Drochiompar ag baint de loinnir ár gcluichí iontacha

Tá an t-uafás cluichí ar siúl ar fud na tíre agus an t-uafás pléisiúir á fháil ag meantóirí, imreoirí agus tacadóirí ach tá cúrsaí smachta ó smacht

Drochiompar ag baint de loinnir ár gcluichí iontacha

Ta craobhacha na gclubanna fós faoi lán seoil agus leantóirí ag baint an-taitneamh as a bheith ábalta freastal ar chluichí. Agus timpeall na tíre tá gaiscí stairiúla á ndéanamh agus clubanna ag buachan cluichí móra den chéad uair riamh nó den chéad uair le tamall. Gan dabht tá clubanna in áiteanna ag buachan na gcorn céanna a mbíonn sé de nós acu iad a bhuachan go minic.

Ó thuaidh tá cumann Shleacht Néill ina ríthe arís agus iad i ndiaidh an deichiú craobh iomána as a chéile a thabhairt leo an Domhnach seo caite agus iad i bhfad róláidir do Chumann Chaoimhín Uí Loingsigh. B’in an ceathrú craobh i ndiaidh a chéile a chaill na Loingsigh. Bhíodar cúilín chun tosaigh ag leath ama ach chríochnaigh Sleacht Néill an-láidir agus chuireadar 2-7 ar chlár na scór sa cheathrú dheireanach, tréimhse nár éirigh lena bhfreasúra aon scóir a fháil. Ba lá thar a bheith stairiúil é go speisialta do thriúr ón gclub a bhí ag imirt le peileadóirí an chontae a bhuaigh craobh Uladh i mbliana agus atá ainmnithe ar an ghearrliosta do ghradaim All Star peile – Chrissy McKaigue, Brendan Rogers agus Shane McGuigan.

Agus iad ina seaimpíní Uladh anuraidh thugadar an-chluiche do Bhaile Gunnair i gcluiche leathcheannais na hÉireann, taispeántas a léirigh an mianach, an scil agus an spiorad atá sa chlub iontach seo. Ach is beag sos atá á fháil ag cuid mhaith de na himreoirí mar beidh siad ag dul chun páirce arís níos déanaí inniu i gcluiche leathcheannais an chontae sa pheil.

Nach iontach an club iad san iománaíocht, sa pheil agus sa chamógaíocht?

I gContae Chill Dara tá a gcuid staire féin á cruthú ag Cumann Nás na Rí agus iad ag bailiú corn sinsir don cheathrú bliain as a chéile i gcoinne Mhaigh Nuad. Dar ndóigh imríonn seaimpíní an chontae i gcraobh idirmheánach Laighean agus na hÉireann agus is iad an Nás na Rí céanna a bhuaigh craobh na tíre níos luaithe i mbliana.

Más féidir le Sleacht Néill an dá thrá a fhreastal is féidir leis an Nás é a dhéanamh freisin agus iad ag tabhairt faoi Chlaonadh sa chluiche ceannais peile chun an corn a bhuadar anuraidh a chosaint.

I dTiobraid Árann theip ar iarracht Luachma-Caisleán Laighnigh an dá chorn contae a thabhairt leo arís i mbliana nuair a buadh orthu seachtain ó shin. Bhí trí chúilín le spáráil ag an deireadh ag Drom-an Inse agus iadsan i gcoinne Chill an Daingin sa chluiche leathcheannais. Ach tá An Teampall Uachtarach-An Drom Bán fós san iomaíocht sa dá chód agus iad sa dá chluiche leathcheannais mar atá mo chlub féin Cumann Barra i gCorcaigh agus iad cáilithe don chluiche ceannais iománaíochta agus an cluiche leathcheannais peile, a bheidh ar siúl amárach. In Áth Cliath tá Crócaigh Chill Mochuda, Baile Buadáin agus na Fianna fós slán sa dá chód mar atá Éire Óg sa Chlár agus Ráth Tó i gcontae na Mí.

Tá an t-uafás cluichí ar siúl ar fud na tíre agus an t-uafás pléisiúir á fháil ag meantóirí, imreoirí agus tacadóirí ach tá cúrsaí smachta agus easpa smachta ag fáil cuid de na ceannlínte le cúpla seachtain agus eachtraí atá neamhspórtúil agus dainséarach ag teacht chun solais timpeall na tíre. Thosnaigh an nuacht seo le scéal arbh é a chríoch réiteoir a bheith tugtha chuig ospidéal i ndiaidh eachtra a tharla i gcontae Ros Comáin ag cluiche mionúir peile. Ansin tháinig scéal faoi eachtra eile i gcontae Mhaigh Eo ag cluiche mionúir peile. Ar an Domhnach seo caite bhí tuairisc faoi eachtra a deirtear a tharla inar buaileadh réiteoir ag cluiche sóisir peile i gcontae Loch Garman. Tharla eachtra eile i gCiarraí ag cluiche peile faoi 15, cluiche nár críochnaíodh.

Caithfidh CLG agus na boird chontae i ngach uile chontae déileáil leis an ngalar seo mar tá an iomad de ag tarlúint timpeall na tíre. Tá easpa measa ar réiteoirí ó roinnt daoine ins gach club agus ceapaim nach bhfuil meas ceart á léiriú ag an CLG do réiteoirí i gcoitinne. Tá sé in am athruithe a dhéanamh go forleathan.

Fág freagra ar 'Drochiompar ag baint de loinnir ár gcluichí iontacha'