‘Dub’ dílis Ráth Chairn ceaptha mar an chéad Oifigeach Gaeilge riamh ag CLG

Tá Jamie Ó Tuama, Gael aitheanta as Baile Átha Cliath atá ina chónaí le fada i nGaeltacht na Mí, ceaptha mar Oifigeach Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael

‘Dub’ dílis Ráth Chairn ceaptha mar an chéad Oifigeach Gaeilge riamh ag CLG

Tá Jamie Ó Tuama, Baile Átha Cliathach atá ina chónaí i nGaeltacht na Mí ceaptha ina Oifigeach Gaeilge le Cumann Lúthchleas Gael.

Is é seo an chéad uair go mbeidh duine ceaptha go lánaimseartha ag CLG chun ‘clár leathan forbartha don Ghaeilge a chur chun cinn’.

Bhí Ó Tuama ag obair mar fheidhmeannach le Gael Linn le 11 bliain anuas agus aithne mhór air fud fad na tíre mar gheall ar an mbaint mhór a bhí aige le díospóireachtaí scoileanna na heagraíochtaí.

Fear mór teanga agus CLG é Ó Tuama agus cé go bhfuil sé anois ina bhall de chumann Dhún Doire i gcontae na Mí is leantóir dílis de chuid Átha Cliath é a mbíonn blag beoga á scríobh aige faoi pheileadóirí agus iománaithe a chontae dúchais, Na Dubs Abú.

Tá cónaí ar Ó Tuama, a bhean Úna Ní Chonaire, arb as Carna i gConamara di, agus a gclann i Laimbé i nGaeltacht Ráth Chairn.

D’fhógair iar-uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail mí Feabhra na bliana seo go raibh post nua mar Oifigeach Gaeilge á chruthú ag CLG.

Post lánaimseartha atá i gceist agus beidh an té a cheapfar lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh. Beidh an t-oifigeach freagrach ar bhonn laethúil do Stiúrthóir Cumarsáide CLG, Alan Mac Maoldúin.

Beidh Jamie Ó Tuama freagrach as clár leathan a chur chun cinn “a fhorbróidh úsáid agus feiceálacht na Gaeilge sa Chumann”.

Beidh sé ina rúnaí ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge agus ar Choiste Scór chomh maith.

I measc na spriocanna atá luaite leis an bpost tá CLG ag iarraidh go gcothófaí an Ghaeilge ar ardáin chumarsáide an Chumainn; go gcuirfí béim ar úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta agus i measc na hóige agus go spreagfaí úsáid na Gaeilge i measc na mball agus na gclubanna ar fud na tíre.

Fág freagra ar '‘Dub’ dílis Ráth Chairn ceaptha mar an chéad Oifigeach Gaeilge riamh ag CLG'

  • Gearóid Ó Mórdha

    Gaeil den scoth é Jamie! Gach rath air sa phost nua leis an CLG.