gCraitheach i gcúrsaí spóirt riamh anall. Eisean an captaen ar an bhfoireann a bhuaigh Corn Sigerson i 1946, é mar cheann feadhna ar an gcéad chomhfhoireann Ollscoile.

D’imir sé le Ródaithe na Bríce i bPort Láirge ar feadh ceithre bliana is tríocha agus bhuaigh Craobh an Chontae, idir shinsir agus shóisir, leo.

Ghnóthaigh sé Craobh Chontae Phort Láirge san iomáint le trí chlub: Ródaithe na Bríce, Ceapach Choinn agus Éire Óg.

Tharla go raibh Ródaithe na Bríce le bheith ag imirt sna sóisir bliain áirithe ach nach raibh leath den bhfoireann sásta leis sin. Choimeádadar na geansaithe, níor imríodar agus caitheadh amach as an gcomórtas iad.

Bhí fear an phoist, Dick McAllister, ag an am ina chónaí i nDún Garbhán agus d’iarr ar Nioclás imirt le Éire Óg an bhliain úd. Le Mick Joe Ryan agus John Kiely ag imirt leo an bhliain chéanna, bhuadar Craobh Shóisir an Chontae.

Bhí Nioclás ar fhoireann peile Phort Láirge i 1948 nuair a bhuadar Craobh na Mumhan sna sóisir. Ní raibh sé le bheith ar an bpáirc an lá céanna. Tharla go raibh sé féin agus John Kiely sa Lios Mór an lá a rabhadar ag imirt i gcoinne an Chláir. Tháinig Declan Goode amach agus d’iarr ar an mbeirt acu imirt, ós rud é go rabhadar gann beirt.

D’imir Nioclás i lár an ghoirt is d’aimsigh cúl agus seacht gcúilín. Bhuadar Craobh na Mumhan ina dhiaidh sin, ach theip orthu i gcoinne Bhaile Átha Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Níor thánaíodar le chéile idir Craobh na Mumhan agus cluiche leathcheannais na hÉireann toisc gur bhuaigh Port Láirge Craobh Iomána na Mumhan (sna sinsir) agus gur deineadh dearmad ar na peileadóirí.

Bhí Nioclás páirteach i Scór (an taobh de Chumann Lúthchleas Gael a chuireann an cultúr, ina measc an rince, an ceol, an amhránaíocht agus an Ghaeilge chun cinn) thar na blianta agus é lárnach i mbunú Scór i bPort Láirge.

Fairis sin, siar amach sna blianta, ráinig baint mhór a bheith aige le gnóthaí riaracháin Chumann Lúthchleas Gael ar bhealaí difriúla.

Thug sé sealanna ina Chathaoirleach agus a leaschathaoirleach ar Chumann Ródaithe na Bríce, ar Chumann na Rinne (agus é i gceannas nuair a ceannaíodh Páirc Uí Shíocháin), ar Choiste Iarthar Phort Láirge, ar Choiste an Chontae i bPort Láirge, ar Chomhairle na Mumhan, agus dá bhrí sin bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael (1973-77) agus ar Choiste na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí ar Choiste na Páirce a cheannaigh Páirc Uí Fhearachair, Dún Garbhán agus bhí sé ina Rúnaí ar an gCoiste a dhein forbairt ar an bpáirc sin maraon le bheith ina Oifigeach Gaeilge ar Bhord an Chontae.

Bhí a chéile, Bríd, mar chaptaen ar fhoireann Phort Láirge a d’imir i gCraobh na hÉireann sa chamógaíocht i 1945.

Ba leo mar chlann Máire, Cárthach, Nioclás Óg, Bríd, Ríoghnach agus Caoimhe.

Samhlaítear Nioclás Mac Craith le cúraimí eile seachas imeachtaí spóirt.

Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge thar na blianta agus é mar Chathaoirleach ar Mhór-Dháil Gael nuair a reáchtáiltí an tionól seo sa Rinn. Bhí sé lárnach in Oireachtas na Gaeilge agus go háirithe ag tógaint daoine ón gceantar go dtí an teacht le chéile bliantúil sin.

Thiomáin sé Nioclás Tóibín ann sna 1960í, tréimhse inar bhuaigh an Tóibíneach an phríomhdhuais amhránaíochta trí bliana i ndiaidh a chéile. Bhíodh sé de nós acu bualadh isteach go dtí Piaras de Hindeberg roimh ré chun comhairle a fháil faoi na hamhráin ab fhearr don chomórtas.

Bhí an Craitheach mar bhall de Choiste Bainistíochta Choláiste na Rinne, cóngarach do Chnocán an Phaoraigh Uachtarach sa Rinn mar a raibh cónaí air.

B’fhear mór léinn chomh maith é agus é ina eagarthóir ar raidhse leabhar agus cnuasach éagsúla a bhain le pearsana, le saíocht, le stair agus le hoidhreacht na Rinne. Bhí baint mhór aige leis  An Linn Bhuí, irisleabhar bliantúil Ghaeltacht na nDéise.

Beidh Nioclás Mac Craith á thórramh i dTigh Tórraimh Uí Chadhla, Dún Garbhán amárach, Dé Máirt ó 4 p.m. Déarfar an Choróin Mhuire ag 8 p.m. Beidh an tAifreann Coirp ar siúl ag meán lae Dé Céadaoin i Séipéal San Nioclás, An Rinn, agus déanfar é a adhlacadh tar éis an Aifrinn i Reilig na Cille.

Fág freagra ar 'Duine de mhórGhaeil na hÉireann ar shlí na fírinne agus Nioclás Mac Craith na Rinne tar éis bháis'

  • Aine Ni Fhiannusa

    <Leon na nGael ar lár – Ní mór dúinne mar Ghaeil a lorg a leanúint – Go raibh solas na bhFlaitheas agat a shean chara. Is cinnte go mbeidh Gaolainn na nDéise á labhairt thuas ar Neamh i measc na sean cháirde.

  • Criostóir Ó Maonaigh

    Mo bhrón, tá Nioclás Mac Craith, Ard-Sirriam na nDéise, ar shlí na fírinne; ‘sea, ach mairfidh sé inár gcroíthe pé áit ina bhfuilimid, a fhad is a mhairfidh An Ghaolainn féin.

    Criostóir Ó Maonaigh
    Melbourne na hAstráile

  • Cabríní de Barra

    Is cailliúnt mór é Nioclás dá chlann agus do shaol na Gaelainne. A shaol caite & báite i dtaighde ar chanúint na nDéise. An t-uafás eolas bailithe aige agus fágtha ins dhiaidh do na glúinte atá ag teacht. Ach neart imithe leis. Ní bheidh a leithéad arís ann. Ar dheis Dé é.