Duais do dhalta cróga as Coláiste Feirste a thuill an marc is airde sa scrúdú Gaeilge GCSE in ainneoin ailse a bheith air

Dúirt Príomhoide Choláiste Feirste Micheál Mac Giolla Ghunna gur buachaill an-chróga é Stephen nár lig dá thinneas bac ar bith a chur lena chuid foghlama

Duais do dhalta cróga as Coláiste Feirste a thuill an marc is airde sa scrúdú Gaeilge GCSE in ainneoin ailse a bheith air

Stephen Brady McGlynn le Justin Edwards, Príomhfheidhmeannach an CCEA, Coimisiún na Scrúduithe Stáit ó thuaidh. Pictiúr: Mal McCann

Bronnadh duais le déanaí ar dhalta óg as Coláiste Feirste a thuill an marc is airde sa scrúdú GCSE Irish, scrúdú a rinne sé agus ailse air.

Bhí Stephen Mac Brádaigh-Mag Fhinn, atá 13 bliain d’aois, ar dhuine de bheirt daltaí ó Choláiste Feirste, a bhain an marc is airde amach sa tuaisceart sa scrúdú ‘GCSE Irish’ mí na Bealtaine seo caite.

Bhí Stephen, arb as an Lag Mór in iarthar Bhéal Feiste é, sa dara bliain ar Choláiste Feirste nuair a thug sé faoin scrúdú agus é ag troid in aghaidh na hailse.

Ag labhairt dó ag an searmanas bronnta gradam, dúirt Príomhoide Choláiste Feirste Micheál Mac Giolla Ghunna gur buachaill “an-chróga” é Stephen nár lig dá thinneas “bac ar bith a chur lena fhoghlaim”.

“In amanna sa saol ní oibríonn rudaí amach mar ba mhaith linn. In amanna bíonn fadhbanna againn. Ach níor chóir dúinn éirí as, caithfidh muid leanstan ar aghaidh go cróga mar a leanann Stephen agus ár ndícheall a dhéanamh arís agus arís agus arís,” a dúirt sé.

Dúirt Príomhoide Choláiste Feirste go raibh pobal na scoile ar fad “thar a bheith bródúil as Stephen” ní hamháin mar gheall ar na torthaí iontacha a fuair sé ach toisc gur buachaill “dícheallach, díograiseach, cróga” é a léirigh dea-shampla do chách.

In 2016 a thángthas ar shiad inchinne, ar a dtugtar Craniopharyngioma, ar an chainteoir óg Gaeilge, agus é i rang a seacht ar an bhunscoil.

Cé go ndeachaigh sé faoi scian, d’fhás an siad in athuair agus b’éigean dó  obráid eile a bheith aige.

Cuireadh cúram leighis ar Stephen in ospidéal leanaí Alder Hey i Learpholl agus chaill sé cuid mhaith laethanta scoile, ina measc ócáid bronnta gradam an CCEA a thugann aitheantas do dhalta sa tuaisceart a thuilleann na marcanna is airde sna hábhair éagsúla.

Mhínigh cúntóir ranga i gColáiste Feirste Eimear Nic Roibeaird do lucht an CCEA nach raibh Stephen in ann a bheith i láthair toisc cúram leighis a bheith á fháil aige i Sasana agus bheartaigh an CCEA ócáid eile a reáchtáil chun aitheantas a thabhairt d’éacht Stephen.

Is é Justin Edwards, Príomhfheidhmeannach an CCEA, Coimisiún na Scrúduithe Stáit ó thuaidh, a bhronn an duais ar Stephen ag searmanas a reáchtáladh i gColáiste Feirste ar Lá Domhanda na hAilse.

Fág freagra ar 'Duais do dhalta cróga as Coláiste Feirste a thuill an marc is airde sa scrúdú Gaeilge GCSE in ainneoin ailse a bheith air'