Duais Nobel na Fisice faighte ag bean den chéad uair ó 1963

Fógraíodh ar maidin go bhfuil duais Nobel na Fisice 2018 buaite ag Arthur Askin, Gérard Mourou agus Donna Strickland as a gcuid taighde faoi léasair agus úsáid léasar

Duais Nobel na Fisice faighte ag bean den chéad uair ó 1963

Tá duais Nobel na Fisice buaite ag triúr fisiceoirí as ucht a gcuid taighde faoi léasair agus úsáid léasar.

Is iad an triúr a fógraíodh mar bhuaiteoirí na duaise i Stócólm maidin inniu ná Arthur Askin, Gérard Mourou agus Donna Strickland, an chéad bhean a fuair duais Nobel na Fisice ó 1963.

Tá léasair mar bhun le go leor den teicneolaíocht a bhíonn in úsáid sa lá atá inniu ann, i réimse an leighis, mar shampla.  Aitheantas is ea an duais seo do na fionnachtana a rinne an triúr sa réimse seo.

D’fhorbair Arthur Askin, a fuair leath na duaise, an pionsúirín léasair sna 1980idí. Úsáidtear na gléasanna seo chun fórsaí beaga a thomhas. Thomhais Askin agus comhghleacaithe s’aige na fórsaí a bhogann baictéir agus víris thart ar chill.  Sular forbraíodh an pionsúirín léasair níorbh eol cérbh iad na fórsaí a bhí taobh thiar de na baictéir agus na víris a bheith ag bogadh.

Shaothraigh Donna Strickland agus Gérard Mourou, ar bronnadh an leath eile den duais orthu, chun léasar a fhorbairt le bíoga ardfhuinnimh. Bíonn gnáthléasair ag astú fuinnimh ag an leibhéal céanna an t-am ar fad, cé go bhfuil sé áisiúil amanna go mbeadh níos mó fuinnimh ar fáil iontu. Rinne Strickland agus Mourou cuid mhór den taighde taobh thiar d’fhorbairt na léasar le bíoga ardfhuinnimh, léasair a n-úsáidtear iad le linn obráidí chun gearrthacha cruinne a dhéanamh.  Sa lá atá inniu ann, úsáidtear na léasair chomh maith chun obráidí súl a dhéanamh, agus is iad na léasair seo a fhágann go mbíonn an obráid súl chomh cruinn is atá.

Is í Donna Strickland an tríú bean a bhain duais Nobel na Fisice. Bronnadh an duais chéanna ar bhean go deireanach i 1963 nuair a fuair Maria Goeppert Mayer an duais as fionnachtana faoi phrótóin agus neodrón thart ar núicléas an adaimh.

Fág freagra ar 'Duais Nobel na Fisice faighte ag bean den chéad uair ó 1963'