Droim láimhe tugtha le ‘Droichead aeir do theifigh’

D’fhéadfaí céim mhór a thabhairt i dtreo ghéarchéim na dteifeach a réiteach ach cluas le héisteacht a thabhairt don mholadh atá déanta ‘droichead aeir’ a bhunú. Faraor níor tharla sin, a deir ár gcolúnaí

Sasko Lazarov/Rollingsnews.ie
Sasko Lazarov/Rollingsnews.ie

Alleluia! Moladh ciallmhar, praiticiúil maidir le géarchéim na dteifeach ó bhéal duine de cheannairí polaitiúla na hEorpa!

Faraor géar nár glacadh leis.

Déardaoin, d’fhoilsigh ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre san Ísiltír, Diederik Samsom, plean cuimsitheach do ‘dhroichead aeir’ a thabharfadh ‘ar a laghad ceithre chéad teifeach sa lá’ ón Tuirc go dtí an tAontas Eorpach.

Is í an Ísiltír atá ina huachtarán ar Chomhairle na hEorpa faoi láthair agus tá freagracht ar leith uirthi ceannasaíocht a thógáil in iarrachtaí an Aontais Eorpaigh agus iad ag dul i ngleic le géarchéim na dteifeach.

Dé Luain beag seo, beidh an ghéarchéim sin á plé ag an Aontas Eorpach agus ag an Tuirc ag cruinniú mullaigh sa Bhruiséil. Bhí súil ag Diederik Samsom – a bhfuil a pháirtí ina chuid den chomhrialtas atá i gcumhacht san Ísiltír – go gcuirfeadh príomhaire na tíre, Mark Rutte, a phlean chun cinn le linn chruinnithe mhullaigh sin.

Níos déanaí Déardaoin, áfach, dhiúltaigh rialtas na hÍsiltíre, cuid mhór de Pháirtí an Luch Oibre féin san áireamh, do phlean Samsom.

Ba mhór an trua sin. Dá gcuirfeadh an tAontas Eorpach a leithéid de dhroichead aeir i bhfeidhm, d’fhéadfaí, feictear dom, an chéad chéim dhearfach, phraiticiúil a thabhairt i dtreo réitigh ar ghéarchéim na dteifeach.

Bhí súil ag Samsom, sa chás go laghdódh an tAontas Eorpach brú na dteifeach ar an Tuirc le ‘droichead aeir’, go rachadh an Tuirc i ngleic leis na gáinneálaithe daoine a thugann teifigh go dtí an Ghréig i mbáidíní contúirteacha, agus go sábhálfaí beatha líon mór daoine ar an gcaoi sin.

Ar ndóigh is beag bídeach an méid é an ‘ceithre chéad teifeach in aghaidh an lae’ a bhí á mholadh ag Samsom nuair a chuimhníonn duine go bhfuil os cionn 2.6 milliún teifeach as an tSiria sa Tuirc, ach is dócha nach mbeadh baol ar bith go nglacfadh muintir scanraithe na hEorpa le moladh dá leithéid dá luafaí líon níos airde daoine leis.

Buntaiste amháin a bhainfeadh, dar liom, leis an bplean a bhí ag Samsom ná go dtabharfadh droichead aeir dá leithéid bealach do na teifigh dul caol díreach chuig an dornán tíortha in iarthar agus i dtuaisceart na hEorpa atá toilteanach glacadh leo, thar chloigne agus thar fháil leictreacha na dtíortha sin in oirthear agus i lár na hEorpa a bhfuil dearmad déanta acu gur theifigh a bhí i gcuid mhór dá bpobail féin tráth.

Ach an buntáiste is mó a bhainfeadh le droichead aeir dá leithéid ná go bhféadfaí na teifigh a dháileadh ar thíortha atá sásta glacadh leo ar bhealach eagraithe, sciobtha agus díniteach, rud a chabhródh go mór le hinimircigh imeascadh go tapa i sochaí na hEorpa.

Tá ‘droichead aeir’ Samsom curtha de dhroim seoil go fóilleach. Ach feictear dom go bhfuil an lá ag druidim linn nach mbeidh rogha ag an Eoraip ach tabhairt faoina leithéid go tobann, agus gan phleanáil, chun mórthragóid thubaisteach a sheachaint.

Nach mór an trua é nach bhfuil an toil pholaitiúil ann anois chun a leithéid a chur i bhfeidhm ar bhealach eagraithe.

Fág freagra ar 'Droim láimhe tugtha le ‘Droichead aeir do theifigh’'