Duais €100 á tairiscint ag Ó Cuív don chéad duine a chuirfidh Béarla ar ‘Google-Gaeilge’

Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go bhfuil sé ag iarraidh aird a tharraingt ar úsáid ‘Google-Gaeilge’ agus ar an ngéarghá atá le láraonad aistriúcháin a bhunú don chóras poiblí

Duais €100 á tairiscint ag Ó Cuív don chéad duine a chuirfidh Béarla ar ‘Google-Gaeilge’

Tá ráite ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, go mbronnfaidh sé duais €100 ar an gcéad duine a n-éireoidh leis an Béarla ‘ceart’ a chur ar dhá fhocal Gaeilge atá le feiceáil ar chomhartha poiblí i mBaile Átha Cliath.

Dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie go raibh an duais á tairiscint aige chun aird a tharraingt ar fheiniméan an ‘Google-Gaeilge’ agus an “drochmheas”, dar leis, atá á léiriú ag comhlachtaí poiblí ar an teanga.

Is iad an dá fhocal atá Ó Cuív ag iarraidh go gcuirfí Béarla orthu ná ‘síníocht measúla’. Tá an Béarla ónar aistríodh an dá fhocal le feiceáil chomh maith ar an gcomhartha atá i gceist.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur léiriú eile an comhartha áirithe seo i mBaile Átha Cliath ar an ngéarghá atá le láraonad aistriúcháin a bhunú don chóras poiblí trí chéile i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha.

Tá geallta sa Straitéis 20 Bliain na Gaeilge go mbunófar ‘seirbhís chomhroinnte aistriúcháin chun freastal ar riachtanais ranna rialtais’.

Dúirt Ó Cuív gur bhunaigh sé féin a láraonad aistriúcháin in 2009 le linn dó bheith ina aire, agus dar leis gur géire a theastaíonn sé “anois ná riamh”.

Is ag aistriú rialacháin agus ionstraimí reachtúla den chuid is mó a bhíodh an lárionad aistriúcháin a bhíodh i Roinn na Gaeltachta cheana, ach bhain aighneas leis an ionad sin ó thús i bhfianaise an ról a bhí ag Rannóg an Aistriúcháin sa chúram sin cheana agus dúnadh an t-ionad nua in 2011.

Ag deireadh na bliana 2014 aontaíodh ag cruinniú den Ghrúpa Idir-Rannach atá ag plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go nglacfaí le moltaí agus tuairimí na ranna rialtais ar fad i leith seirbhís chomhroinnte aistriúcháin do na ranna stáit.

De réir eolas a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2015, bhí plé leanúnach ag dul ar aghaidh ag an tráth sin faoi sheirbhís lárnach aistriúcháin a bhunú.

D’iarr an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta moltaí ar ionadaithe na Ranna eile agus chuir na ranna na moltaí ar ais chuig Roinn na Gaeltachta. Bhí na moltaí ceilte sna cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ó Roinn na Gaeltachta faoina bhfuil i ndán don gheallúint go mbunófaí seirbhís chomhroinnte aistriúcháin.

Fág freagra ar 'Duais €100 á tairiscint ag Ó Cuív don chéad duine a chuirfidh Béarla ar ‘Google-Gaeilge’'

  • Gabriel Rosenstock

    Nach raibh ‘aistriúcháinis’ á plé ar Tuairisc.ie le déanaí? Déanfaidh sé sin cúis.
    Bheadh Gúiglis intuigthe leis. Briathar: Gúglaím. (Níl ann ach gogal ar aon nós)

  • Mairéad

    Feenafawlgaelish.

  • file

    Sílim gur drochiarracht ar ‘proposed extension’ atá sa ‘síníocht measúla’ sin.