Duibhneach mná ceaptha ina Grúpcheannasaí Gaeilge ag RTÉ

Iarléiritheoir ar leithéidí an Late Late Show í Niamh Ní Churnáin, bean Ghaeltachta a mbeidh cúram na Gaeilge in RTÉ uirthi feasta

Duibhneach mná ceaptha ina Grúpcheannasaí Gaeilge ag RTÉ

Tá Niamh Ní Churnáin, arb as Gaeltacht Chorca Dhuibhne di, ceaptha ina Grúpcheannasaí Gaeilge ag RTÉ.

Léiritheoir teilifíse sinsearach in RTÉ agus iarléiritheoir sraithe ar The Late Late Show í Ní Churnáin, cainteoir dúchais as Cill Chúile ó dhúchas. 

Tagann sí i gcomharbacht ar Rónán Mac Con Iomaire, an chéad Ghrúpcheannasaí Gaeilge a bhí ag RTÉ agus atá anois ina Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga in Údarás na Gaeltachta.

I measc na saothar is mó a raibh baint aici leo, bhí sí ina léiritheoir ar chlúdach teilifíse RTÉ ar chuairt an Phápa anuraidh agus ba í chomh maith a léirigh an seó Centenary mar chuid de chomóradh RTÉ ar Éirí Amach 1916.

Céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í a thosaigh amach in RTÉ i rannóg na gclár Gaeilge ar an tsraith Léargas mar ar fhoghlaim sí a ceird ó leithéidí Pat Butler.

Beidh cláracha teilifíse Gaeilge an chraoltóra náisiúnta faoina cúram agus beidh freagracht uirthi leis maidir le plean Gaeilge an chraoltóra a chur i bhfeidhm. Beidh freagracht Raidió na Gaeltachta uirthi chomh maith.

Dúirt sí go raibh sí ag súil go mór lena post nua.

“Is mór an phribhléid agus an onóir dom a bheith ceaptha i mo Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ.

“Táim ag tnúth go mór le bualadh agus le hoibriú leis na foirne díograiseacha mórthimpeall na tíre – sa Ghaillimh, i gCiarraí i nDún na nGall agus i mBaile Átha Cliath. Táim ag súil chomh maith le comhpháirtíochtaí nua a bhunú agus treisiú orthu siúd atá bunaithe go dtí seo chun ábhar tarraingteach, fuinniúil, mealltach a chur ar fáil do lucht féachana na hÉireann.  Táim ag súil go mór le tosú!”

Dúirt Niamh O’Connor, Leas-Stiúrthóir Ábhair RTÉ, gurb í Ní Churnáin “an duine ceart” don phost. 

“Tá bunábhar Gaeilge tarraingteach agus ar ardchaighdeán i gcroílár gach a ndéanaimid in RTÉ. De bharr taithí mhór léiriúcháin agus eagarthóireachta a bheith ag Niamh le RTÉ, an tuiscint atá aici ar ár lucht féachana agus éisteachta agus an tsuim atá aici i gcultúr na Gaeilge, níl aon amhras ach gurb í Niamh an duine ceart le dul i mbun na chéad chéime eile d’fhorbairt ábhar Gaeilge ar fud sheirbhísí RTÉ.“

Beidh dúshláin go leor roimh Ní Churnáin, tráth a bhfuil amhras léirithe ag RTÉ féin faoina ndualgas i leith na Gaeilge a bheith á chomhlíonadh acu.

D’admhaigh Bainisteoir Ábhar RTÉ Jim Jennings anuraidh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag RTÉ agus nach bhfuil an sainchúram atá orthu ó thaobh na Gaeilge á dhéanamh mar ba chóir acu.

Dúradh i dtuarascáil de chuid an EBU anuraidh go raibh RTÉ ag dul thar fóir maidir lena chuspóirí ó thaobh na Gaeilge ach b’amhlaidh gurbh údar iontais agus uafáis an maíomh sin d’idir pholaiteoirí, shaineolaithe sna meáin agus Ghrúpcheannasaí Gaeilge RTÉ féin.

Fág freagra ar 'Duibhneach mná ceaptha ina Grúpcheannasaí Gaeilge ag RTÉ'

  • Bibi

    Comhghairdeachas a Niamh. Go deimhin is tú an duine is oiriúnaí do phost dá leithéid.

  • Éamonn Ó Gribín

    Cé atá ceaptha acu don Bhéarla?!