Duais Eorpach buaite ag leaganacha Béarla de scéalta ficsean eolaíochta Gaeilge

Deir Jack Fennell nach raibh aon rogha aige ach scéalta Gaeilge a roghnú dá chnuasach má bhí sé le léargas cruinn a thabhairt ar an bhficsean eolaíochta in Éirinn

Duais Eorpach buaite ag leaganacha Béarla de scéalta ficsean eolaíochta Gaeilge

Leaganacha nua Béarla de scéalta ficsean eolaíochta Gaeilge a ghnóthaigh an duais don aistriúchán ag  Gradaim Eorpacha an Fhicsin Eolaíochta 2022 le deireanaí. (2022 European Science Fiction Awards).

An t-údar agus aistritheoir as contae Luimnigh Jack Fennell a thug leis an gradam don aistritheoir is fearr, dea-scéal a bhain geit as.

“Tá meascán de ghliondar agus iontas orm – ní raibh fhios agam go raibh mé ainmnithe fiú!” ar sé. “Fuair mé teachtaireacht ar Twitter le grianghraf den ghradam agus cúpla focal ag déanamh comhghairdeas liom, agus cúpla nóiméad tar éis sin, tháinig an fógra oifigiúil – maidin eachtrúil, tríd is tríd.”

Roghnaigh Fennell na gearrscéalta Gaeilge do A Brilliant Void, an cnuasach ficsean eolaíochta Éireannach a chuir sé in eagar cúpla bliain ó shin (Tramp Press a d’fhoilsigh). Ba iad na scéalta Gaeilge a d’aistrigh sé go Béarla don chnuasach ‘An Cianadóir’ le Tarlach Ó hUid (1946), ‘Aisling’ le Art Ó Riain (1927), agus ‘An Deoraí’ le Cathal Ó Sándair (1960).

Deir sé nach raibh aon rogha aige ach scéalta Gaeilge a chur sa chnuasach má bhí sé le léargas cruinn iomlán a thabhairt ar an bhficsean eolaíochta in Éirinn.

“Chuir mé romham bailiúchán ionadaíoch a chruthú leis an leabhar sin, agus mar sin, ní raibh mé in ann neamhaird a thabhairt ar théacsanna Gaeilge. Tar éis sin bhí orm na scéalta sin a aistriú.” Ar thóg sé i bhfad iad a aistriú? “Thóg. Idir an caighdeánú, litriú leasaithe, agus an cló uingeach, ó am go chéile bhí sé deacair an sean-ábhar a thuiscint – gan trácht ar na focail chumtha a bhíonn san fhicsean eolaíochta.” Is scríbhneoir agus údar é Jack freisin. An fearr leis a bheith ag scríobh nó ag aistriú?

“Is breá liom a bheith ag scríobh, gan amhras, agus mo chruthaitheacht féin a shásamh, ach taitníonn an t-aistriúchán liom freisin: tá sé cosúil é le meascán den eagarthóireacht, de bheith ag iarraidh tomhas a réiteach (is andúileach kakuro mé), agus den chumadóireacht.”

Cén uair ar chuir sé suim sa bhficsean eolaíochta ar dtús? “Ní cuimhin liom aon chúis amháin le mo suim i bhficsean eolaíochta, ach nuair a bhí mé óg, bhí leabhair éagsúla sa teach faoi bhéaloideas, scéalta taibhsí, agus arrachtaí finscéalaíochta; nuair a tháinig Star Trek níos déanaí, bhí an bhunchloch leagtha – breathnóidh mé ar aon rud ina bhfuil eachtraí aisteacha.”

Deir sé gur féidir inspioráid a fháil aon áit ach “fáilte a bheith roimpi”.  “Faigheann mé smaointe ón nuacht, brionglóidí, nithe a fheicim agus mé amuigh ag siúl agus mar sin. Is matán í an tsamhlaíocht – dá mhéad a thugann tú aclaíocht di is ea is mó a neartaítear í.”

An bhfuil sé ag obair ar aon rud eile faoi láthair?

“Táim ag bailiú gearrscéalta arís – scéalta uafáis an babhta seo –  do leabhar nua, agus ar ndóigh beidh cúpla aistriúchán san áireamh nuair a fhoilseofar é. Foilseofar roinnt de mo gearrscéalta féin i mbliana freisin, agus tá cúpla píosa acadúil le críochnú … B’fhéidir go mbeidh sos agam am éigin timpeall na Nollag!”

Tá gearrscéalta eile a d’aistrigh Jack Fennell le fáil sa bhailiúchán nua scéalta fantaisíochta It Rose Up agus sa leabhar The Short Fiction of Flann O’Brien.

Fág freagra ar 'Duais Eorpach buaite ag leaganacha Béarla de scéalta ficsean eolaíochta Gaeilge'

  • Fearn

    Tá súil agam go mbeidh fáil ar na leaganacha Gaeilge go luath más fiú a scáth Béarla duais.